Author |
Message |
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 18 Registered: 07-2005
| Posted on Sunday, October 09, 2005 - 11:00 pm: |
|
Seo an ceann eile -- "Is gliobach í an chearc go dtógann sí a hál." Tuigim go liteartha é, ach cad is brí leis? Go mbíonn gach máthair ina gliobach?? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2185 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, October 10, 2005 - 04:14 am: |
|
An brí a bhaineadh mise as - gur mó cúrám máthair dá hál go dtí go mbíonn siad tógtha, ná a cúrám di féin. |
|
Máire- Luimneach Unregistered guest
| Posted on Monday, October 10, 2005 - 11:35 am: |
|
Is ar fhear an tí a bhíos cúramún. Nach shin é a chairde? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 428 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, October 10, 2005 - 08:57 pm: |
|
Níl a fhios agamsa, a Mháire. Céard a chiallaíonn "cúramún"? Tá "cúramán" san fhoclóir leis an mbrí "tench", ach níl an focal sin agam ach oiread! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2192 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, October 11, 2005 - 04:12 am: |
|
Iasc atá i "tench". Diabhail fhios agamsa ach oiread cén saghas ainmhí é cúramún. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 435 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, October 11, 2005 - 10:44 pm: |
|
An itear in Éirinn é? Ní fhaca mé riamh ar bhiachlár é, ach deir m'fhoclóir go bhfuil sé inite. Tá an méid seo le rá ag an bhfoclóir céanna faoin tsanasaíocht: "... from Late Latin tinca, probably of Celtic origin". |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2195 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, October 12, 2005 - 06:31 am: |
|
Ní heol dhom. Ní raibh fhios agam céard é |Tench ach oiread, d'fheach mé sa bhfoclóir! Ní itear mórán iasc in Éirinn - síltear go mbaineann bia mara leis an droch saol. |
|
Miriam Chorcaí Unregistered guest
| Posted on Thursday, October 13, 2005 - 10:15 am: |
|
Is ionann ag roinnt daoine 'cúramún' agus 'cúram Úna'. Úna a bheith as alt ar údar éigin agus titfidh a cúram sise ar 'fhear an tí'. |
|
Coinchiùr Unregistered guest
| Posted on Thursday, October 13, 2005 - 10:19 am: |
|
Dia dhuit, Coinchiùr is ainm dom.Conas atà sibh? |
|
Seán Maigh Eo Unregistered guest
| Posted on Thursday, October 13, 2005 - 10:20 am: |
|
Dia dhuit! Conas atá tú? |
|
Fiona Unregistered guest
| Posted on Thursday, October 13, 2005 - 10:21 am: |
|
Miriam, Ar mhaith leat luimneach? Tá sí i bhfad níos fearr ná an chorcaigh. |
|
Miriam Chorcaí Unregistered guest
| Posted on Thursday, October 13, 2005 - 10:24 am: |
|
Fiona,is breá liom UL ach níl a fhios agam faoi Luimneach mar tá Chorcaí i bhfad níos fearr!!!!!!!!!!!!!!!!!!! |
|
Fifi as Luimneach Unregistered guest
| Posted on Thursday, October 13, 2005 - 10:29 am: |
|
Gach duine,tá miriam go hiomlán as a bhosca agus tá sí ina gconaí i gcontae seafóideach.haha |
|
Aonghas Unregistered guest
| Posted on Thursday, October 13, 2005 - 10:30 am: |
|
Ceapaim gur homòghnèasach è Sheàin ò Mayo |
|
Seán Maigh Eo Unregistered guest
| Posted on Thursday, October 13, 2005 - 10:33 am: |
|
Tá an aimsir go hálainn anseo i Luimneach? An bhfuil a fhios ag éinne faoin aimsir i Mhaigh Eo? Beidh "SAM MAGUIRE" ar ais i Mhaigh Eo an bhliain seo chugainn! |
|
scobie Unregistered guest
| Posted on Thursday, October 13, 2005 - 10:33 am: |
|
is maith liom subh |
|
Denis Unregistered guest
| Posted on Thursday, October 13, 2005 - 10:35 am: |
|
Aontaím go hiomláin leat. |
|
seán Unregistered guest
| Posted on Thursday, October 13, 2005 - 10:37 am: |
|
Cad é do fíor ainm "Aonghas"? |
|
Denis Unregistered guest
| Posted on Thursday, October 13, 2005 - 10:38 am: |
|
Is féasog bréagach atá ag Aonghus. |
|
Aonghas Unregistered guest
| Posted on Thursday, October 13, 2005 - 10:41 am: |
|
Is maith liom Seàn.Tà sè an dheas |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2203 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, October 13, 2005 - 10:41 am: |
|
Cé scaoil na mic léinn inár measc arís? A Sheosamh Mhic Mhuirí.... Níl faic bréagach fúmsa ná faoi mo fhéasog, a dhailtíní ó Luimneach na Lann... (Ní fhaca mo smig lann ó bhí 1988 ann....) |
|
Fifi as Luimneach Unregistered guest
| Posted on Thursday, October 13, 2005 - 10:50 am: |
|
Is aoibheann liom do fheasóg a aonghus..tá sé go hálainn ar fad.. |
|
Seosamh Mac Muirí Unregistered guest
| Posted on Thursday, October 13, 2005 - 12:18 pm: |
|
Gabhaidh mo leithscéal a Aonghuis, a Dennis, a Fhear na Stiúrach agus a Dhaltaí na Gaeilge. An ceart agat a Aonghuis, mise is ciontaí leo. Bhí an iomarca in aon seomra ag an am céanna, an t-am gairid orainn agus ní bhfuaireas stiúir mar ba cheart orthu go léir. Bhí rith an ráis ag cuid acu orm i ngan 'fhios, mo léan. Ní bheidh an seomra ríomhairí in áirithe againn arís go ceann bliana agus beidh an sonas i réim ar an suíomh arís feasta. Tá ceartú le déanamh ag cuid den dream a thug faoin scríobh, is léir, agus níorbh fhéidir leo uair an chloig a chaitheamh leis an ríomhaire ach amháin nuair a bheas orthu aiste nó tionscnamh a bhreacadh is mar sin. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2206 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, October 13, 2005 - 05:13 pm: |
|
Glacaim le fonn le'd léithscéal, a Sheosaimh. Píosa spraoi a bhí ann. Scaoil chuighainn an leath eile, agus bíodh scéal againn! |
|
Seosamh Mac Muirí Unregistered guest
| Posted on Thursday, October 13, 2005 - 06:39 pm: |
|
Is in antráth oíche atáir féin le taobh an ríomhaire a Aonghuis! Tá an tóin is an tsrón araon tite díom féin anseo le gnóthaí oibre agus póirseáil leabhar. Leis na leabhair agus leis an gcóipeálaí anocht mé ach súil thar mo leiceann agam ar an diabhal ríomhaire ó am go chéile. Ní le gnóthaí riaracháin mé ar mhodh ar bith. Sin an rud is measa ar an saol. Feicim na seanfhondúirí go léir thart anseo ar Dhaltaí, buíochas le Dia. An dream úr isteach againn abhus le trí seachtaine, is leannán sí acu Ros na Rún agus TG4 ag drandán ina gcluais faoina bhfuil i ndán do bhunadh na Gaeilge: Acht na dTeangacha Oifigiúla ag corraí chun gnímh, borradh agus fás fúinn mar dhream. Tá faobhar oibre ar go leor acu. Tá duine nó beirt as na meánscoileanna ag fiosrú cheana féin le haghaidh na bliana seo chugainn. Táthar dom cheistiú mar gheall ar dheiseanna oibre Gaeilge sa bhliain 2010! Is mór an gar boladh an airgid a bheith ag teacht ar an nGaeilge. Féachfaimid linn ach ní ar gcúl atáimid ag gabháil ar chuma ar bith. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2209 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, October 14, 2005 - 08:30 am: |
|
Maith do scéal! Fuinneamh ag dul le'd flosc agat! |
|
Seosamh Mac Muirí Unregistered guest
| Posted on Friday, October 14, 2005 - 11:13 am: |
|
Le flosc is fuadar arís inniu agus mé ag iarraidh aghaidh a thabhairt ar Ghaillimh le haghaidh Comhdháil na Litríochta agus an Chultúir. An mbeidh tú féin ag tabhairt aghaidh ar an Oireachtas i gCorcaigh? http://www.ucc.ie/comhdhailcheilteach/ http://www.antoireachtas.ie/samhain.html |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2211 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, October 14, 2005 - 11:43 am: |
|
Ní bheidh, faraor. Dualgaisí oibre agus clainne orm abhus. I gceann leathscór bliain, nuair atá na gasúr imithe as an teach, seans... |
|
Peadar_Ó_gríofa
Member Username: Peadar_Ó_gríofa
Post Number: 345 Registered: 01-2005
| Posted on Sunday, October 16, 2005 - 03:43 pm: |
|
"Is minic a bhí bromachín giobalach ina chapaillín cumasach." — A Mhuintir Dhú Chaocháin, Labhraígí Feasta! Peadar Ó Gríofa
|
|