mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2005 (Irish Only) » Béarla á scríobh sa chuid Ghaeilge den fhóram « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fear_na_mbróg
Member
Username: Fear_na_mbróg

Post Number: 814
Registered: 08-2004
Posted on Monday, October 24, 2005 - 12:50 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Is minic a scríobhann daoine as Béarla sa chuid Ghaeilge den fhóram... déanaimse é mé féin mar déanaim dearmad ar go mbím sa chuid Ghaeilge.

Mholfainn "scáileán idirmheánach" a chur idir an post a scríobh agus an post a phóstáil -- rud éigin mar seo:

Sa chuid Ghaeilge den fhóram atá tú... bíodh do chuid scríofa as Gaeilge!

Fáilte Roimh Cheartúcháin

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Domhnall
Member
Username: Domhnall

Post Number: 251
Registered: 06-2005


Posted on Monday, October 24, 2005 - 12:57 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Aontaim leatsa ar fad... Tá an chuma céanna ar an dá leagan den suiomh, tá sé ró-éasca an botún seo a dhéanamh.

Ní Síocháin Go Saoirse.
Is í slánú na Gaeilge athghabháil na Saoirse

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Liz
Member
Username: Liz

Post Number: 22
Registered: 07-2005


Posted on Monday, October 24, 2005 - 06:58 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Táimse ciontach ann chomh maith. Níl difriúil ar bith ann le feiceáil i gcosúlacht den dá thaobh den fhóram. Ní deacair an chuid "Gaeilge amháin" a truailliú le Béarla de thaisme.

Caithfidh a bheith tearmann againn ó Bhéarla an tsaoil timpeall orainn.

Cúpla bliain ó shin, bhí mé ag bord i mbialann le triúr Gaeilgeoirí eile ag déanamh comhrá sa teanga agus tháinig duine chugainn (tá Gaeilge réasúnta maith ag an duine seo). Sheas sí ar an gceann den bhord agus labhraigh sa Bhéarla. Bhuail gairbhe a cuid focal mo chluasa mar chasúr trom crua. Tháinig pian ghéar ar mo cheann láithreach.

Nuair nach mbeinn ag súil leis an mBéarla, baineann sé geit asam.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí
Unregistered guest
Posted on Tuesday, October 25, 2005 - 05:29 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Pointe íogair intinne is ea an cnaipe sin faoina ngabhann 'croí' an duine le teanga amháin seachas a chéile. B'fhéidir go bhfuil an triúr agaibh sa chompal intinne sin faoi láthair, nó gar dó, compal nach ndealaítear glan i snámh an lae le haon teanga ar leith amháin seachas a chéile. Tá an dá theanga ar comhshnámh nach mór. Má chloíann sibh le réidh an achair mar a bhí le cúpla bliain anuas, bail ó Dhia oraibh, neartófar sa Ghaeilg tuilleadh sibh agus titfidh an Béarla ar bhur gcúl feasta.

Tá sibh slán, nó i mbéal bhur slánaithe, le Gaeilg, measaim. Tréaslaítear libh bhur dteacht fad an achair, bhur dteacht slán! Fogha furasta le fána a bhfuil romhaibh. A Ghaela, fáilte romhaibh abhaile.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 218
Registered: 11-2004


Posted on Tuesday, October 25, 2005 - 09:58 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Thug mé faoi deara go mbíonn téada ann san fhóram eile nach bhfuil ach as Gaeilge. Sin an rud is fearr domsa, ach ní dóigh liom gur ceart iad a scríobh sa roinn siúd ach oiread.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 2312
Registered: 08-2004


Posted on Tuesday, October 25, 2005 - 10:13 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Scrím go minic as Gaeilge sa chuid eile toisc go bhfuil fhios agam gur iomaí duine atá in ann a bhfuil scríofa agam a léamh, ach nach bhfuil ar a chumas freagra a scríobh as Gaeilge (nó nach bhfuil sé de mhisneach aige ar eagla na beachtóirí).

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Domhnall
Member
Username: Domhnall

Post Number: 258
Registered: 06-2005


Posted on Tuesday, October 25, 2005 - 11:29 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Bím féin ag scríobh go dátheangach
Bím ag scríobh rudaí i mBéarla mar gur mhaith liom go mbeadh gach duine in ann mo theachtaireachtaí a thuiscint.
Ach is breá liom Gaeilge.. Cabhraíonn mo phíosaí i nGaeilge le Athbheochan na Gaeilge agus is dóigh go spreagann sé freagraí i nGaeilge.
E sin ráite ní maith liom an chaoi nach mbaintear mórán úsáid as an gcuid seo den fhorum.

Ní Síocháin Go Saoirse.
Is í slánú na Gaeilge athghabháil na Saoirse

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seosamh Mac Muirí
Unregistered guest
Posted on Tuesday, October 25, 2005 - 12:12 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Tá taobh so na Gaeilge go breá gnóthach inniu ar mh'anam.

B'fhéidir gur cheart dúinn tathaint ar roinnt dá bhfuil amuigh ar thaobh an Bhéarla gan a bheith faiteach agus teannadh isteach le cúpla nath a breacadh abhus:
Ar mhaithe le spraoi agus mar mhisniú meanman, dóibhsean.

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge