" Féach mar shampla anseo:
http://www.zakon.org/robert/internet/timeline/"
Suíomh an-suimiúil, a Aonghuis. Agus thug sé cuimhne na hóige ar ais dom. Nuair a bhí mé i mo mhac léinn ag Ollscoil Wisconsin, bhí ríomhaire acu agus é chomh mór le teach agus costas na milliún dollar air. Bhí an teirminéal chomh mór le seomra leapa agus ní raibh cead againn na mic léinn dul i dteagmháil leis. Chuireamar na ceisteanna (ba chruacheisteanna matamatice iad) ar chártaí le poill.
Bhí mac léinn céimnithe ar chúl leathdhorais agus ghlac seisean lenár gcártaí agus chuir isteach sa teirminéal. D'oibrigh an ríomhaire go mall, agus má bhain mo chuid oibre an iomarca ama ón ríomhaire, tugadh ar ais dom na cártaí agus b'éigean dom an cheist a scríobh arís ar mhodh difriúil..níos éasca leis an meaisín a thuiscint.
Anois, tá ríomhaire i bhfad bhfad níos láidire is níos gaiste agam ar bharr mo dheasca féin. Ach ní thuigeann sé gach ceist a chuirim air go fóill.