mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2005 (Irish Only) » God(mar fhocal Gaeilge, ní dé) « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dalta
Unregistered guest
Posted on Tuesday, October 11, 2005 - 10:15 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Cad is brí le 'God'. Tá sé luaite go flúirseach sa leabhar 'Idir Dhá Shaol' le Pádraig Ó Murchú. Is as Corca Dhuibhne é agus tá Gaeilge Mumhan láidir aige. Ní cuimhin liom go díreach samplaí ón téacs agus dúirt sé rudaí mar 'god is rud agus god is rud eile'.

An bhfuil sé fiosta ag éinne?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 203
Registered: 11-2004


Posted on Tuesday, October 11, 2005 - 01:38 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

cad?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Peadar_Ó_gríofa
Member
Username: Peadar_Ó_gríofa

Post Number: 333
Registered: 01-2005
Posted on Tuesday, October 11, 2005 - 05:32 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Cad é sin?:
" sin?"
"God é sin?"
"Goi sin?"

Cad é an rud sin?:
"Go ard sin?"
"Go ard sin?"
"Goi r’d sin?"

Peadar Ó Gríofa

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Peadar_Ó_gríofa
Member
Username: Peadar_Ó_gríofa

Post Number: 336
Registered: 01-2005
Posted on Tuesday, October 11, 2005 - 10:18 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

d'e:∫in'
gэ de:∫in'
gэ d'e:∫in'

gэ t'e:rḍ∫in'
gэ k'e:rḍ∫in'
gэ d'e:rḍ∫in'

Peadar Ó Gríofa

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 2198
Registered: 08-2004


Posted on Wednesday, October 12, 2005 - 04:57 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

A Dhalta, an raibh sé scíofa mar sin, nó ar chuala tú mar sin é?

Tá "god" ag Dineen mar mhalairt litriú ar cad, ach deir sé go mbaineann sé le Maigh Eo.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dalta
Unregistered guest
Posted on Friday, October 14, 2005 - 10:08 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

bhí sé scríofa mar sin. Ach ceapaim gur ceart é 'Cad' mar mhíniú. Feicfidh mé nuair a rachaidh mé abhaile, tá'im i gcoláiste anois. Níl'is'am faoin mbaint Maigheoach. Bhí an duine sa Chóiréach, b'fhéidir go raibh baint ann ó Mhaigh Eo.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Peadar_Ó_gríofa
Member
Username: Peadar_Ó_gríofa

Post Number: 338
Registered: 01-2005
Posted on Friday, October 14, 2005 - 12:54 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Má scríobhtar: "Cad é sin?"
• Deirtear:
(gan béim ar bith ar "cad" — ná ar "god" — agus, mar sin, gan ach cáilíocht neodrach ag an nguta ann, mura mbáidhtear an siolla ar fad):
"Dé sin?" (Port Láirge)
"God é sin?" (Cúige Mumhan)
"Goidé sin?" (Dún na nGall)


Má scríobhtar: "Cad é an rud sin?"
• Deirtear:
"Go téard sin?" (Lár Chonnacht)
"Go céard sin?" (Deisceart Chonnacht)
"Goidé r’d sin?" (Dún na nGall)

Peadar Ó Gríofa

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Peadar_Ó_gríofa
Member
Username: Peadar_Ó_gríofa

Post Number: 340
Registered: 01-2005
Posted on Saturday, October 15, 2005 - 08:41 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

"The interrogative is completely unstressed in gэ de:∫in' э duэrt∫e: ? cad é sin adubhairt sé?.

"...cad é sin ar siobhal?
gэ de:∫in' er ∫u:l ?. Contrast cad a chuir a gol í? kad э xir' э gol i: ?."

