Author |
Message |
áiséirí_an_aineolaí
Member Username: áiséirí_an_aineolaí
Post Number: 28 Registered: 08-2005
| Posted on Friday, October 28, 2005 - 11:28 am: |
|
An bhfuil a fhios ag duine ar bith na rialacha a bhaineann le 'Cha' sna modhanna uilig? GRMA FRC
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 953 Registered: 01-2005
| Posted on Friday, October 28, 2005 - 03:02 pm: |
|
Sna modhannaí uilig? Thig leat úsáid a bhaint as "cha" in achan aimsir agus in achan mhodh ach amháin an modh ordaitheach (ná...) agus an modh foshuiteach (nár...). Seachas sin thig leat seo a ráidht: cha ndéanaim cha dtearn mé cha ndéanaim (ní féidir an aimsir fháistineach a úsáid i ndiaidh "cha": tá ort foirmeacha na haimsire gnáthláithrí a úsáid ina háit: mar sin, cha ndéanaim in áit *cha ndéanfaidh mé; is de réir an chomhthéacs a bíos a fhios cad é ’n aimsir atá i gceist agat) cha ndéanfainn cha ndéanainn... Is minic a bíos urú ar na consain i ndiaidh "cha", ach ní i gcónaí agus braitheann sé ar an cheantar do Thír Chonaill. Le briathra rialta ins an aimsir chaite, baintear feidhm as "char": char ith mé, srl. Le "faigh", deirtear "chan fhuair" = "ní bhfuair". Ar fhreagair mé do cheist? (Message edited by lughaidh on October 28, 2005) Tír Chonaill abú!
|
|
áiséirí_an_aineolaí
Member Username: áiséirí_an_aineolaí
Post Number: 29 Registered: 08-2005
| Posted on Saturday, October 29, 2005 - 02:00 pm: |
|
A bheagan nó a mhórán, ach dá dtiocfadh leat ceist agus freagra a chur in achan mhodh. Cuir i gcás, "An rachaidh tú chuig an siopa dom?" "Cha dtéim." GRMA FRC
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 956 Registered: 01-2005
| Posted on Saturday, October 29, 2005 - 04:08 pm: |
|
Ulster: "'Racha' tú ’na tsiopa domh?" (an rachaidh tú chun an tsiopa domh) "Cha dtéim". Tír Chonaill abú!
|
|
Peadar_Ó_gríofa
Member Username: Peadar_Ó_gríofa
Post Number: 394 Registered: 01-2005
| Posted on Sunday, October 30, 2005 - 01:27 am: |
|
"chan fhuair" = "ní bhfuair". = ní fhuair. Má scríobhtar "ní bhfuair" féin, níl urú i gceist ann, ach sleamhnán idir an / i:/ agus an / u/ — .i. / ni: uэr'/ > / ni: wuэr'/. Ulster: "'Racha' tú ’na tsiopa domh?" Maigh Eo: "A’ ngabhfa’ tú ’n a’ tsiopa dhom?" / э ŋoφэ tu: nэ t'upэ γum/ Deirtear "rachaidh" agus "domh" i Maigh Eo chomh maith, uaireanta. "Chuaidh sé chuig an tsagart." / φuэ ∫e: g' э tagэrt/ ach "Chuaidh sé chun an tsiopa." / φuэ ∫e: n э t'up/ Peadar Ó Gríofa
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 959 Registered: 01-2005
| Posted on Sunday, October 30, 2005 - 07:03 am: |
|
>Má scríobhtar "ní bhfuair" féin, níl urú i gceist ann, >ach sleamhnán idir an /i:/ agus an /u/ — .i. /ni: uэr'/ >> /ni: wuэr'/. Is amhlaidh atá ’s agam sin! Ach scríobhtar "ní bhfuair". Cineál eisceacht litrithe atá ann. Tá sé aisteach go leor: dá scríobhfaí "ní fhuair", is dóigh liom go bhfuaimneochadh na foghlaimeoirí /N'i: wuər'/ ar aon nós. Tír Chonaill abú!
|
|
áiséirí_an_aineolaí
Member Username: áiséirí_an_aineolaí
Post Number: 30 Registered: 08-2005
| Posted on Sunday, October 30, 2005 - 12:38 pm: |
|
A chairde an dtiofadh libh ceist agus freagra as achan mhodh - aimsir chaite, láithreachs srl, mar shampla dom. GRMA. (Message edited by áiséirí_an_aineolaí on October 30, 2005) FRC
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 962 Registered: 01-2005
| Posted on Sunday, October 30, 2005 - 02:57 pm: |
|
Thiocfadh: An dtéid tú toigh Sheáin achan lá? Cha dtéim. An bhfuil tú ’g ól pionta? Níl / Chan fhuil (níl ach cupla áit i dTír Chonaill, i Ros Goill agus b’fhéidir i dToraigh, ina bhfreagróchfaí le "chan fhuil" go nádúrtha. ) An rachaidh tú ar Aifreann amárach? Cha dtéim. An dteachaigh tú toigh Sheáin inné? Cha dteachaigh. (le briathar rialta) Ar scríobh tú chuig(e) Máire? Char scríobh. An rachfá toigh Sheáin dá mbeadh carr agat? Cha rachainn. An dtéiteá toigh Sheáin dá mbíodh carr agat? Cha dtéinn (leis an fhírinne a ráidht ní bhaintear mórán úsáide as an Mhodh Choinníollach - aimsir chaite i dTír Chonaill, go háiríd ins an tuaisceart, áit a bhfuil "cha" coitianta) Leagan diúltach "is": chan (roimh chonsain féin). San aimsir chaite & modh coinníollach: char, charbh roimh ghutaí. Ab é tusa a rinn an císte? (caighdeán: an tusa a rinne...) Chan é. (níl sin ceart ó thaobh na gramadaí caighdeánaí ach is mar sin a deirtear i dtuaisceart Thír Chonaill. Sa chaighdeán, gheobhfá "ní mé"/"chan mé".) Ní féidir "cha" a úsáid leis na modhannaí eile (foshuiteach láithreach agus modh ordaitheach) > go rabh maith agat / ná rabh maith agat > gabh toigh Sheáin! / ná gabh toigh Sheáin! Sin an méid, dar liom. Tír Chonaill abú!
|
|
áiséirí_an_aineolaí
Member Username: áiséirí_an_aineolaí
Post Number: 31 Registered: 08-2005
| Posted on Monday, October 31, 2005 - 05:57 am: |
|
GRMA, tá sé sóiléir anois. GRMA as ucht d'oibre. FRC
|
|
Dalta Unregistered guest
| Posted on Wednesday, November 02, 2005 - 01:57 pm: |
|
Buailleadh bos mór do Lughaidh, de shíor in ann agus deonach chun chuidiú a thabhairt d'fhoglaimeoirí agus daoine le ceisteanna. |
|