mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2005 (Irish Only) » Aghaidh Íosa Chríost i bhfód móna « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Liz
Member
Username: Liz

Post Number: 30
Registered: 07-2005


Posted on Friday, November 11, 2005 - 07:45 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Chonaic fear aghaidh Íosa i bhfód móna agus, thar éis sin, tháinig an t-ádh dearg air. Bhíodh sé bocht, uaigneach, tinn sular bhfaca sé an fód iontach sa tine. Thóg sé aníos é. Anois, tá airgead, post, sláinte mhaith is cailín aige.
Thairg sé an fód ar ebay aréir. Ní thuigim cén fáth; má scarann sé leis an bhfód míorúilteach, nach mbeadh sé bocht arís??

Tá cónaí ar an bhfear i nGaillimh. An bhfuil aithne ag duine ar bith air?


http://cgi.ebay.com/CHRIST-IN-A-PIECE-OF-TURF_W0QQitemZ6225381820QQcategoryZ1447 QQrdZ1QQcmdZViewItem

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 994
Registered: 01-2005
Posted on Saturday, November 12, 2005 - 06:50 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Is aistíoch an Críost sin. Chan fheictear ann ach aghaidh agus gruaig fhada... Cad chuige nárbh í ’n Mhaighdean a bheadh ann, nó cibé ar bith?

Tír Chonaill abú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 585
Registered: 02-2005


Posted on Saturday, November 12, 2005 - 11:10 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Is fearr liom an ceann seo, Íosa i gcrann sceach i ngairdín Sasanach:

http://news.bbc.co.uk/2/hi/uk_news/england/southern_counties/4161112.stm

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 588
Registered: 02-2005


Posted on Saturday, November 12, 2005 - 12:04 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Is léir nach bhfuil san fhód sin ach hoax (hócs?). Ach is léir freisin go gcuireann daoine an-spéis in íomhánna a fhaigheann siad i rudaí nádúrtha: ainmhithe sna scamaill, cuir i gcás, nó aghaidh Mhuire ar cheapaire tóstáilte. Tá cáil ar na hIndiaigh Zuñi as na feitisí --ainmhithe beaga -- a snoíonn siad as cloch. Creidtear fós go mbíonn cumhacht ar leith i gcloch a bhfuil cruth an ainmhí cheana féin uirthi, nach bhfuil aon obair bhreise, nó díreach gearradh nó dhó, ag teastáil leis an mbéar, broc, etc. a fheiceáil.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dalta
Unregistered guest
Posted on Saturday, November 12, 2005 - 12:06 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

In ainm Croim, na hamadáin chearta.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 589
Registered: 02-2005


Posted on Saturday, November 12, 2005 - 12:14 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Bhfuil an Crom seo le feiceáil in áit ar bith? Íomhá de i mbabhla leite, mar shampla?

(Message edited by dennis on November 12, 2005)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 591
Registered: 02-2005


Posted on Saturday, November 12, 2005 - 04:01 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Agus seo agaibh aghaidh an drochruda i ndeatach (rud nach féidir a dhíol ar eBay):

http://www.texemarrs.com/102001/face_of_devil.htm

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dalta
Unregistered guest
Posted on Sunday, November 13, 2005 - 09:35 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Dhoirt mé roinnt uisce an lá eile agus chonaic mé aghaidh mo mhadra ann. Tar éis bhíodh an t-ádh dearg agam, seachas na huaireanta a bhíodh míadh agam.

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge