mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2005 (Irish Only) » Ciorcal Díospóireachta Átha Cliath amarach « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 2235
Registered: 08-2004


Posted on Monday, October 17, 2005 - 04:59 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

A chairde,

Beidh seisiún eile de Chiorcal Díospóireachta Átha Cliath ar siúl Dé Máirt, 18 Deireadh Fómhair 2005, idir 6:30 agus 8:00 PM i gCaife Úna i lár cathrach Bhaile Átha Cliath (Sráid Chill Dara - Kildare Street, in íoslach fhoirgneamh Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge). Beidh fáilte roimh éinne a bhfuil fonn air nó uirthi cúrsaí reatha a phlé as Gaeilge. Is féidir ábhar ar bith a tharraingt isteach ach seo hiad na cinn atá molta chun tús a chur leis an chomhrá:

1. Ar cheart d'uisce a bheith saor in aisce, mar atá anois? Nó ar cheart rátaí uisce a thabhairt isteach?

2. An mbeadh daoine ag caitheamh níos lú toitíní dá mbeadh siad níos daoire?

3. An bhfuil seirbhísí seachadta An Phost tapaigh go leor?

4. An bhfuil bia géinathraithe dainséarach?

5. An bhfuil éifeacht ag an bhranda "trádáil chothrom" ar do chuid nósanna siopadóireachta?

6. An náisiún ceoltóirí iad na hÉireannaigh?

Mar a tharlaíonn ní bheidh mise i láthair ag an seisiún seo ach tá súil agam go mbainfidh sibh sult as.

Go n-éirí libh,
Michal

(mise thar a cheann siúd - beidh mise ann!)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Domhnall
Member
Username: Domhnall

Post Number: 212
Registered: 06-2005


Posted on Wednesday, October 19, 2005 - 12:13 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Má tá lucht féachana ag teastáil uait mholfainn duit r-phost a sheoladh chuig na Cumainn Gaelacha..
Mo chumann - dcu agus Tcd ach go h-áirithe.

Ní Síocháin Go Saoirse.
Is í slánú na Gaeilge athghabháil na Saoirse

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 2255
Registered: 08-2004


Posted on Wednesday, October 19, 2005 - 04:50 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Lucht féachana? Níl suim dá laghad againn i lucht féachana. Ní díospóireacht foirmiúl atá ann.

Shuigh triúr déag againn thart i dtrí ghrúpa ag plé na moltaí a thug Michal agus níthe nach iad a d'éirigh astu.

Más mian leat bheith linn, bí linn ar 1ú Samhain!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Domhnall
Member
Username: Domhnall

Post Number: 221
Registered: 06-2005


Posted on Friday, October 21, 2005 - 04:21 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

D'úsáid mé an focal mícheart ansin a chara.
Sure cuirfidh mé an focal timpeall pé ar bith é ach níl suim agam féin ina leithéid..

Ní Síocháin Go Saoirse.
Is í slánú na Gaeilge athghabháil na Saoirse

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 2389
Registered: 08-2004


Posted on Monday, October 31, 2005 - 03:41 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Beidh seisiún eile de Chiorcal Díospóireachta Átha Cliath ar siúl Dé Máirt,
1 Samhain 2005, idir 6:30 agus 8:00 PM i gCaife Úna i lár na
cathrach Bhaile Átha Cliath (Sráid Chill Dara - Kildare Street, in íoslach
fhoirgneamh Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge). Beidh fáilte roimh éinne a
bhfuil fonn air nó uirthi cúrsaí reatha a phlé as Gaeilge. Is féidir ábhar
ar bith a tharraingt isteach ach seo hiad na cinn atá molta chun tús a chur
leis an chomhrá:

1. An raibh tú i mbun 'trick-or-treat' aréir?

2. Cé acu is fearr leat: nuachtáin lán-mhéide nó nuachtáin leath-mhéide?

3. An mbeidh cosc ar thobac i dtithe tábhairne i bhfeidhm sa Ríocht
Aontaithe sul i bhfad, dar leat?

4. Cé mhéad inimirce a bhfuil Éire in ann glacadh leis?

5. An bhfuil do chuid siopadóireachta Nollag tosnaithe agat go fóill?

Tá súil agam sibh a fheiceáil ar an oíche.
Michal

--
Michal Boleslav Mechura


(Aonghus thar a cheann)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 2485
Registered: 08-2004


Posted on Monday, November 14, 2005 - 04:40 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Agus arís:

A chairde,

Beidh seisiún eile de Chiorcal Díospóireachta Átha Cliath ar siúl Dé Máirt, 15 Samhainn 2005, idir 6:30 agus 8:00 PM i gCaife Úna i lár cathrach Bhaile Átha Cliath (Sráid Chill Dara - Kildare Street, in íoslach fhoirgneamh Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge). Beidh fáilte roimh éinne a bhfuil fonn air nó uirthi cúrsaí reatha a phlé as Gaeilge. Is féidir ábhar ar bith a tharraingt isteach ach seo hiad na cinn atá molta chun tús a chur leis an chomhrá:

1. An bhféadfadh círéibeacha ciníocha briseadh amach in Éirinn, mar a tharla sa Fhrainc?

2. An cuma leat gur leis an Eaglais Chaitliceach formhór scoileanna na tíre seo?

3. An bhfuil páistí slán ó mhí-úsáid ghnéis anois?

4. An féidir le SAM cúlú ón Iaráic go fóill, nó an bhfuil sé ródhéanach anois?

5. An teanga í an Ultais?

Tá súil agam sibh a fheiceáil ar an oíche.
Michal

--
Michal Boleslav Mechura


(Aonghus thar a cheann)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seán_mac_eochaidh
Member
Username: Seán_mac_eochaidh

Post Number: 4
Registered: 11-2005
Posted on Saturday, November 26, 2005 - 08:49 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Bionn Caife Maidin na Gaeilge 10.30r.n. - 12i.n.
Dé Luain, Dé Céadaoin agus Dé hAoine
i dTeach Mhic Reachtain, Béal Féirste
Nios mó eolas Guthan: 028 9074 9688

Seán Mac Eochaidh
Béal Feirste
Guthan: +442890507988

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge