Author |
Message |
Máirín
Member Username: Máirín
Post Number: 17 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, November 08, 2005 - 08:32 pm: |
|
Conas a déarfá sweet sixteen as Gaeilge? Lá breithe sé deag milis nó binn? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 567 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, November 08, 2005 - 10:03 pm: |
|
An d'aon turas a scríobh tú "Sweet Sexteen mar ainm na téide seo, a Mháirín? Pé scéal é, maidir le do cheist, ní déarfainn "binn" sa chás seo, ós ionann é agus "sweet-sounding, melodious". Is é sin, úsáidtear de ghnáth é más guth nó ceol nó fuaim eile atá i gceist. (Message edited by dennis on November 08, 2005) |
|
Máirín
Member Username: Máirín
Post Number: 18 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, November 08, 2005 - 11:21 pm: |
|
Bhí sé typo. Na bí dona,Dennis.GRMA |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2451 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, November 09, 2005 - 04:11 am: |
|
Hmm. Beidh mise dána freisin "Typo a bhí ann. Ná bí dána, Dennis" Ní eol dom aon leagan dúchasach ar sweet 16. Tá an ciall "soineanta" leis, nach bhfuil? Caithfidh mé súil ar na dea leabhair. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2452 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, November 09, 2005 - 04:16 am: |
|
Céard faoi: "sé déag séimh"? |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 986 Registered: 01-2005
| Posted on Wednesday, November 09, 2005 - 04:34 am: |
|
"Séú lá breithe déag séimh" ab fhearr, dar liom. Tír Chonaill abú!
|
|
Máirín
Member Username: Máirín
Post Number: 19 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, November 09, 2005 - 10:59 am: |
|
GRMA gach uile dhuile! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 568 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, November 09, 2005 - 11:31 am: |
|
"Séimh"? Tá sé sin i bhfad ró-phlacid! Saghas mini-debuntante ball a bhíonn i gceist go minic: cóisir mhór chostasach a chuireann an bhean óg i lár an aonaigh. Séimh? Ní dóigh liom é! |
|
Maidhc_Ó_g
Member Username: Maidhc_Ó_g
Post Number: 95 Registered: 05-2005
| Posted on Wednesday, November 09, 2005 - 11:56 am: |
|
(Message edited by Maidhc_Ó_G. on November 09, 2005) |
|
Maidhc_Ó_g
Member Username: Maidhc_Ó_g
Post Number: 96 Registered: 05-2005
| Posted on Wednesday, November 09, 2005 - 11:58 am: |
|
Déarfainn mé sé deag gleoite. |
|
Seosamh Mac Muirí Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, November 09, 2005 - 12:20 pm: |
|
Cúpla iarraidh air: Sé déag is a sliocht uirthi; Sé déag in aois is in aigne; Sé déag is ar barr na gaoithe; Sé déag (in aois is) in aer an tsaoil; |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 572 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, November 09, 2005 - 12:27 pm: |
|
quote:Sé déag is a sliocht uirthi Sé déag agus iompar clainne roimh dheireadh na bliana, an é sin é? ;-) |
|
Seosamh Mac Muirí Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, November 09, 2005 - 12:33 pm: |
|
Ní hé a bhí i gceist agam Dennis ach ar ndóigh, is minic go leor gur mar sin a bheadh sé. |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 28 Registered: 07-2005
| Posted on Thursday, November 10, 2005 - 04:27 pm: |
|
'Úr' an focal a tháinig chugam. 'Sé bliana déag is úr go smior' |
|
Máirín
Member Username: Máirín
Post Number: 20 Registered: 11-2004
| Posted on Saturday, November 12, 2005 - 12:34 am: |
|
Beidh Mo ghariníonn Caitlín sé deag, an dara lá d'Eanáir. Is fearr liom (sé deag séimh gleoite), sinn é saghas cailín uirthi. |
|