mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2005 (Irish Only) » An chaoi le coiníní a mharbhú « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Peadar_Ó_gríofa
Member
Username: Peadar_Ó_gríofa

Post Number: 346
Registered: 01-2005
Posted on Monday, October 17, 2005 - 01:27 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

"Tiogainn leat ama¥ údai³ go dtí an duµai³; ¥uala mé go rai¢ sí líonta le piseán," arsa Pá«raic le Micilín ·eait, Doµna¥ aµáin tar éis am dinnéir. "Deir siad liom go ¢fuil an duµai³ beó bea÷a«a¥ le coiníní ¥oµ mai÷, agus b’±éidir go ¢fui³eamuis cúpla ceann."

"¦eaµan a miste liom," arsa Micilín, "a¥ cai÷fi« tú fana¥t go dtugai« mé istea¥ glac µóna i gcoµair na hoi«¥e," ag brei÷ ar ¥lia¢ agus ³á ¥ro¥a« air agus ag buala« air ag fead³ail. D’árdui³ Pá«raic an clia¢ air nuair a ¢í sé lán.

"Tuige na¥ ¢fuil tú ag ta¢airt an µadai« leat, a ·á«raic?" arsa Micilín "Ar ndói³ ní ¥eapfai« tú aon ¥oinín má ÷éi³eann tú ama¥ agus do «á láiµ ¥oµ fada le ¥éile."

"Mada«!" arsa Pá«raic, ag croma« ar ¥loi¥ agus ³á cai÷eaµ uai« ¥oµ fada agus b’±éidir leis; "abraimse mada« leat. Na¥ ¢fuil a ±ios agat na¥ ¢fuil troi³ den duµai³ sin na¥ ¢fuil niµ leag÷a innti. An mada« a ³a¢fas ama¥ fanfai« sé amui³."

"Agus cén ¥aoi a gceapfai« tú na coiníní?"

"Foi³id ort go fóill, a «uine. Fan go ¢feici« tú é seo, go ¢feici« mé céard adéarfas tú leis."

¤uir sé láµ i bpóca a ¥asóige agus ÷óig ama¥ boiscín. Nuair a foscla« an boiscín céard a ¥ífea« Micilín ann isti³ a¥ stróiméad de ¹ortán mór glas agus é beó bea÷a«a¥.

"Dar fia« na coille ruai«e, cá ¢fuair tú é sin?" ¡í Micilín agus a «á ¿úil ag dul ama¥ ar a ¥eann le hiongantas.

"Cá ¢fui³inn é a¥ sa gclada¥. Ní ¿íleann tú go ¢fui³inn a lei÷eide i ndíogai« fataí."

"Agus ar ndó’ ní ¥eapfai« sé sin coiníní «uit!"

Ní «earna Pá«raic a¥ gáire a «éanaµ.

"Fan go ¢feici« tú leat tuillea«," ar seisean, ag cur a láiµe ins an bpóca arís agus ag baint ama¥ boiscín a rai¢ glac ¥ipíní agus píosa beag de ¥oinnil ann. ¡í Micilín ag brea÷nú ar na giuirléidí agus iongantas na n-iongantas air.

"’Spáinfi« mé anois duit an ¥aoi le coiníní a µar¢ú," arsa Pá«raic, ag dul istea¥ i gcol¢ na duµai³e «ói¢, nuair a casa« poll coinín or÷a.

¤rom Pá«raic anuas ag béal an ¹uill agus ÷arraing snái÷e fada aníos as póca a ¢ríste. ¤eangail ceann aµáin den tsnái÷e ÷art ar an bportán agus ¥oinni³ greim daingean ar an gceann eile é féin. Annsin las sé an giota de ¥oinnil le cipín agus ³reamui³ í de «ruim an ¹ortáin le céir leái³te.

¡í Micilín crom anuas ag brea÷nú air ar fea« an ama, agus a ¢éal ar lea÷a« le teann iongantais. "Dia¢al a lei÷ide sin a ¥onnaic mé ariaµ roiµe," ar seisean, ag croi÷ea« a ¥inn go sollaµanta.

"Fan ort go fóill anois," arsa Pá«raic, ag baint de a ¥óta agus ³á leagan le n-a ÷ao¢. "Béi« greann ar ball ann má tá an coinín ag baile nó is mór atá mise meallta."

