mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2005 (Irish Only) » Gur(b) agus gur(bh) « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 964
Registered: 01-2005
Posted on Sunday, October 30, 2005 - 08:43 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

’S minic a fheicim daoine (foghlaimeoirí agus daoine a d’fhoghlaim Gaeilge fad ó shin) ag meascadh rudaí maidir le foirmeacha na copaile: gur(b) agus gur(bh).

Ionas go mbeadh an pointe sin gramadaí níos soiléire, tá mé ag dul á mhíniú sin dóibh:


AIMSIR LÁITHREACH + FHÁISTINEACH

go (=that) + is =

1. gur (ins an chuid is mó den am) GAN ATHRÚ TOSAIGH

2. gurb (nuair a bhíonn guta ina dhiaidh sin, go háirithe na forainmneacha: é, í, iad, ea).





AIMSIR CHAITE + MODH COINNÍOLLACH

go (=that) + ba =

1. gur (sa chuid is mó den am) + SÉIMHIÚ

2. gurbh (nuair a bhíonn guta ina dhiaidh sin, go háirithe na forainmneacha: é, í, iad, ea).



Samplaí:

Is mór an trua é. > Deirim gur mór an trua é.

Is é a rinne an obair. > Deirim gurb é a rinne an obair.



Ba mhór an trua é. > Dúirt mé gur mhór an trua é.
(NÍ *gurbh mhór, mar nach guta "m" :-) agus mar gur leor an séimhiú ar "mhór" le taispeáint go bhfuil "gur" san aimsir chaite nó sa mhodh coinníollach).

Ba é a rinne an obair. > Dúirt mé gurbh é a rinne an obair.


Má tá séimhiú i ndiaidh "gur", tá a fhios agat go bhfuil d’abairt ins an aimsir chaite nó sa mhodh choinníollach.

Muna bhfuil séimhiú i ndiaidh "gur", tá a fhios agat go bhfuil d’abairt ins an aimsir láithreach nó fháistineach. Ní gá "gurbh" a scríobh ins an aimsir chaite/modh coinníollach mura focal le guta atá ina dhiaidh. Agus níor cheart é, cibé ar bith: ní dúirt Gaeilgeoir dúchais ar bith ariamh rud éigin mar *"dúirt mé gurbh dheas an rud é."

Gheobhaidh tú an scéal céanna in :
The Christian Brothers (1999) New Irish Grammar, Baile Átha Cliath: Fallons.

lch. 113-115. Tá tréan samplaí ann. Léigh go háirithe ag bun leathanach 114:

"b' and forms ending in bh (arbh, níorbh, cérbh, etc.) are used in the past and conditional before words beginning with a vowel or fh+vowel."


Má tá ceisteanna agaibh, beidh mé sásta iad a fhreagairt. (Bhfaca tú a Dhennis, tá mé breá ábalta scríobh sa chaighdeán fosta, ó am go chéile!)

Tír Chonaill abú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fear_na_mbróg
Member
Username: Fear_na_mbróg

Post Number: 819
Registered: 08-2004
Posted on Monday, October 31, 2005 - 09:50 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Rud nár luaigh tú, a Lughaidh... an mór na foirmeacha speisialta a úsáid? Táim cinnte gur léigheas a leithéid seo a leanas riamh:

An gceapann tú gur amadán mé?

Tabhair faoi deara nár baineadh úsáid as "gurb".

(Message edited by Fear_na_mBróg on October 31, 2005)

Fáilte Roimh Cheartúcháin

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 965
Registered: 01-2005
Posted on Monday, October 31, 2005 - 10:27 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Bíonn ort iad (gurb & gurbh) a úsáid roimh é, í, iad, ea; sna cásannaí eile (foclaí eile a thoisíos le guta), thig leat gurb & gurbh a úsáid ach ní dhéantar é don chuid is mó. In New Irish Grammar ní fhaightear ach an abairt a luaigh mé fá dtaobh dó sin.

Tír Chonaill abú!

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge