Author |
Message |
fear acadúil Unregistered guest
| Posted on Tuesday, October 11, 2005 - 10:19 am: |
|
A chairde, Tá sé i gceist agam staidéar acadúil a dhéanamh ar stair agus litríocht na Gaeilge i dTuaisceart Chúige Laighean(Seanríocht na Mí, Oirghiall, Ó Méith agus fiú Baile Átha Cliath srl.) sa 17ú agus san 18ú haois déag. Tá an leabharliosta á dhréachtadh agam faoi láthair. Bheinn go mór faoi chomaoin agaibh dá dtabharfadh sibh cibé eolas atá agaibh faoi leabhair, irisleabhair, tréimhseacháin, suímh idirlín, cláracha teilifíse/raidió srl. a bhfuil teanga agus litríocht na Gaeilge sa tréimhse agus sa cheantar sin mar ábhar acu, dom. Gabhaim buíoch libh roimh ré. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 432 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, October 11, 2005 - 10:01 pm: |
|
"Mid-Sixteenth-Century Numbers and Phrases", Ériu, vol. vii, 1914 Maidir leis an nGaeilge seo, "it seems fairly safe to infer that Borde probably recorded the speech of some part of the north of the ancient Laighin (Leinster) bordering on Meath" a scríobh údar an ailt. |
|
Fear acadúil Unregistered guest
| Posted on Wednesday, October 12, 2005 - 06:07 am: |
|
Mo cheol thú Dennis, a Thobair an eolais! GRMA |
|
|