Author |
Message |
Christine Unregistered guest
| Posted on Saturday, October 15, 2005 - 04:41 pm: |
|
Gabh mo leitscéal ach cad is brí leis an seanfhocal seo ? Ceapaim go bhfuil é ag caint faoi madra nó faoi dearnaid !! Ta brón orm ach nil mo ghaeilge ró -mhaith, ach is aoibheann liom an ghaielge. Taim 16 bliain d'aois agus ta suil agam do leannan mo staidear Ghaeilge i gcolaiste an bhliain seo chugainn. AN BHFUIL MO GHAEILGE UAFASACH AR FAD????? |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 203 Registered: 06-2005
| Posted on Saturday, October 15, 2005 - 05:39 pm: |
|
Níl sí úfásach ar bith a ghrá! Ní thuigim an focal "Dearnaid" so níl's cad a chiallaíonn an seanfhocal,, Tá tú ag iarraidh leanúint leis an nGaeilge san Ollscoil - Fair play duit! Cén Ollscoil? Gaeilge agus céard eile? Ní Síocháin Go Saoirse. Is í slánú na Gaeilge athghabháil na Saoirse
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 457 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, October 15, 2005 - 05:57 pm: |
|
= Má thaithíonn duine le drochdhaoine, beidh a shliocht sin air; .i. beidh drochbhéasa nó droch-chlú air dá dheasca sin chomh maith. I bhfocail eile, "seachain droch-chaidreamh". Leagan beagán níos caighdeánta den nath: An té a luíonn le madraí, éireoidh sé le dreancaidí. Tá sé seo cloiste agam i mBéarla freisin. Maidir le do chuid Gaeilge, tá an ceart ag Domhnall! :-) |
|
christine Unregistered guest
| Posted on Monday, October 17, 2005 - 02:29 pm: |
|
Gaeilge agus Home Economics i gContae Sligeach!! Nil ach ocht áiteanna sa colaiste seo do scolairi ach ta súil agam go gheobhaidh mé ait. Is aoibheann lion an ghaeilge ach uaireannta ta se an-deacair. |
|
Peadar_Ó_gríofa
Member Username: Peadar_Ó_gríofa
Post Number: 379 Registered: 01-2005
| Posted on Sunday, October 23, 2005 - 11:51 pm: |
|
Sliocht as an leabhar Pádhraic Mháire Bhán nó An Gol agus an Gáire SEÁN Ó RUADHÁIN do scríobh OIFIG AN TSOLÁTHAIR, BAILE ÁTHA CLIATH a d'fhoillsigh ____________________ Síoth-mhaor mór a bhí ina sheasamh i lár na sráide ann chuir sé Pádhraic ar an eolas cén áit a bhfuigheadh sé lóistín saor, agus mar go raibh an oidhche ag teacht agus gan aon chleachtadh aige ar na bailte móra dubhairt sé leis féin go mbainfeadh sé an teach lóistín amach chomh tapaidh agus b’fhéidir leis, agus go rachadh sé a chodladh. Níor túisce sínte ar an leabaidh é ná toisigheadh air. A leithéid de fháilte is a chuir siad roimhe! Tá cáil mhór ar “Fáilte Uí Cheallaigh” ach níorbh’ fhiú an deich triuf í ar ghualainn na fáilte a cuireadh roimh Pádhraic. Tháinig siad air ina gcéadta—ina mílte. An ceann nár rug ar chois air rug sé ar láimh air, agus a leithéid de “chroitheadh láimhe” ní fhuair sé ó rinne slat cóta dhó. Bhí dreancaidí móra ann agus dreancaidí beaga, dreancaidí aosta agus dreancaidí óga, dreancaidí troma agus dreancaidí éadtroma. Thionntuigh sé síos an tsean-chiumhasóg phluide a bhí air, agus radharc a chonnaic sé! Bhí na héadaigh breac, ballach le dreancaidí. Na dreancaidí a bhí ar thaobh na láimhe clé bhí siad ar a seacht ndícheall ag tarraing mar bhéadh siad ag iarraidh a thabhairt amach ar an urlár agus an leaba a bheith aca féin. Ach níor thaise leis na dreancaidí a bhí ar thaobh na láimhe deise é. Bhí siad-san agus saothar ortha ag tarraing an taobh eile. Bhí an méid seo den ádh air ar chuma ar bith—bhí an dá thaobh ag tarraing in aghaidh a chéile, agus ba ’in é a shábháil é nó tharraingeochadh siad glan amach as an leabaidh é, mar nach neart go cur le chéile. Agus an léimneach a bhí ortha! Cheapfá gur cleasa lútha a bhí ar bun aca leis an gcaoi a raibh siad ag caitheamh truslóg anonn is anall, suas is anuas, gan sos, gan stad, gan staonadh. Bhí tuilleadh aca a bhí ag léimnigh ina mhullach agus ag gabháil de chosa ann mar bhéadh fútha an tséideog a bhaint as gan faill stardha a thabhairt dó. Ach níor thada sin ar ghualainn na ngreamanna fiacal a bhí siad a bhaint amach. Bhéarfadh Pádhraic a bhfaca sé de leabhra ariamh gur chuir siad faobhar ar a gcuid fiacal in aon-turas amháin i gcomhair na hoidhche sin. Ach dá gceart aimhdheoin ar éigean sheas sé an leaba ortha go maidin, gídh nár leag sé súil ach an oiread leis an té a bhí ag faire na cille. Chomh luath géar in Éirinn agus a fuair sé súiléas an lae ann d’éirigh sé agus ní raibh leithead pinginne dá chorp ó bhathais a chinn go bonn a choise nach raibh foluithe le spuacracha agus le léasracha dearga, go sílfeá, le breathnú air, gurbh’ í an bhruitíneach a bhí air nó an galar breac. Bhí sé lán-chinnte gur chuala sé ag tafann iad i gcaitheamh na hoidhche, agus ní chuirfeadh rud ar bith as a cheann nár chuala sé ag gáire iad nuair a chuir siad chun teichte é, ach caithfidh sé nach raibh ann ach rud a chonnachthas dhó. Peadar Ó Gríofa
|
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 813 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, October 24, 2005 - 04:35 am: |
|
A Christine, You've good Irish, easily read and understandable... the grammar isn't perfect but it's pretty decent. We have a policy here on the board where, if you would like the Irish grammar to be corrected in your posts, then you put "Fáilte Roimh Cheartúcháin" at the bottom of your post; it's convenient to stick it in your "signature" like I do. Anyway here's a bit of cabhair if you'd like: quote:Gabh mo leithscéal ach cad is brí leis an seanfhocal seo ? Ceapaim go bhfuil sé ag caint faoi mhadra nó faoi dhearnaid !! Ta brón orm ach níl mo chuid ghaeilge ró-mhaith, ach is aoibhinn liom an ghaeilge. Táim 16 bliana d'aois agus tá súil agam go leanann mo staidéar Ghaeilge i gcoláiste an bhliain seo chugainn. Fáilte Roimh Cheartúcháin
|
|
Seosamh Mac Muirí Unregistered guest
| Posted on Monday, October 24, 2005 - 04:39 am: |
|
Tá biorán suain an Bhéarla anall leat a Fhear na mBróg! Arbh é go rabhais ag luí le dreancaidí an Bhéarla?! (Ní bhíonn rith maith ag an each i gcónaí ar ndóigh.) |
|
Seosamh Mac Muirí Unregistered guest
| Posted on Monday, October 24, 2005 - 05:17 am: |
|
Coláiste San Aingeal ar bhruach thuaidh Loch Gile. Go n-éirí sin leat a Christine. Mholfainn duit an leagan Gaeilge ded' ainm/shloinne a chur tosaigh idir an dá linn, roimh an ardteastas, agus i ngach teangmháil leis an Ard-Oifig Iontrála (CAO) sa tslí gur faoin ainm sin a rachfair isteach sa choláiste tríú leibhéal an bhliain seo chugainn. http://www.sligotourism.ie/360/knockna-360.html http://www.sligotourism.ie/360/rockwood-360.html http://www.nantyglo.com/tourism/sligo3.htm http://www.nantyglo.com/tourism/sligo4.htm http://www.sligozone.net/BeeziesIsland.htm Clochar Riabhach, .i. Coláiste San Aingeal le feiceáil anseo, taobh eile an locha: http://www.sligozone.net/slish.jpg |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 247 Registered: 06-2005
| Posted on Monday, October 24, 2005 - 06:20 am: |
|
Christine stick with it - Practice makes perfect. We're here to help ;) And if you decide to chill over to DCU for the open day - - I'll be the one at An Cumann Gaelach's stand jumping on the poor unsuspecting prospective students with mouthful's of Gaeilge! ;) Ní Síocháin Go Saoirse. Is í slánú na Gaeilge athghabháil na Saoirse
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2292 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, October 24, 2005 - 06:29 am: |
|
