mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2005 (Irish Only) » Dea-scéala chugainn. « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí
Unregistered guest
Posted on Wednesday, October 26, 2005 - 02:01 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

An fhostaíocht agus an Ghaeilg le http://www.nuacht.com/


Buntáiste na Gaeilge san ionad oibre



Is í an Ghaeilge an dóigh le do bheatha a thabhairt i dtír, nó sin an fhianaise a tháinig amach as an suirbhé is déanaí ó IrishJobs.ie a seoladh inné.
Leis an suirbhé, a seoladh ar an lá céanna agus a seoladh an áis is déanaí ag an chomhlacht earcaíochta ar líne, mar atá an suíomh idirlín dátheangach do dhaoine atá ag cuardach fostaíochta, is soiléir go bhfuil dul chun cinn déanta ag an Ghaeilge i dtaca leis an phobal de.
Nó ba léir go bhfuil deireadh ann den mheon a bhíodh forleathan nárbh fhéidir fostaíocht a fháil ach le Béarla amháin, nó de réir na bhfigiúirí a bailíodh measann 41% de phobal na hÉireann gur féidir úsáid a bhaint as an Ghaeilge san áit oibre agus go mbíonn 35% de dhaoine ar a suaimh-neas ag caint i nGaeilge.
Ag obair i gcuideachta Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, ar an suíomh dá-theangach, a sheol Aoibhinn Ní Shúilleabháin, Rós Thrá Lí, fuair an comhlacht amach go raibh éileamh ann do shuíomh dátheangach mar gheall ar líon na ndaoine a bhfuil an dá theanga acu, agus ag caint ar an bheart úr, arsa Kevin Mc Dermott, stiúrthóir margaíochta an chomhlachta;
“Is é IrishJobs an suíomh earcaíochta ar líne is mó in Éirinn.
“Táimid go hiomlán i bhfách le sochaí chuimsitheach a chruthú agus, mar sin de, an suíomh a oscailt suas do dhaoine eile i rith an ama.
“Rud atá muid a dhéanamh anois nó tá an suíomh oscailte do dhaoine ar fearr leo obair trí Ghaeilge agus tig le fostóirí poist a fhógairt i mBéarla agus i nGaeilge gan costas sa bhreis a bheith ann.”
Is cinnte go bhfuil fianaise ag an chomhlacht gurb é seo an dóigh is fearr le dul chun tosaigh.
Nó mar athrú iomlán ar an taithí a bhí ag leor daoine den ghliúin roimhe seo, thaitin an Ghaeilge mar ábhar scoile ag na daoine a thug freagra sa suirbhé, 55% den 321 siúd a bhí idir 21 agus 35, rud a d’fhág go bhfuil 59% de na freagróirí den bharúil gur chóir go mbeadh an Ghaeilge ina hábhar éigeantach ar scoil.
De réir Chomhdháil Náis-iúnta na Gaeilge, tá an Ghaeilge anois ceangailte le dul chun cinn a dhéanamh i do shlí bheatha nó ag caint ar an suirbhé, arsa Adelaide Ní Chárthaigh, Leas-Stiúrthóir ar an eagraíocht:
“Léiríonn gaiscígh ar nós Phádraig Uí Cheidigh Aer Árann, Gráinne Seoighe Sky 1, an fuirseoir Dara Ó Briain agus Rós Thrá Lí, Aoibhinn Ní Shúilleabháin, a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu uile, gur chun sochar a ngairmeacha í an Ghaeilge.”

Iriseoir: Deirdre Ní Ghrianna

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 2339
Registered: 08-2004


Posted on Wednesday, October 26, 2005 - 04:47 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post


Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge