Author |
Message |
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 973 Registered: 01-2005
| Posted on Wednesday, November 02, 2005 - 03:45 am: |
|
Chuala mé gur cuireadh cosc ar thobac i dtoighthí tábhairne na hÉireann. Ós rud é nach bhfuil mé féin ’mo chónaí sa tír, an dtiocfadh libh a dh’inse domh an dtéid an dlí sin i bhfeidhm nó an bhfuil daoiní a chaitheas sna toighthí tábhairne ar aon nós, nó an dtabhrann na húinéirí cead tobac a chaitheamh iontu ar aon nós, d’ainneoin an dlí? Cad é mar atá ’n scéal i mBaile Átha Cliath, agus ins na Gaeltachtaí? grma Tír Chonaill abú!
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2404 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, November 02, 2005 - 03:59 am: |
|
Ní fhaca aoinne ag caitheamh i dteach tabhairne (ná aon áit eile faoi dhíon) i mBleá Cliath, ná i gCorca Dhuibhne. Bíonn na creatúirí amuigh faoin doineann! Cuireadh an dlí ar tabhairneoir amháin i nGaillimh as ucht an dlí a sharú - tá an teach tabhairne sin dúnta ó shin. Is cosúil go bhfuil ag éirí thar cinn leis an dlí. |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 286 Registered: 06-2005
| Posted on Wednesday, November 02, 2005 - 06:50 am: |
|
Tá muchadh orm agus caithfidh mé a admháil gurb é seo an dlí is fearr ar domhan! Ní bhíonn éinne ag caitheamh toitín taobh istigh d'aon áit.. Gan amhras níl orthu ach dul taobh amuigh agus toitín a chaitheamh. Chomh maith tá laghdú tar éis teacht ar líon na dtoitín a díoltar agus ar líon na ndaoine a chaitheann toitín. A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2410 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, November 02, 2005 - 08:13 am: |
|
Mmm. Níl an Oifig um Smachtú Tobac ró mhaith ag an nGaeilge, is cosúil. Ach tá an Tuairisc Bhliaintiúl 2004 ar fáil anseo: http://www.otc.ie/comm_pub.asp#annual.asp |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 542 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, November 02, 2005 - 01:36 pm: |
|
Cuireadh dlí mar sin i bhfeidhm i gCalifornia cúpla bliain ó shin, agus beidh muid ag vótáil ar initiative cosúil leis sin anseo i Stát Washington Dé Máirt seo chugainn. Tá tithe tábhairne anseo in Seattle a bhfuil scoth an cheoil thraidisiúnta le cloisteáil iontu, ach faraor, bím "deataithe" i gcónaí faoi dheireadh na hoíche, mar sin is minic nach dtéim ann ar chor ar bith. http://www.healthyindoorairwa.org/i_901_good_for_jobs_and_business/ Tá rud amháin nach dtuigim in aon chor faoin bhFrainc: tá an-suim acu i mbia agus fíon, ach is minic a chonaic mé daoine ag caitheamh tobac i rith an dinnéir i mbialanna maithe. Conas is féidir leo aon bhlas a fháil óna gcuid mar sin? Bhíomar i mbialann sách costasach oíche amháin agus thosaigh na daoine ag an mbord in aice linn ag caitheamh. D'iarr muid ar an serveur muid a aistriú go bord eile, rud a rinne sé gan chasaoid, ach ba léir go raibh an-iontas air. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 974 Registered: 01-2005
| Posted on Wednesday, November 02, 2005 - 02:10 pm: |
|
Grma as mur bhfreagraí. Tá mé sásta leis sin. Nuair a rachas mé ar aist go Gaoth Dobhair, is cinnte go racha’ mé go toigh tábhairne achan oíche; ba dh’é ’n rud a chuirfeadh isteach orm sna pubannaí an toit a bheadh iontu i gcónaí. Aontaim leat a Dhomhnaill, is é sin a’ dlí is fearr ar domhan. Ba mhaith liom go ndéanfaí a leithéid do dhlí sa Fhrainc fosta. >Tá rud amháin nach dtuigim in aon chor faoin bhFrainc: >tá an-suim acu i mbia agus fíon, ach is minic a chonaic >mé daoine ag caitheamh tobac i rith an dinnéir i >mbialanna maithe. Conas is féidir leo aon bhlas a fháil >óna gcuid mar sin? Is léir nach bhfaghann siad blas ar bith, nó chan mórán... Is féidir go dtéid siad sin go bialannaí maithe le mórtas a dhéanamh! >D'iarr muid ar an serveur muid a aistriú go bord eile, >rud a rinne sé gan chasaoid, ach ba léir go raibh an->iontas air. Iontach, is minic a ghnímse ’n rud céanna leat agus mé i mbialann nuair a thoisíos duine ineacht a chaitheamh i ngar domh... De ghnáth cha bhíonn iontas ar an tserveur. Ach braitheann sé ar an áit & ar an tserveur, gan amhras. Tír Chonaill abú!
|
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 287 Registered: 06-2005
| Posted on Wednesday, November 02, 2005 - 03:46 pm: |
|
Is dóigh go mbeidh an riail i bhfeidhm go láidir i dteach Jack!! Aithne agat ar an teach tabhairne sin? A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 975 Registered: 01-2005
| Posted on Wednesday, November 02, 2005 - 03:50 pm: |
|
Tá ar ndóighe, bhí mé ann cupla uair. ’S fearr liom Tigh Hiúdaí Bhig, ar a’ Bhun Bheag. Bhí cionn deas eile i nGort a’ Choirce ach chan cuimhin liom cad é ’n t-ainm a bhí air. Tír Chonaill abú!
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 570 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, November 09, 2005 - 12:08 pm: |
|
Dúirt mé libh go raibh initiative ar an mballóid i Stát Washington (mar a bhfuil Seattle) le cosc a chur ar tobac in oifigí, bialanna, tithe tábhairne, etc. etc. Bhí an toghchán ann inné agus tá áthas orm a rá gur bhuaigh an initiative seo an lá go héasca ar fud an stáit! |
|
Seosamh Mac Muirí Unregistered guest
| Posted on Wednesday, November 09, 2005 - 12:51 pm: |
|
Go maire sibh an bhail úr agus an laghdú i gcostais sláinte. I ndiaidh bliana, beidh sibh a rá go mba iontach nár ghoil an salachar agus an boladh bréan ar éadach an duine in aice leat sa scuaine roimhe seo. Cuireann sé ionadh orm i rith an ama abhus gur ghlac daoine leis an mbréantanas go léir, gan trácht ar an ngalar croí. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 576 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, November 09, 2005 - 02:26 pm: |
|
GRMA! Beidh an dlí nua i bhfeidhm ar an 8ú lá de Mhí na Nollag, hurá! |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 317 Registered: 06-2005
| Posted on Wednesday, November 09, 2005 - 05:07 pm: |
|
Togfaidh sé dhá bhliain ar mhór nó ar a laghad sna sé chondae áfach :( Diabhal Sasannaigh! N'fheadar an mbeidh an DUP ina choinne toisc gur riail atá i bhfeidhm sna 26 contae é?! ;) A people without a language of its own is only half a nation.A nation should guard its language more than its territories, 'tis a surer barrier and a more important frontier than mountain or river
|
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 233 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, November 10, 2005 - 10:34 am: |
|
Ach cad a bheidh sna dúidíní as seo amach? Bolgáin? |
|
Fearn Unregistered guest
| Posted on Thursday, November 10, 2005 - 10:48 am: |
|
Duilleoga tae!! |
|