mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2005 (Irish Only) » An tuiseal ginideach agus séimhiuithe « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dalta
Unregistered guest
Posted on Tuesday, October 18, 2005 - 05:51 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Cad é an scéal leis an séimhiú sa tuiseal ginideach. Tá'im ag caint faoi nuair nach bhfuil an t-alt i gceist. Feicim 'ag fáil bháis' ach tá samplaí ann chomh maith nuair nach n-úsáideann an séimhiú cé gur firinscneach é an t-ainmfhocal. Léigh mé ar shuíomh ó chuid UCC nach bhfuil séimhiuithe ar bith ann nuair nach bhfuil alt ann. Miniú éinne?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 915
Registered: 01-2005
Posted on Tuesday, October 18, 2005 - 07:17 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Is eisceacht atá in "ag fáil bháis". Tá "ag gabháil fhoinn" agus cupla cionn mar sin fosta (ní mórán). Ní séimhiú sa tuiseal ghinideach atá i gceist ach séimhiú ar ainmfhocal gan alt, i ndiaidh ainm bhriathartha...

Leis an fhírinne a ráidht, i nGaeilg Chlasaiceach chuirfí séimhiú ar achan fhocal i ndiaidh ainm bhriathartha agus "ag" nó "do" roimhe, agus gheobhfá é giota beag sa litríocht (tús an 20ú haoise) ach ní dóigh liom go gcluinfí inniu é (seachas ins na heisceachtaí a luaigh mé).

Rud ársa atá ann, a tharlann as siocair an tuisil thabharthaigh (tuiseal na n-ainmfhocal i ndiaidh réamhfhocail). Ach inniu ós rud é go bhfuil an tuiseal tabharthach caillte go léir (nó chóir a bheith), ní bhíonn athrú ar bith ar na hainmfhoclaí, fá mar a bheadh siad sa tuiseal ainmneach.


Gaeilg Chlasaiceach: táim ag marbhadh mhuice (I’m killing a pig). Séimhiú ar "muice" siocair go bhfuil "marbhadh" sa tuiseal tabharthach (tá sé i ndiaidh ’n réamhfhocail "ag"), agus bíonn (nó bheadh) séimhiú ar chonsan i ndiaidh ’n tuisil sin...

Nua-Ghaeilg: táim ag marú muice. Gan séimhiú siocair nach mothaítear go bhfuil "marú" sa tuiseal tabharthach níos mó.

Tá súil ’s agam go raibh mo mhíniúchán soiléir...

Tír Chonaill abú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Domhnall
Member
Username: Domhnall

Post Number: 213
Registered: 06-2005


Posted on Wednesday, October 19, 2005 - 12:17 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Táim ag déanamh an t.g. faoi láthair chomh maith.
Chuir mé ceist faoi seo - Dúirt mo mhúinteoir ní úsáidtear é ach leis an alt.
.i.
' i lár margaidh'
ach,
'i lár an mhargaidh'

N'fheadar an ndéanann é seo ciall duit?

Ní Síocháin Go Saoirse.
Is í slánú na Gaeilge athghabháil na Saoirse

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 919
Registered: 01-2005
Posted on Wednesday, October 19, 2005 - 03:45 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Níl sé fíor: faightear i ndiaidh ainm bhaininscnigh nó iolraidh a chríochnaíos ar chonsan chaol é fosta:

bean chéile
na fir chéile.

Tír Chonaill abú!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dalta
Unregistered guest
Posted on Thursday, October 20, 2005 - 09:56 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

A Lughaidh, a saoi, tá do mhiniúchán ri-soileir, go raibh mile maith agat. Uair amhain, ta'im slainte leatsa. Maith agat

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge