Author |
Message |
Robert Unregistered guest
| Posted on Thursday, October 20, 2005 - 10:21 am: |
|
Feic ar an leabhar is anim ‘Dúnmharú ar an Dart’; cén fath nach bhfuil sé ‘…ar an nDart’ mar tá an reamhfocal sula ndearna an focal ‘dart’? |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 927 Registered: 01-2005
| Posted on Thursday, October 20, 2005 - 11:11 am: |
|
Ní bhíonn urú ar ainmfhocal le d- agus t- i ndiaidh an ailt "an"... ach amháin i gcanúintí na Mumhan. I nGaeilg na Mumhan gheobhfá "ar an nDart". Ins na háiteacha eile agus ins an chaighdeán, gheobhfá "ar an Dart" i gcónaí. Tír Chonaill abú!
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2276 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, October 20, 2005 - 05:31 pm: |
|
Toisc gur giorrúchán gallda Dart! |
|
Peadar_Ó_gríofa
Member Username: Peadar_Ó_gríofa
Post Number: 368 Registered: 01-2005
| Posted on Thursday, October 20, 2005 - 05:49 pm: |
|
Ní bhíonn urú ar ainmfhocal le d- agus t- i ndiaidh an ailt "an"... ach amháin... ...i gcuid de chanúintí na Mumhan — agus i gcuid de chanúintí na hAlban, cé nach dtaispeántar an t-urú ar chor ar bith i litriú Ghaeilge na hAlban. Peadar Ó Gríofa
|
|