— Brian Ó Cuív, "The Irish of West Muskerry, Co. Cork"

Peadar Ó Gríofa

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Peadar_Ó_gríofa
Member
Username: Peadar_Ó_gríofa

Post Number: 341
Registered: 01-2005
Posted on Saturday, October 15, 2005 - 09:13 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

ax gэ k'e:rd э xas эn∫o xor э b'i hu: ? ach go céard a chas anseo chor ar bith thú?...
a:rэ gэ t'e:rd э γin'э ara go téard a dhuine!
(Tomás 'ac Dhiarmada, An Lochán Beag}

— Tomás de Bhaldraithe, "Gaeilge Chois Fhairrge"

Peadar Ó Gríofa

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dalta
Unregistered guest
Posted on Tuesday, October 18, 2005 - 05:43 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Go raibh maith agaibh as bhur gcuidiú ach tá sibh in iomlán mícheart. D'aimsigh mé an sliocht ón leabhar agus ní ceist é.

Tá an Muchúach ag déanamh cur síos ar a chlann ag dul suas go BÁC chun é a fheiceáil nuair a déanann sagart as agus tá siad go léir deisithe. Dúirt sé: 'God é ní agus níochán, péintéail, bearradh gruaige nua' tar éis sin deir sé 'Pyjamas ar fhir nár chas pyjamas riamh'. Tá sé ag léiriú go bhfuil iarracht déanta acu chun cuma maith a bheith orthu.

Tuairimí?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 2240
Registered: 08-2004


Posted on Tuesday, October 18, 2005 - 05:57 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

God é ní agus níochán ....

Cad é - "méad iontach", nó sa Bhéarla "Such washing,... "

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Peadar_Ó_gríofa
Member
Username: Peadar_Ó_gríofa

Post Number: 358
Registered: 01-2005
Posted on Tuesday, October 18, 2005 - 10:54 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

"Tá sé luaite go flúirseach sa leabhar...tá sibh in iomlán mícheart...D'aimsigh mé an sliocht ón leabhar"

Whatever.

Peadar Ó Gríofa

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dalta
Unregistered guest
Posted on Thursday, October 20, 2005 - 09:58 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

eh, a Aonghuis, come again?

ciallaionn se 'such'? no mead iontach?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 2266
Registered: 08-2004


Posted on Thursday, October 20, 2005 - 10:45 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Sin é.

Chuir siad an-strus orthu fhéin ag ní etc.

Nath atá ann, mar shampla:

"Bhí cad é bús faoi" = bhí a lán cainte faoi.

http://dictionary.reference.com/search?q=such

(Message edited by aonghus on October 20, 2005)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 213
Registered: 11-2004


Posted on Thursday, October 20, 2005 - 02:07 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Was fur ein Mensch! Cad é fear is ea é!

An maith (agus ionann) na samplaí seo?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Peadar_Ó_gríofa
Member
Username: Peadar_Ó_gríofa

Post Number: 366
Registered: 01-2005
Posted on Thursday, October 20, 2005 - 03:14 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

"Dúthaigh í seo go dtagann aimsir ana-cheannsa inti, agus tá boigeacht agus úrmhaireacht aeir inti a thagann go maith dhon bplannda, is cuma cad é."

"Dream eile agus cláracha acu; cad é greitheal agus fuirse!"

"Agus, ós ag caint air é, cad é mar shórt daoine iad an dream thiar?"

"Is minic agus is lánmhinic an cheist á chur orm cad é mar shórt duine é an Criothanach, óm chuimhne féin air."

— Pádraig Ua Maoileoin, "Na hAird Ó Thuaidh"

(Message edited by Peadar Ó Gríofa on October 20, 2005)

Peadar Ó Gríofa

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 2269
Registered: 08-2004


Posted on Thursday, October 20, 2005 - 03:28 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Was für ein Mensch! Cad é fear is ea é!

Bheinn amhrasach an moladh a bhí i gceist sa Ghaeilge.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 486
Registered: 02-2005


Posted on Thursday, October 20, 2005 - 10:13 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

"Is minic agus is lánmhinic an cheist á chur orm cad é mar shórt duine é an Criothanach, óm chuimhne féin air."

"an cheist á chur" a scríobh seisean, nó an dearmad cló é seo?