A Dhomhnall, tá tú ar an gcuid sin den suíomh atá ann do Ghaeilge amháin. "Comhrá Oscailte as Gaeilge (Irish Only) " Agus ní dóigh liom gur chuir Christine ceist ar bith go dtí seo as Béarla. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2293 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, October 24, 2005 - 06:33 am: |
|
A Pheadair, an-scéal. Nach mór an ghar go bhfuil an ré sin thart don chuid is mó againn. (Message edited by aonghus on October 24, 2005) |
|
Peadar_Ó_gríofa
Member Username: Peadar_Ó_gríofa
Post Number: 380 Registered: 01-2005
| Posted on Monday, October 24, 2005 - 09:57 am: |
|
Is mór an gar, go deimhin. Is fada ó tharlaidh sé sin do Phádhraic, agus é i nGlaschú. Peadar Ó Gríofa
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2296 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, October 24, 2005 - 10:43 am: |
|
Ceist agam ort - an bhfuil leabharlann mór leictreonach agat, nó an amhlaidh gur clóscríobhaí den scoth thú? Bíonn sleachtanna fada agus líonmhar agat anseo as na dea leabhair... |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 250 Registered: 06-2005
| Posted on Monday, October 24, 2005 - 12:54 pm: |
|
Mo mhile leithscéal ar fad - ni ba léir dom é sin. Tá sé ró-dhéanach anois athrú a chur air. Ah bhuel sin an saol! Ní Síocháin Go Saoirse. Is í slánú na Gaeilge athghabháil na Saoirse
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2298 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, October 24, 2005 - 04:53 pm: |
|
Ach tuige gur fhreagair tú ceist i nGaeilge i mBéarla - cuma cén cuid den suíomh atá i gceist? |
|
Peadar_Ó_gríofa
Member Username: Peadar_Ó_gríofa
Post Number: 381 Registered: 01-2005
| Posted on Monday, October 24, 2005 - 04:54 pm: |
|
"nó an amhlaidh gur clóscríobhaí den scoth thú?" Cló«-sgrío¢ai«e cúrama¥ go leor. Níl a ±ios agam faoin sgoi÷. Peadar Ó Gríofa
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2299 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, October 24, 2005 - 05:01 pm: |
|
Flosc chun clóscrío¢ ort mar sin ±éin! An bhfuil dóigh ciallmhar agat an buailte a chuir i gcrích? Táim bailithe de bheith a ghearradh agus greamú. Bhíodh "Tiománaí Méarchláir Tavultesoft", cuirthe in oiriúnt ag Caoimhín Ó Donnaile, in úsáid agam - ach ní fheidhmíonn sé le hXP. |
|
Peadar_Ó_gríofa
Member Username: Peadar_Ó_gríofa
Post Number: 382 Registered: 01-2005
| Posted on Monday, October 24, 2005 - 05:40 pm: |
|
Tá an ceann seo ann le haghaidh Windows XP: http://www.fainne.org/gaelchlo/kbdga8.html Sin nó Alt + 0162 = ¢ srl. Peadar Ó Gríofa
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2305 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, October 25, 2005 - 06:11 am: |
|
Maith agat. Bainfead triail as. An féidir é shocrú d'usáideoir amháin, an eol duit? |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 257 Registered: 06-2005
| Posted on Tuesday, October 25, 2005 - 07:26 am: |
|
Mar bím ag léim ó theanga go teanga an t-am AR FAD. Tá sé nádúrtha domsa - Bím ag úsáid an dá theanga agus mé sa theach, sa choláiste, lem chairde. Mar gheall ar sin tá sé an-éasca domsa an dá theanga a mheascadh. Tá orm Béarla a labhairt, ach is í Gaeilge mo phaisean so déanaimse mo sheacht ndícheall í a labhairt chomh minic agus is féidir. Ní Síocháin Go Saoirse. Is í slánú na Gaeilge athghabháil na Saoirse
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2308 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, October 25, 2005 - 08:25 am: |
|
Ní thuigim dhuit. Bíonn trí theanga in usáid de shíor agamsa - ach is fíor annamh a chuir mé tré chéile iad. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 217 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, October 25, 2005 - 09:53 am: |
|
An fíor sin? Nach méanar duit! Ach is scéal eile a bhíonn ann do fhoghlaimeoirí, déarfainn. An mó láidir an teanga, is lú a measctar le teangacha eile í. An mbíonn níos mó de na teangacha siúd ag na daoine lena mbíonn tú ag labhairt? Sin rud, freisin. Is minic a théimidne idir Béarla agus Gaeilge i gcomhrá sa scoil atá againn. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2313 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, October 25, 2005 - 10:14 am: |
|
Tá na trí teanga ag mo ghasúir, péire acu agus tuiscint na Gaeilge ag mo bhean. |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 259 Registered: 06-2005
| Posted on Tuesday, October 25, 2005 - 11:39 am: |
|
Bhuel ní tusa mise agus ní mise tusa. Duine uathúil mé ach ní rud uathúil é an chaoi go n-úsáideann mé mo chuid Gaeilge. Tá trí theanga agam chomh maith - agus im ranganna fraincise bím ag úsáid an trí theanga ag aon am amháin. Ní Síocháin Go Saoirse. Is í slánú na Gaeilge athghabháil na Saoirse
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2321 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, October 25, 2005 - 03:57 pm: |
|
Cén brí atá agat le "uathúil", a Dhomhnaill? Seans go raibh mé ró dhian ort, ach feictera dhom gurbh cheart a bheith cúramach anseo chun iompú teangain a sheachaint. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 221 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, October 25, 2005 - 05:09 pm: |
|
uathúil [aidiacht den dara díochlaonadh] gan a mhacasamhail eile ann, suaithinseach ar fad. (D'fhéach mise ar an bhfoclóir cheana!) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2329 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, October 26, 2005 - 05:02 am: |
|
Mmm. Tionchar an Bhéarla ar Dhomhnaill ansin dar liom. Duine ar léith é, ceart go leor - mar atáimid uilig. |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 270 Registered: 06-2005
| Posted on Wednesday, October 26, 2005 - 05:31 am: |
|
"ansin dar liom" Cén áit.. Caithfidh gur duine spéisiúil mé agus muid ag caint fuam! Nach bhfuil ní níos spéisiúla le plé againn!! Ní Síocháin Go Saoirse. Is í slánú na Gaeilge athghabháil na Saoirse
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2330 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, October 26, 2005 - 06:05 am: |
|
Sa bhealach inár bhain tú feidhm as "uathiúl" |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 222 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, October 26, 2005 - 10:43 am: |
|
Cá bhfios duit, nuair nach raibh an focal agat? Tá samplaí go leor de ar an idirlíon, ach ní minic a bhaineann sé le duine. Ach seo sampla de: "Tá gach duine uathúil agus speisialta" http://www.education.gov.ie/servlet/blobservlet/padmin_rse_56class_ir.pdf?langua ge=GA |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2340 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, October 26, 2005 - 04:50 pm: |
|
Bhí an focal agam, ach bhí (agus tá) amhras orm faoin gcaoi inár bhain Domhnaill feidhm as. Agus meamraiméis atá sa nasc sin! "Duine ar leith" an leagan nadúrtha. |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 273 Registered: 06-2005
| Posted on Thursday, October 27, 2005 - 11:43 am: |
|
"ach bhí (agus tá) amhras orm faoin gcaoi inár bhain Domhnaill feidhm as." Is fearr Gaeilge bhriste ná Béarla cliste!! Ní Síocháin Go Saoirse. Is í slánú na Gaeilge athghabháil na Saoirse
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2354 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, October 27, 2005 - 06:15 pm: |
|
Ach is fearr fós gaelainn cruinn nadúrtha! Táimse sásta foghlaim. Ach is gráin liom Béarlagar in aon teanga. |
|