Author |
Message |
áiséirí_an_aineolaí
Member Username: áiséirí_an_aineolaí
Post Number: 32 Registered: 08-2005
| Posted on Tuesday, November 01, 2005 - 07:36 am: |
|
An bhfuil a fhios ag duine ar bith cá bhfaighinn rud ar bith ar seo? Bim ag cuardach ar Google de shíor, ach faic! Tá aiste le déanamh agam, ach má tá moltaí ar bith agaibh na bíodh leisce oraibh iad a thabhairt dom! GRMA. Ca háit a dtosóinn? Níl barúil ar bith agam! FRC
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2399 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, November 01, 2005 - 07:55 am: |
|
Bhfuil an leabhar seo sa leabharlann agaibh? http://www.coislife.ie/books/academic/four.htm "Saothar taighde a dhéanann athscrúdú iomlán ar Chumann Buan-Choimeádta na Gaeilge, an t-eagras a leag bunchloch na hAthbheochana i measc an phobail agus sa státchóras go háirithe" |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 228 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, November 01, 2005 - 11:42 am: |
|
Ah, ach thosaigh an athbheochan i Meiriceá. Go Meiriceá Siar Mícheál Ó Lócháin agus an Gaodhal (? - sean litriú ar 'Gael') Sin na leabhair atá uait! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 539 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, November 01, 2005 - 11:42 am: |
|
Ar léigh tú an chaibidil in Stair na Gaeilge dar teideal "Ó Chaint na nDaoine go dtí an Caighdeán Oifigiúil"? |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 971 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, November 01, 2005 - 11:46 am: |
|
>Mícheál Ó Lócháin agus an Gaodhal (? - sean litriú >ar 'Gael') Is dóigh liom go scríobhtaí "Gaoidheal" nó "Gaedheal" níos minice. Tír Chonaill abú!
|
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 281 Registered: 06-2005
| Posted on Tuesday, November 01, 2005 - 04:24 pm: |
|
Is iomaí leabhar atá ann bunaithe ar an abhar seo ach iad i mBéarla... Ní Síocháin Go Saoirse. Is í slánú na Gaeilge athghabháil na Saoirse
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2405 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, November 02, 2005 - 04:00 am: |
|
Bhí iris ann i Nua Eabhrac den teideal a luaigh Séamas. |
|
áiséirí_an_aineolaí
Member Username: áiséirí_an_aineolaí
Post Number: 33 Registered: 08-2005
| Posted on Wednesday, November 02, 2005 - 06:35 am: |
|
Nil ach leabhar amháin againn 'Traidisiún Liteartha na nGael. Sin é! FRC
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2408 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, November 02, 2005 - 08:06 am: |
|
I leabharlann Ollscoile? Nach féidir leo "iasacht idir leabharlann" a dhéanamh? |
|
Dalta Unregistered guest
| Posted on Wednesday, November 02, 2005 - 01:51 pm: |
|
Cé scríobh an leabhar cáiliúíl sin, Stair na Gaeilge, tá dhá cheann sa leabharlann mo choláiste, ceann 'in ómos do Phadraig O Fiannachta / in eagar ag Kim McCone et al' agus ceann le Donncha Ó Riain. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 543 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, November 02, 2005 - 02:40 pm: |
|
An chéad cheann, an ceann atá in eagar ag Kim McCone, atá mé a rá. Ní raibh a fhios agam go raibh an dara leabhar ann ar aon teideal leis. |
|
Dalta Unregistered guest
| Posted on Thursday, November 03, 2005 - 10:23 am: |
|
Ceapaim go bhfuil níos mó ná ceann amháin ann, tá ceann ann anois don Ardteist ach níor dóigh liom go mbeadh sé i leabharlann ollscoile. |
|