Tá "cad é mar short duine é" suimiúil. "Cén sórt duine é" a deirimse.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Peadar_Ó_gríofa
Member
Username: Peadar_Ó_gríofa

Post Number: 370
Registered: 01-2005
Posted on Friday, October 21, 2005 - 06:49 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

"Mílseáin á thabhairt abhaile go dtís na mná óga aige aon lá a raghadh sé thar baile amach, ach n'fheadarsa ar chuaigh sé riamh níos giorra ná san d'éinne acu, ach go n-íosfadh cat ciúin fáideog, mar a deirtear."
__________

"Ach tá a thuilleadh acu atá luathbhéalach go maith léi nuair ná fuil aon dul as acu; má tá, ní le haon chion ar an dteangain é ach gur deacair dóibh déanamh á huireasa, agus más é an bás atá i ndán thiar di, is fonnmhar fáilteach a raghaidh siad súd siar ar a tórramh agus ar a sochraid."
__________

"Buail isteach ann maidean aonaigh nuair a bheidh an baile dúisithe agus na tithe beaga ag méanfach agus á searradh féin as tromshuan na hoíche."
__________

"Gléiseanna ceoil acu agus iad á dtarrac chúchu ansan."
__________

"Cairdín agus beanseo agus fidil, b'fhéidir, agus máirseanna breátha á shéideadh suas orthu."
__________

"Mar is ag dul i dteirce atá an t-ainmhí agus a áit á thógaint de réir a chéile ag an inneall."
__________

"Ach más ea féin níorbh fhada go mbeadh an comhluadar i leaba an dáiríribh léi, gach éinne agus a insint féin aige ar bhunús an fhocail; cruacheisteanna eile á chaitheamh trasna ar a chéile acu mar scéal thareis, agus raiseanna filíochta á chaitheamh san aghaidh ar a chéile acu go dtí go mbeadh sé in am scaipeadh."
__________

"Na daoine a bhí i gcoinne na planndála úd ón bhFíor-Ghaeltacht, is é a dúradar gurbh fhearr go mór na feirmeoirí a bhí le haistriú a dh'fhágaint níos giorra dá mball dúchais; gan a dhéanamh leo ach iad a thabhairt amach thar teorainn isteach dhon Bhreac-Ghaeltacht, agus mar sin go mbeifeá ag brú na Gaeilge leat soir de réir a chéile i gcónaí, ach a bheith ag glanadh na mBéarlóirí romhat agus á dtabhairt sin leat, in ionad an dreama eile, go dtí talúintí méithe lár na tíre."
__________

"Do bhíos féin ar aon intinn leo so tamall, agus do mheasas gur dhiail an tseift í nó go bhfeaca triail á bhaint aisti i gceantar so an Daingin."
__________

"Do tháinig aon oíche amháin ón spéir, a dúrthas liom, go raibh faobhar an tseaca ar a fiacail, agus gála cruaidh feannaideach trí Bhá na Scealg aniar, díreach nuair a bhí na chéad phéacáin á chur amach aici."
__________

"Do stolladh go talamh í, do greadadh agus do nochtadh, agus níorbh é an áit chéanna in aon chor é á ceal."
__________

"Is air a bhí a dtaithí ar oileáinín mhara an Bhlascaoid a bhí fágtha ina ndiaidh acu, agus gan de bhóithre acu ann ach cosáin chaeireach siar fén gcnoc agus iad á siúl in aghaidh an lae ar an gcuma chéanna toisc ná raibh ach slí d'éinne amháin sa turas orthu."
__________

"Ag druideam isteach le Carraig an Chinn i gCeann Sléibhe is ea a nochtann an Blascaod Mór é féin de réir a chéile, agus ansan na hoileáin bheaga uaidh ó thuaidh go hInis Tuaisceart, á ngrianadh féin tar éis éirí aníos as an sáile."
__________

"Thíos ar bharra na trá a bhíodh an comhluadar go léir, agus iad sínte ar a gcraodó ag faire ar na stróinséirí uathu síos ar an ngainnimh á ngrianadh féin agus á dtomadh féin san uisce."
__________

""Ligeant di a bheith á cothú féin léi, a mhaoineach."
__________

"Spiairlintí gainnimhe á bhaint ar lag trá againn mar bhaidhte dos na pollóga."
__________

"Gan aon mhairg á chur ag an saol lasmuigh orainn, ná aon bhaint againn leis, ach an litir ó Mheirice agus an fear siúil ós na dúthaí abhfad i gcéin a bhuaileadh chughainn isteach agus a thabharfadh an oíche fé dhéin an tí againn."
__________

"Ach bhí fliúit stáin aige a thairgíodh sé chuige cois an iarta, agus a chos ar a leathghlúin aige, agus ní mór ná go dtógfadh sé na mairbh as uaigh leis na poirt agus leis na ríleacha breátha a bhíodh á sheimint aige dhuinn."
__________

"Díth céille ab ea na rudaí seo ar fad, a deireadh sé, agus níor mheasa an té a chum agus a cheap iad ná an té a bhí á gcraobhscaoileadh."

Peadar Ó Gríofa

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Peadar_Ó_gríofa
Member
Username: Peadar_Ó_gríofa

Post Number: 371
Registered: 01-2005
Posted on Friday, October 21, 2005 - 06:57 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

"Is é an toirmeasc a bhí á thaidhreamh don gCárthach, agus gan aon dabht air, mar ná raibh sé suite i gceart in aon chor go dtairg sé chuige gabhál des na scoilb seo, agus do thosnaigh ar bheith á dteannadh le tóin an oighinn."
__________

"Conas a dh'fhéadfadh a leithéid sin a bheith briosc agat," ars an t-alfraits, mar dob é a ainm é; agus dob é cló a bhí air é, an té a chífeadh sa chúinne é agus scoilb á chur lastuas den oigheann aige."
__________

""B'annamh leis an gcuideachtain seo a bheith comh ciúin," ar seisean, á mbrath, ar shlí éigin, mar is maith a bhí a fhios aige go raibh an caipín beagán as an slí agus gur dócha gurb é a bhí á gcoimeád ina n-éisteacht."
__________

"Tá Paid féin ar shlua na marbh anois, trócaire air, é féin agus a Mhamach agus is lom an áit an Com á gceal."
__________

"Is dócha gur le heagla roimis an dtaisriúchán ná tógfaidís le clocha trá, cé nárbh aon nath acu gainnimh thrá a dh'úsáid ins na tithe déanacha so atá á thógaint acu."
__________

"Nuair a bheadh an tigh nua tógtha agus an seanáitreabh á thréigeant acu, aistreofaí an cheirtlín gruaige seo i dteannta pé airnéisí eile a bheadh á thógaint chun siúil acu go dtí an dtigh nua, agus do chaithfí poll eile a dh'fháil ansúd di."
__________

"Duine acu ag baint na gcaolfhód agus á n-iompú isteach ar na hiomairí, agus an fear eile ag rómhar na gclaiseacha."
__________

"Pé speallraoidí a tháinig orm féin, nó pé diablaíocht a bhí istigh im bolg — ní rabhas ach hocht mbliana agus Cáit a cúig nó mar sin — nuair a dh'iompaíodar tharstu cad a bheadh, an dóigh leat, ach an chré dhearg á chur siar ar an mbean bheag agam le ceann des na spíonóga, agus ise á hithe léi ar dalladh."
__________

"Fiaigh mhara ar an gcloich thíos ar imeall an uisce, á ngrianadh agus á dtiormú féin, a sciatháin ar leathadh age cuid acu."
__________

"N'fheadair éinne ach an difríocht a dheineann an suaimhneas so dhon bhfeoil; an chaora a bhíonn de shíor á crá agus á tnáthadh le gadhair, agus age daoine ag bagairt uirthi, n'fhéadfadh a cuid feola san gan a bheith righin i gcomórtas leis an gceann eile."
__________

""Agus up arís é," a déarfadh an tarna coileach, á freagairt."
__________

"B'shin iad na súnncanna a bhí á thabhairt fé gan dabht, ach bhí Stail bog orthu agus níor dh'oir an scéal do, ar aon nós."
__________

""Nach breá bog a thagann filíocht ort," a déarfadh bean thóin an tí, "go mbeifeá á foghlaim ó dhaoine eile."
__________

"Ansan gabháil tríd an gcladach soir, agus gach coiscéim dá gcuireann tú dhíot, roilleog nó circín trá á mhúscailt as a suan agat agus uaill na mara sa scread a ligeann sí aisti."
__________

"Iad á bhriseadh le casúir againne, gramaisc óg an tí, agus a gcuid putóg á ligeant amach ar an mbán againn de réir mar bhuailfeadh an teidhe sinn."
__________

"Ab iad so an bheirt atá á chaoineadh age Seán Ó Conaill?"
__________

"Is é an sagart a crochadh ar dtúis, agus nuair a bhí an t-easpag le cur ar an gcroich d'iompaigh sé ar Phiaras agus dúirt: ‘Ní haon tábhacht sinne a bheith á chrochadh ach tusa, mar ná beidh do leithéidse de thaoiseach cródha ná de chúl chosanta go deo arís againn.’"
__________

""Bú-hú," arsa Babaí, "cad a tháinig anuas orm in aon chor gur rugadar mo chailín breá d'inín uam, nó cad a dhéanfaidh mé á ceal anois?""
__________

"Plaincéadaí an bhóthair agus barraíocha na gclaitheach as san amach á thógaint againn le heagla roimis an ndoigh talún, rud a bhuaileadh go minic sinn, Dia linn, agus a dh'fhágadh bacach go maith sinn tamall."
__________

"Béarlóirí críochnaithe iad so ná fuil uathu ach Béarla, agus nach aon mhairg leo an loitiméireacht atá á dhéanamh acu."
__________

""Tair i measc na n-asal ar feadh tamaill go bhfeicfidh tú á n-iomlasc féin i smúit an mhóinteáin iad; tair go gcloisfidh tú an patois teangan atá fágtha ages na natives."
__________

"Is maith leo dul siar go dtí Naomh Bréanainn agus go dtí n-a chuallacht ag triall ar bhonn agus bhun-rúta an fhocail mar gheall ar na báid seithe, más fíor, a bhí á úsáid aige nuair a chuir sé chun farraige ón dtaobh tíre sin ag déanamh ar Mheirice."

— Pádraig Ua Maoileoin, “Na hAird Ó Thuaidh”
http://www.smo.uhi.ac.uk/~oduibhin/tobar/

(Message edited by Peadar_Ó_Gríofa on October 21, 2005)

Peadar Ó Gríofa

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Peadar_Ó_gríofa
Member
Username: Peadar_Ó_gríofa

Post Number: 372
Registered: 01-2005
Posted on Friday, October 21, 2005 - 07:46 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

"arnoo a yunnah mah chree hugh Vee collah yass a Hack— meeltha agas gooh dieroch yuch agas boo vore a Skeal eah mar vee shee deentha aus smirr nah hulloon une ovun goh bar"

"Ar ndóigh, a dhuine mo chroí thú, bhí culaith dheas an Haicléara millte, agus cad d'éireodh dhithe, agus ba mhór an scéal é, mar bhí sí déanta as smior na holla uain ó bhun go barr."

An Haicléara Mánas
a nineteenth-century text
from Clifden, Co. Galway

http://www.celt.dias.ie/publications/cat/f/f2-23.html

Peadar Ó Gríofa

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Peadar_Ó_gríofa
Member
Username: Peadar_Ó_gríofa

Post Number: 373
Registered: 01-2005
Posted on Friday, October 21, 2005 - 07:54 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

d'e: so:r takэ v'i: g'e dé sórt taca do bhí aige

— "The Irish of Ring, Co. Waterford"

Peadar Ó Gríofa

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 490
Registered: 02-2005


Posted on Saturday, October 22, 2005 - 02:40 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ceist agam ort, a Pheadair: an neach daonna thú dáiríre, nó inneall cuartaigh a rinne AI breakthrough? Pé scéal é, GRMA as na samplaí uilig.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Peadar_Ó_gríofa
Member
Username: Peadar_Ó_gríofa

Post Number: 378
Registered: 01-2005
Posted on Saturday, October 22, 2005 - 10:04 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

’Sea«; ní hea«; go ndéanai« a µai÷ «uit.

Peadar Ó Gríofa

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dalta
Unregistered guest
Posted on Monday, October 24, 2005 - 07:27 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

grma a aonghuis agus sibh go leir. Tuigim anois e.

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge