Author |
Message |
Dalta Unregistered guest
| Posted on Thursday, November 03, 2005 - 10:41 am: |
|
www.irlgov.ie Má théann tú go dtí an tsuíomh seo, gheobhaidh tú Béarla ar dtús. Agus seo ó thír le Gaeilge mar an gcéad teanga. Sin a dúirt siad ar aon nós. |
|
Fearn Unregistered guest
| Posted on Thursday, November 03, 2005 - 11:04 am: |
|
B'fhéidir go bhfuil Béarla ag níos mó daoine ar fud an domhain ! Cá bhfios ? |
|
Mickrua
Member Username: Mickrua
Post Number: 22 Registered: 07-2005
| Posted on Thursday, November 03, 2005 - 11:23 am: |
|
An-suimúil go deo.Anois tá a fhios cén áit a rachaidh mé chuig an Bi-cycle Auction ar suíomh an Ghárda Síochána.Caithfidh mé a rá go gcuirfeadh sé náire orm dá mbeadh tada le déanamh agam le na gárdaí faoi láthair ach go h-áirithe le fáil réidh de na rothair goidte atá sa ngáráiste acu i mB.Á.C.lean an nasc ó All State Organisations/Police & Defence Forces go dti na Gárdaí agus tá dáta agus spota ansin le h-aghaidh rothair má theastaíonn rothar ó éinne agaibh timpeall B.Á. C (Message edited by mickrua on November 03, 2005) |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 290 Registered: 06-2005
| Posted on Friday, November 04, 2005 - 05:02 pm: |
|
Bhuel níl ach pas an-bheag Gaeilge ag an Taoiseach >:U Agus mar a deirtear go minic anseo, is cuma leis an Rialtas seo faoin nGaeilge &rl &rl. Is cuma faoi cén teanga a úsáideann "níos mó daoine ar fud an domhain" An gceapann tú go bhfuil Béarla mar phríomhtheanga ar phríomhshuíomh na Gearmáine? Níl. Is í Gaeilge an chéad teanga na tíre seo agus ba cheart chóír agus chothrom go mbeadh sí mar phríomhtheanga ar ár bpríomhshuíomh. A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
Seosamh Mac Muirí Unregistered guest
| Posted on Sunday, November 06, 2005 - 12:51 pm: |
|
>>> B'fhéidir go bhfuil Béarla ag níos mó daoine ar fud an domhain ! Cá bhfios ? Níl de réir an tsuímh seo: http://www2.ignatius.edu/faculty/turner/languages.htm .... The Summer Institute for Linguistics (SIL) Ethnologue Survey (1999) lists the following as the top languages by population: (number of native speakers in parentheses) Chinese* (937,132,000) Spanish (332,000,000) English (322,000,000) Bengali (189,000,000) Hindi/Urdu (182,000,000) Arabic* (174,950,000) Portuguese (170,000,000) Russian (170,000,000) Japanese (125,000,000) German (98,000,000) French* (79,572,000) * The totals given for Chinese, Arabic, and French include more than one SIL variety. >>> >>> Is cuma faoi cén teanga a úsáideann "níos mó daoine ar fud an domhain" Níl ann ach cúpla bliain ó shin ó bhí an Béarla i bhfad chun tosaigh ar theangacha eile an domhain le chéile uile go léireach, más é an t-idirlíon an tslat tomhais is úire ar 'úsáid' teanga. Is í an tSínis an teanga thar aon teanga eile atá ag creimeadh chéatadán an Bhéarla in aghaidh an lae. B'fhiú súil a choinneáil ar an tSínis sin agus ar an tionchar a bheas ag an athrú sin ar na teangacha eile is mó ar domhan agus ar na meánteangacha - na 'middle languages'. Níl ann ach b'fhéidir 5 bliana, ar mo mhearchuimhne, ó bhí breis is 50% nó 60% den idirlíon faoi réim an Bhéarla. (Grinnigh agus ceartaigh mo thuairim anseo & fáilte.) Ní raibh ach cuid Pháidín ag an tSínis san am, ar chuma ar bith. Féach a ghaiste is a athraíonn cuma an scéil. Sna 30%aidí atá an Béarla faoin am seo. An líon faoi Mheán Fómhair 2002: Béarla: 36.5% Sínis: 10.9% An líon faoi Mheán Fómhair 2004: Béarla: 35.2% Sínis: 13.7% Is dóigh go bhfuil mise agus tusa agus gach éinne ar Dhaltaí na Gaeilge áirithe mar Bhéarlóirí sna staidrimh seo! |
|
Seosamh Mac Muirí Unregistered guest
| Posted on Sunday, November 06, 2005 - 12:56 pm: |
|
|
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 26 Registered: 07-2005
| Posted on Sunday, November 06, 2005 - 04:38 pm: |
|
"Chinese* (937,132,000)" Nuair a léim go bhfuil teanga na Síneach ina theanga amháin, agus gur "canúintí" iad na teangacha éagsúla sa tSín (Maindearain, Cantoníos, Fújián, Sediuán, srl), aithním gur aineolas agus míthuiscint na dteangacha sin atá i gceist. Ní féidir le na daoine a labhraíonn an Cantoníos na teangacha eile a thuiscint ar aon chor. Ní "canúintí" iad ach 'teangacha' cearta. Tá i bhfad níos mó difríochta idir 'Cantoníos' is 'Maindearain' ná mar a bhíonn idir Spáinnis agus Iodálais, mar shampla. Ní thuigeann na cainteoirí úd a chéile. B'fhéidir gur ciníochas atá ar bun anseo. Deirtear sa mBéarla 'They all look alike' agus 'They all sound alike' chomh maith. Agus tá an pholaitíocht i gceist freisin. Chuir na Cummanaithe iallach ar na daoine Maindearan a fhoghlaim agus feidhm a bhaint as sna scoileanna, i ngach áit sna cathracha, agus mar theanga an ghnó. Féach anseo: http://www.ethnologue.com/show_country.asp?name=China Níl an Caintoníos ann a thuilleadh. Ach is í an t-aon teanga amháin a labhair m'fhear agus é ina bhuachaill óg. Ní thuigeann seisean an Maindearain. |
|
Seosamh Mac Muirí Unregistered guest
| Posted on Monday, November 07, 2005 - 05:39 am: |
|
Tuigim duit agus tagaim leat a Liz. >> Ní thuigeann na cainteoirí úd a chéile. >> B'fhéidir gur ciníochas atá ar bun anseo. Deirtear sa mBéarla 'They all look alike' agus 'They all sound alike' chomh maith. >> Agus tá an pholaitíocht i gceist freisin. Is féidir béim a leagan ar aon cheann de na sraitheanna uimhreacha faoi iamh thuas. Is léir difríocht breis is 100 milliún cainteoirí Sínise idir roinnt de na cuntais. Is dócha ar deireadh thiar gur cheart dúinn a bheith ag súil le cruinneas i gcuntas lucht úsáide ríomhairí. Ba chóir chomh maith le sin go mbeadh duine, duine ar eolas na healaíne ríomhaireachta seo, in ann líon focal i dteanga ar bith ar an idirlíon a aimsiú ach am a chaitheamh leis an obair. Is léir gur easnamhach liosta GlobalReach. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2440 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, November 07, 2005 - 08:23 am: |
|
Deacair go leor, os rud é gur iomaí focal a litrítear mar an gcéanna: mar shampla, "an" - cén teanga atá ansin? Tá ciall leis i nGaeilge, Gearmáinis, Béarla, ... Is dóigh liom go mbraitheann áireamh teangacha ar an nGreasán Domhanda ar an t-eolas atá sna leathanaigh - agus ní gá go mbeadh sin cruinn. |
|
Seosamh Mac Muirí Unregistered guest
| Posted on Monday, November 07, 2005 - 10:19 am: |
|
Tá mé ag éisteacht leat a Aonghuis, mar a mhol an seanfhocal dom a dhéanamh, mar gur tú féin 'fear an aon leabhar', gan amhras, cúrsaí an ríomheolais de. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 231 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, November 07, 2005 - 10:26 am: |
|
"Níl an Caintoníos ann a thuilleadh." ????? Tá sé ann i Nua-Eabhrac, agus ar fud an domhain! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2442 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, November 07, 2005 - 03:08 pm: |
|
Is iomaí duine ar mó a eolas ar chursaí an idirlíon! Le ríomhairí neadaithe is mó a bhím ag plé. Seo an rud a bhí i gceist agam, ach mar a deirim, ní gá go mbeadh sé cruinn, nó ann fiú: http://www.w3.org/International/articles/language-tags/ Níl nod ar bith i bhfoinse an leathanaigh seo, mar shampla. |
|
Seosamh Mac Muirí Unregistered guest
| Posted on Tuesday, November 08, 2005 - 03:55 am: |
|
An-mhaith a Aonghuis. An-mhínithe. Is dóigh go bhfuil a leath díobh comharthaithe mar ba cheart i dtaobh amháin den domhan agus b'fhéidir a laghad arís i dtíortha eile. Fágfar réiteach an scéil faoi dhream éigin a thiocfas inár ndiaidh is dóigh. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2449 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, November 08, 2005 - 04:40 pm: |
|
Tá an dream seo ag déanamh iarrachta - ach dos ná mór teangacha. http://funredes.org/LC/english/index.html Ach dá mbeadh réimse focail againn.... Mar shampla, aimsíonn google breis agus 8 milliún tagairt don bhfocal "gaeilge", agus 160 míle tagairt don bhfocal "Béarla". Tá focal deas acu - "internaut" http://dictionary.reference.com/search?q=internaut Cé chuireas dea ghaeilge ar dúinn? línseoir, seans? (Message edited by aonghus on November 08, 2005) (Message edited by aonghus on November 08, 2005) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2450 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, November 08, 2005 - 05:07 pm: |
|
|
|
Seosamh Mac Muirí Unregistered guest
| Posted on Wednesday, November 09, 2005 - 06:34 am: |
|
'Ríomhóir' a déarfainn leis. 'Ríomhraí' (saor/eolaí ríomhaire) agus 'ríomhóir' is ea tú féin. Is ríomhróir mé féin ach ní ríomhraí de chineál ar bith mé. D'áireoinn an 'ríomhlálaí' ina 'leathríomhróir' nó ina 'leathríomhraí' a shíleann gur 'ríomhraí' cruthanta é chomh maith! Is dóigh nach bhfuil ann ach ceist ama go mbeidh dream againn ag caint mórán ar an dul sin. |
|
Seosamh Mac Muirí Unregistered guest
| Posted on Wednesday, November 09, 2005 - 06:38 am: |
|
Feicim 'línseoir' taobh thuas anois agus is maith liom é, le hais 'loingseoir' ar ndóigh. Nó 'líonsóir' agus macalla 'soar' an Bhéarla ann? |
|
Seosamh Mac Muirí Unregistered guest
| Posted on Wednesday, November 09, 2005 - 06:43 am: |
|
Is spéisiúil nasc na téarmeolaíochta sin go deimhin, más casta ó thaobh áireamh na bhfocal sna teangacha éagsúla. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2454 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, November 10, 2005 - 06:19 am: |
|
Chum mé línseoir as (idir)lí(o)n agus (loing)seoir, ós rud é gurbh as internet agus an rémhír -naut, loingseoir a tháinig an ceann eile. Casta go leor. Seans go mbeadh suim ag duine éigin in bhur réimse ríomheolaíocht agus teangeolaíocht in UL triail a bhaint as? Cheapfhainn go bhfuil abhár trachtas céime ann. |
|
Fearn Unregistered guest
| Posted on Thursday, November 10, 2005 - 07:10 am: |
|
-Is cuma faoi cén teanga a úsáideann "níos mó daoine ar fud an domhain". +Síl mé gurb é sin an pointe. Is údar eolais an suíomh do lucht domhanda. -An gceapann tú go bhfuil Béarla mar phríomhtheanga ar phríomhshuíomh na Gearmáine? Níl. +Níl fhios agam. Ach chuirfeadh sé ionadh dá raibh teanga mór an domhain in áit an leathphinghine. Agus an bhfuil Sorbais ann, an t-aon teanga dúchais amháin eile atá sa Ghearmáin go bhfios dom? -Is í Gaeilge an chéad teanga na tíre seo agus ba cheart chóír agus chothrom go mbeadh sí mar phríomhtheanga ar ár bpríomhshuíomh. +Sea. Go teoiriciúil is go dlíthiúil. Ach fós tá móramh lucht na hÉireann dall uirthi, na hinimiciceoirí ar fad (nach mór), agus is beag duine ar fud an domhain a chuala fuithi. Is dóigh liom gur faoi choinne cumarsáid an suíomh a luann tú seachas cur gothaí lucht teanga éigin |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2455 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, November 10, 2005 - 08:33 am: |
|
http://www.bundesregierung.de/ Deutsch, English Francais. Tá mionlaigh teangain eile seachas na Soirbigh ann - lucht na Danmhairgise, mar shampla. Ní fheicim faic i Soirbís ag Brandenburg ná Sachsen, http://www.brandenburg.de/ Is líonmhar na teangacha atá ar an suíomh ag Sacsaibh, ach níl Soirbís ina measc: http://www.sachsen.de/de/sprache/ Níl ann ach an Domowina (Conradh na Soirbíse) www.domowina.de/ Ní faic i dteanga na Danar ar shuíomh Rialtas Schleswig Holstein ach oiread. |
|
Fearn Unregistered guest
| Posted on Thursday, November 10, 2005 - 10:18 am: |
|
Maith thú, a aonghuis! Cé a sheasfadh cearta na Soirbíse stádas a bhaint amach san AE? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2456 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, November 10, 2005 - 11:06 am: |
|
Bhuel. Tá Achtanna Teangan acu: Sächsisches Sorbengesetz (SächsSorbG) in der Fassung vom 31.03.1999 http://www.saxonia-verlag.de/recht-sachsen/103_2bs.pdf Iad ar fad: http://www.domowina.sorben.com/dokumenty/rechtsv.htm |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2457 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, November 10, 2005 - 11:09 am: |
|
|
|
fearn Unregistered guest
| Posted on Thursday, November 10, 2005 - 11:14 am: |
|
Nach méanar dúinn agus ár dteanga oifigiúil fhéin AE againn (faoi dhó). |
|