Scríobh Dennis (thuas)
quote:Cad is script magic ann? Draíocht nó ríomhchlár?
Ceacht beag ríomhaireachta de dhíth chun tú a fhreagairt.
Tá an clár plé seo bunaithe a feidhmchlarín atá scríofa sa teanga Perl (
http://www.perl.org). Tugtar scrioptanna ar chláracha perl (agus teangacha eile nach é) toisc go ndeantar aistriú orthu ag an am a ritear an chlár, seachas leagan a thuigeann an ríomhaire a dhéanamh ag an t-am a scríobhtar an chlár.
An píosa draoíchta a bhí i gceist agam ná leasú ar an scriopt a d'aithneoidh an raibh leagan den gcló agat, agus ná litreacha le ponc a aistriú ina consan le h ina ndiaidh muna raibh. Ach bheadh sin deacair. Faoi láthair, is cuma leis an gclár cén ríomhaire atá agat - cuireann sé html bhailí ar fáil, agus is faoi do bhrabhsaer an chuid eile a dhéanamh. (Níor thaithin an focal sin brabhsaer liom riamh).