Author |
Message |
Liam Ó Briain
Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, October 26, 2005 - 03:28 pm: |
|
Táim ag dul go dtí iarthar Chonamara i gceann mí nó dhó agus bhéinn lán sásta chomhairle a glacadh maidir leis an áit is fearr dom ó thaobh an Ghaeilge de. Táim ag smaoineamh ar an Spidéal nó an Cheathrú Rua ach cad is é an áit is láidre ó thaobh an theanga de?Tá gá agam lóistín a fháil agus níl a fhios agam go mba chóir dom dul isteach le teaghlaigh nó tigh a fháil ar cíos? Freisin táim ag lorg obair deonach gan pá (táim ar sos oibre)chun an lá a líonadh mar a dhéarfá sa Bhéarla agus chun bualadh le daoine. Aon cabhair bhéinn fíorbhuíoch! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2337 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, October 26, 2005 - 04:42 pm: |
|
Téir i gcOmhairle leis an údarás. http://www.udaras.ie Go bhfios dom, tá an Ceathrú Rua níos laidre. Tá mórán comharchumainn sa taobh sin tíre, agus taim cinnte go mbeadh failte roimh do chabhair. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2348 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, October 27, 2005 - 08:04 am: |
|
|
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 276 Registered: 06-2005
| Posted on Thursday, October 27, 2005 - 11:58 am: |
|
Right tóg an bóthar amach ó Ghaillimh agus is é an ghaeltacht d'oisre *oyster* Béidh mé féin agus An Cumann Gaelach Dcu ag dul go Gaillimh ón 25ú -27ú Mí na Samhna.. Dá mba rud é go mbeidh tú timpeall bí i dteagmháil... Anois téigh go Minna,Indreabhán, Carna, An Cheathrú Rua, Oilean Arann - ach b'fhéidir gan dul go h-inis Inis Mór *an iomarca tionchair ag turasóireacht &rl* The more out of the way the more Gaelach im thuairimse a chara.. Bead i dteagmháil leat dá mbeidh aon smaointí eile agam. Dála an scéil fair play duit agus tá Gaeilge ag DUINE AS BHEIRT i nGaillimh so bí ag dul timpeall an bhaile mhór - Club OA2, Banana Republic (Ceapaim gur sin an t-ainm ar an mbialann Gaelach) agus araile Ní Síocháin Go Saoirse. Is í slánú na Gaeilge athghabháil na Saoirse
|
|
Jonas
Member Username: Jonas
Post Number: 825 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, October 27, 2005 - 12:39 pm: |
|
"Táim ag smaoineamh ar an Spidéal nó an Cheathrú Rua ach cad is é an áit is láidre ó thaobh an theanga de" Hm, tá beagnach gach aon áit sa Ghaeltacht Chonamara níos láidre ná an Spidéal... is í Béarla an teanga is láidre san áit sin, ar an droch-uair. Tá an Cheathrú Rua ceart go leor fós, buíochas le Dia, ach is é Ros Muc an áit is fearr más maith leat Gaeilge a labhairt. Chun na fírinne a rá, áfach, tá gach aon áit idir an Spidéal agus Carna ana-Ghaelach ar fad. Indreabhán, Ros a' Mhíl, Casla, An Cheathrú Rua, Leitir Móir, Tír an Fhia, Leitir Mealláin, Ros Muc agus Cill Chiaráin - is sna áiteanna san a chloisfir Gaeilge bhreá líofa. Breac-Ghaeltachtaí is ea iad Carna agus an Spidéal, tá Gaeilge ag na daoine ach chloisfeá Béarla sna siopaí agus sna pubanna. |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 279 Registered: 06-2005
| Posted on Friday, October 28, 2005 - 07:04 pm: |
|
"Breac-Ghaeltachtaí is ea iad Carna agus an Spidéal" I ndáiríre.. Bhí a fhios go bhfuil 'fadhb' ann i Spidéal ach chualathas gur ceantar an-láidir é Carna? Ní Síocháin Go Saoirse. Is í slánú na Gaeilge athghabháil na Saoirse
|
|
|