Author |
Message |
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 238 Registered: 06-2005
| Posted on Saturday, October 22, 2005 - 05:34 pm: |
|
Táim ag iarraidh fáil amach an bhfuil na h-abairtí seo a leanas MICHEART - is cuma má tá bealach níos fearr iad a rá just ceart nó mícheart? CUIRDACH a dhéanamh? an bealach is fusa an suíomh a úsáid Dhá leabhar DOM ghasúr óg. pas beag deacair an SCRIOBHNEOIREACHT a thuiscint nach minic a FAIGHTEAR suíomh chomh maith le seo Míle Míle maith agaibh, Domhnall. Ní Síocháin Go Saoirse. Is í slánú na Gaeilge athghabháil na Saoirse
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 935 Registered: 01-2005
| Posted on Saturday, October 22, 2005 - 06:37 pm: |
|
>CUIRDACH a dhéanamh? cuardach a dhéanamh >an bealach is fusa an suíomh a úsáid deirfinn "an bealach is fusa chun/leis an suíomh a úsáid" >Dhá leabhar DOM ghasúr óg. Ceart, Gaeilg na Mumhan (dom+séimhiú = do mo) >pas beag deacair an SCRIOBHNEOIREACHT a thuiscint Níl mé cinnte cad é ’s mian leat a ráidht san abairt sin... Ar a laghad tá meancóg litrithe: scríbhneoireacht (caol le caol, leathan le leathan: scríobh, ach scríbhneoireacht /s'k'r'i:v'n'o:r'əxt/ ). Mar sin, abair linn cad é ba mhian leat a ráidht (go háiríd, "pas beag deacair"). >nach minic a FAIGHTEAR suíomh chomh maith le seo Is dóigh liom gur féidir gan séimhiú a chur ar "faightear" ansin i gcanúint na Mumhan. As sa chaighdeán & ins na canúintí eile, tá ort "nach minic a fhaightear..." a scríobh. B’fhearr "leis seo" a scríobh in áit "le seo". Tír Chonaill abú!
|
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 239 Registered: 06-2005
| Posted on Sunday, October 23, 2005 - 10:10 am: |
|
Fair play dhuit mon petit canard! Féach thíos - seo é cá bhfuair mé an litriú don fhocal CUIRDACH http://www.litriocht.com/shop/ Sea, bhíos cinnte go raibh botún déanta nuair a dúradh liom gur rud mícheart é DOM. Mhol seanmhúinteoir liom gan an séimhiú a úsáid.. Deirtear - - "Mar a deirtear is binn béal ina thost" .i. gan an séimhiú. Ní Síocháin Go Saoirse. Is í slánú na Gaeilge athghabháil na Saoirse
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 936 Registered: 01-2005
| Posted on Monday, October 24, 2005 - 04:20 pm: |
|
Tá na mílte meancóg ins na léirmheasannaí atá ar shuíomh Litriocht.com. Droch-Ghaeilg atá ann don chuid is mó. Maidir le dom + séimhiú, is féidir gur húradh leat go rabh sé mícheart siocair nach bhfuil sé sa chaighdeán, agus tá cupla duine ann nach nglacann le rudaí neamhchaighdeánacha. Maidir liom féin bheadh a mhalairt liom, chóir a bheith... Níl dúil agam sa chaighdeán siocair gur mian le daoiní é a chur in áit na gcanúintí. Ach muna dteagasctar ach an caighdeán, gheobhaidh teangaí bheo na Gaeltachta bás. Agus mo bharúil gur hionann sin agus bás na Gaeilge. Bheadh ’n Ghaeilg marbh, mar an Laidin, muna mbeadh sí ach ag foghlaimeoirí. >Mar a deirtear is binn béal ina thost" .i. gan an >séimhiú. gan an séimhiú cá háit ??? Tír Chonaill abú!
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 500 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, October 25, 2005 - 03:04 pm: |
|
Cainteoirí dúchais atá i mbun litriocht.com, go bhfios dom. Ní hionann líofacht sa teanga labhartha agus cruinneas sa teanga scríofa i gcónaí. A mhalairt ar fad sách minic. Is minic an bhearna sin feicthe agamsa, ní hamháin sa Ghaeilge ach i dteangacha eile, an Béarla agus an Fhraincis ina measc. Writing and speaking are very different skill sets. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2319 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, October 25, 2005 - 03:53 pm: |
|
Nach ón bpobal seachas ó muintir an suíomh a thagann na léirmheasanna úd? |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 262 Registered: 06-2005
| Posted on Tuesday, October 25, 2005 - 04:12 pm: |
|
Pointí maithe a'at ansin a Lughaidh. Gan an séimhiú san fhocal dHeirtear. Ní Síocháin Go Saoirse. Is í slánú na Gaeilge athghabháil na Saoirse
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 941 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, October 25, 2005 - 04:53 pm: |
|
>Cainteoirí dúchais atá i mbun litriocht.com, go bhfios >dom. Ab é iad sin a scríobhas na léirmheasannaí? >Ní hionann líofacht sa teanga labhartha agus cruinneas >sa teanga scríofa i gcónaí. Is amhlaidh atá ’s agam sin. Ina dhiaidh sin, tá roinnt meancóg nach ndéanann tú nuair a bíos Gaeilg ó dhúchas agat, agus tá roinnt meancóg nach ndéanann tú agus fuaimniú dúchasach agat. >Pointí maithe a'at ansin a Lughaidh. >Gan an séimhiú san fhocal dHeirtear. Cha bhíonn séimhiú ar bith ar "deirtear" & ar fhoirmeacha "abair" ins a’ chuid is mó do na canúintí & sa chaighdeán. Gheobhaidh tú tréan samplaí ins an alt "abair" i bhfoclóir Uí Dhónaill. (Message edited by lughaidh on October 25, 2005) Tír Chonaill abú!
|
|