Leis sin leag sé an portán ag béal an ¹uill agus ÷ug poitea« dá µéir dó le n-a ¥ur ag siu¢al. Ní ÷úisce a fuair an portán a ¥áibín saor leis ná siúd istea¥ ins an bpoll é ¥oµ tapai« agus b’±éidir leis, agus an ¥oinneal lasta ar a «ruim. ¤uir Pá«raic a ¥óta anuas ar ¢éal an ¹uill annsin agus d’iarr ar ´icilín greim a ¥oinneál ar ÷ao¢ de.

¡í an coinín "ag baile" ceart go leor mar gur ¥uala Pá«raic an ¹reabada¥ isti³. ¡í a ¿ái÷ iongantais air, ní« nar¢’ iongna«, mar ¥oinín, nuair a ¥onnaic sé an solas ag déanaµ air istea¥, mar na¥ rai¢ aon tsúil aige le lu¥t cuarta an trá÷ sin den lá. Níor ÷rá÷ dá ±ailli³e «ó é. D’éiri³ sé ina ¿easaµ agus ¥uai« siar ¥oµ fada agus b’±éidir leis ins an bpoll. Ní rai¢ aon µai÷ ann. ¡í an rud ait úd ag teanna« leis, ag teanna« leis nó go rai¢ sé beagna¥ buailte air. Ní rai¢ aige a¥ snáµ nó bá«a«. D’éiri³ sé de ¥oµ÷rom talµan agus léim ÷ar an solas. Ama¥ leis annsin ¥oµ teann agus b’±éidir leis cos a ÷arraing. Cén áit a sái÷fea« sé é féin a¥ istea¥ i gcasóg ·ádraic. ¡í a ¹ort seinnte!

Nuair a fuair Pá«raic an coinín ga¢÷a ÷arraing sé ama¥ an portán ar ³reim snái÷e agus ¥uai« ¥uig poll eile. ¡í sé mar sin go rai¢ cei÷re cinn de ¹atairí breá³÷a coinín mar¢ aige.

×ug sé «á ¥eann do ´icilín agus «á ¥eann a ¥oinni³ sé féin. ¤uir siad i ¢fola¥¢iolla gainiµ iad go mbío« siad ag tea¥t ar ais, agus síos leó annsin go dtí an Biolla Mór mar go mb’ann a b’±airsinge a ¢í an piseán le fa³áil.

"A¥ cé a µúin duit, a ·á«raic, coiníní a µar¢ú ar an gcuma sin? Dar a ¢faca mé de lea¢ra ariaµ gurab ionganta¥ mai÷ an pleain é," arsa Micilín, agus é go smaointea¥.

"Gasúr as Baile ¤ruai¥ atá ÷all ar an Muing ´óir ar cuairt i dtea¥ a oncail a d’innis dom faoi. Deir sé go mar¢ui³÷ear na scór÷a coinín ga¥ blia«ain i nduµai³ ¡aile ¤ruai¥ ar an mbeala¥ sin."

"M’anam péin féin gur so¥ra¥ an ¥aoi é le béile bí« a ±a³áil," arsa Micilín. "Tiocfamuid ama¥ arís an Doµna¥ seo ¥ugainn agus déanfamuid ár."


— Seán Ó Rua«áin, "Pá«raic ´áire ¡án"

Oifig an tSolá÷air (An Gúm), Baile Á÷a Clia÷

http://www.fainne.org/gaelchlo/bunars.html


(Message edited by Peadar_Ó_Gríofa on October 17, 2005)

Peadar Ó Gríofa

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 2225
Registered: 08-2004


Posted on Monday, October 17, 2005 - 08:39 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

A Pheadar, a aspal,

tá na litreacha buailte ceilte orainn (uilig) anseo!

Tabhair nod dúinn!

« dh
÷ th
¥ ch


agus rl is dócha?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Peadar_Ó_gríofa
Member
Username: Peadar_Ó_gríofa

Post Number: 347
Registered: 01-2005
Posted on Monday, October 17, 2005 - 10:59 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post


Peadar Ó Gríofa

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Peadar_Ó_gríofa
Member
Username: Peadar_Ó_gríofa

Post Number: 348
Registered: 01-2005
Posted on Monday, October 17, 2005 - 11:09 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post


Peadar Ó Gríofa

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 2229
Registered: 08-2004


Posted on Monday, October 17, 2005 - 11:30 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Tuigim. Ach ní gach aoinne atá saor chun dea chló Vincent a lonnú ar gach ríomhaire.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Peadar_Ó_gríofa
Member
Username: Peadar_Ó_gríofa

Post Number: 349
Registered: 01-2005
Posted on Monday, October 17, 2005 - 12:34 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

"Tiogainn leat amach údaigh go dtí an dumhaigh; chuala mé go raibh sí líonta le piseán," arsa Pádhraic le Micilín Pheait, Domhnach amháin tar éis am dinnéir. "Deir siad liom go bhfuil an dumhaigh beó beathadhach le coiníní chomh maith, agus b’fhéidir go bhfuigheamuis cúpla ceann."

"Dheamhan a miste liom," arsa Micilín, "ach caithfidh tú fanacht go dtugaidh mé isteach glac mhóna i gcomhair na hoidhche," ag breith ar chliabh agus ghá chrochadh air agus ag bualadh air ag feadghail. D’árduigh Pádhraic an cliabh air nuair a bhí sé lán.

"Tuige nach bhfuil tú ag tabhairt an mhadaidh leat, a Phádhraic?" arsa Micilín "Ar ndóigh ní cheapfaidh tú aon choinín má théigheann tú amach agus do dhá láimh chomh fada le chéile."

"Madadh!" arsa Pádhraic, ag cromadh ar chloich agus ghá caitheamh uaidh chomh fada agus b’fhéidir leis; "abraimse madadh leat. Nach bhfuil a fhios agat nach bhfuil troigh den dumhaigh sin nach bhfuil nimh leagtha innti. An madadh a ghabhfas amach fanfaidh sé amuigh."

"Agus cén chaoi a gceapfaidh tú na coiníní?"

"Foighid ort go fóill, a dhuine. Fan go bhfeicidh tú é seo, go bhfeicidh mé céard adéarfas tú leis."

Chuir sé lámh i bpóca a chasóige agus thóig amach boiscín. Nuair a foscladh an boiscín céard a chífeadh Micilín ann istigh ach stróiméad de phortán mór glas agus é beó beathadhach.

"Dar fiadh na coille ruaidhe, cá bhfuair tú é sin?" Bhí Micilín agus a dhá shúil ag dul amach ar a cheann le hiongantas.

"Cá bhfuighinn é ach sa gcladach. Ní shíleann tú go bhfuighinn a leitheide i ndíogaidh fataí."

"Agus ar ndó’ ní cheapfaidh sé sin coiníní dhuit!"

Ní dhearna Pádhraic ach gáire a dhéanamh.

"Fan go bhfeicidh tú leat tuilleadh," ar seisean, ag cur a láimhe ins an bpóca arís agus ag baint amach boiscín a raibh glac chipíní agus píosa beag de choinnil ann. Bhí Micilín ag breathnú ar na giuirléidí agus iongantas na n-iongantas air.

"’Spáinfidh mé anois duit an chaoi le coiníní a mharbhú," arsa Pádhraic, ag dul isteach i gcolbh na dumhaighe dhóibh, nuair a casadh poll coinín ortha.

Chrom Pádhraic anuas ag béal an phuill agus tharraing snáithe fada aníos as póca a bhríste. Cheangail ceann amháin den tsnáithe thart ar an bportán agus choinnigh greim daingean ar an gceann eile é féin. Annsin las sé an giota de choinnil le cipín agus ghreamuigh í de dhruim an phortáin le céir leáighte.

Bhí Micilín crom anuas ag breathnú air ar feadh an ama, agus a bhéal ar leathadh le teann iongantais. "Diabhal a leithide sin a chonnaic mé ariamh roimhe," ar seisean, ag croitheadh a chinn go sollamhanta.

"Fan ort go fóill anois," arsa Pádhraic, ag baint de a chóta agus ghá leagan le n-a thaobh. "Béidh greann ar ball ann má tá an coinín ag baile nó is mór atá mise meallta."

