Scéal a chuala mé aréir ó
Pheadar Ó Colmáin Chuaigh leaid óg ó Tír Chonaill chun stáidéir i mBÁC. Tar éis tamaill scríobh sé abhaile go raibh ag éirí thar cinn leis, go raibh duine faighte aige chun arásán a roinnt leis, agus go raibh gach rud seoigh.
Shocraigh a mháthair ar scuaird aníos a thabhairt.
Bhí go maith, agus ní raibh go holc. Bhí an arásan neata, glan. Bhí an cuma ar an scéil go raibh a chuid oibre á dhéanamh aige. Ach baineadh siar as a mháthair nuair a chonaic sí an té a raibh sé ag roinnt ar arásán lei - bean óg dathúil, gleasta go mealltach.
Ach chuir a mac ar a suaimhneas í, ag rá nach raibh dada eatharthu, gur chodail sise thuas, agus eisean thíos. Bhí go maith, agus ní raibh go holc. D'fhill an mhatháir abhaile.
Roinnt laethanta ina dhiadh, bhí an bean óg ag clamhsán go raibh spúnóg airgead ar iarradh ó bhí a mháthair ar cuairt acu.
Scríobh an leaid óg abhaile:
"Nílim ag rá gur ghoid tú é. Nílim ach ag rá go bhfuil sé in easnamh ó bhí tú anseo..."
D'fhreagair a mháthair:
"Nílim ag rá go bhfuil sibh a buaileadh craiceann. Nílim ach ag rá go mbeadh an spúnóg faighte i bhfad ó shin aici, dá mba ina leaba féin a rinne sí codladh..."