Leis sin leag sé an portán ag béal an phuill agus thug poiteadh dá mhéir dó le n-a chur ag siubhal. Ní thúisce a fuair an portán a cháibín saor leis ná siúd isteach ins an bpoll é chomh tapaidh agus b’fhéidir leis, agus an choinneal lasta ar a dhruim. Chuir Pádhraic a chóta anuas ar bhéal an phuill annsin agus d’iarr ar Mhicilín greim a choinneál ar thaobh de.

Bhí an coinín "ag baile" ceart go leor mar gur chuala Pádhraic an phreabadach istigh. Bhí a sháith iongantais air, nídh narbh’ iongnadh, mar choinín, nuair a chonnaic sé an solas ag déanamh air isteach, mar nach raibh aon tsúil aige le lucht cuarta an tráth sin den lá. Níor thráth dá fhaillighe dhó é. D’éirigh sé ina sheasamh agus chuaidh siar chomh fada agus b’fhéidir leis ins an bpoll. Ní raibh aon mhaith ann. Bhí an rud ait úd ag teannadh leis, ag teannadh leis nó go raibh sé beagnach buailte air. Ní raibh aige ach snámh nó bádhadh. D’éirigh sé de chomhthrom talmhan agus léim thar an solas. Amach leis annsin chomh teann agus b’fhéidir leis cos a tharraing. Cén áit a sáithfeadh sé é féin ach isteach i gcasóg Phádraic. Bhí a phort seinnte!

Nuair a fuair Pádhraic an coinín gabhtha tharraing sé amach an portán ar ghreim snáithe agus chuaidh chuig poll eile. Bhí sé mar sin go raibh ceithre cinn de phatairí breághtha coinín marbh aige.

Thug sé dhá cheann do Mhicilín agus dhá cheann a choinnigh sé féin. Chuir siad i bhfolach fá bhiolla gainimh iad go mbíodh siad ag teacht ar ais, agus síos leó annsin go dtí an Biolla Mór mar go mb’ann a b’fhairsinge a bhí an piseán le fagháil.

"Ach cé a mhúin duit, a Phádhraic, coiníní a mharbhú ar an gcuma sin? Dar a bhfaca mé de leabhra ariamh gurab iongantach maith an pleain é," arsa Micilín, agus é go smaointeach.

"Gasúr as Baile Chruaich atá thall ar an Muing Mhóir ar cuairt i dteach a oncail a d’innis dom faoi. Deir sé go marbhuighthear na scórtha coinín gach bliadhain i ndumhaigh Bhaile Chruaich ar an mbealach sin."

"M’anam péin féin gur sochrach an chaoi é le béile bídh a fhagháil," arsa Micilín. "Tiocfamuid amach arís an Domhnach seo chugainn agus déanfamuid ár."


Seán Ó Ruadháin, "Pádhraic Mháire Bhán"
Oifig an tSoláthair (An Gúm), Baile Átha Cliath

Peadar Ó Gríofa

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 2233
Registered: 08-2004


Posted on Monday, October 17, 2005 - 03:42 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Feicim go seoigh anseo age baile an tseanchló. Conas ar éirigh leat sin a dhéanamh?

Anois feicim. Is diail an cleas seo

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Peadar_Ó_gríofa
Member
Username: Peadar_Ó_gríofa

Post Number: 350
Registered: 01-2005
Posted on Monday, October 17, 2005 - 04:12 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Mar seo:

\font

{Bunchló Ársa,"Tiogainn leat ama¥ údai³ go dtí an duµai³...

...Oifig an tSolá÷air (An Gúm), Baile Á÷a Clia÷}

Peadar Ó Gríofa

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 2234
Registered: 08-2004


Posted on Monday, October 17, 2005 - 04:55 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Rinne mé sin ama¥. Buío¥as ó ¥roí leat, a ·eadar

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Peadar_Ó_gríofa
Member
Username: Peadar_Ó_gríofa

Post Number: 354
Registered: 01-2005
Posted on Monday, October 17, 2005 - 08:25 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

"Rinne mé sin ama¥."

Feicim go ndearnai«. Go ndéanai« a µai÷ «uit.

Peadar Ó Gríofa

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge