Author |
Message |
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 17 Registered: 07-2005
| Posted on Sunday, October 09, 2005 - 10:58 pm: |
|
Sna bialanna in Éirinn, chonaic mé seanfhocail ar na pacáistíní siúcra. "Níl aon tinteán mar do thinteán féin", "Is túisce deoch ná scéal" agus mar sin de. Ach bhí dhá sheanfhocail nach bhfaca mé riamh roimhe orthu, agus níor thuig mé an bhrí atá leosan. Níor chuimhin liom na haistriúcháin go Béarla a chuaigh leo freisin. "Chuirfeadh sé cosa faoi chearca duit" Cad is brí leis an gceann seo? Go raibh maith agaibh. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2186 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, October 10, 2005 - 04:16 am: |
|
Deir google gur cabaire cainteach atá i gceist. |
|
Fearn Unregistered guest
| Posted on Monday, October 10, 2005 - 09:23 am: |
|
Dhéarfainn gur duine é a mbíonn ag maíomh go ndearna sé rud éigin duit a bhí ann ar aon nós. Cor cainte é seachas seanfhocal |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 184 Registered: 06-2005
| Posted on Monday, October 10, 2005 - 10:07 am: |
|
Bréagadóir a cheap mé féin. Ní Síocháin Go Saoirse. Is í slánú na Gaeilge athghabháil na Saoirse
|
|
Peadar_Ó_gríofa
Member Username: Peadar_Ó_gríofa
Post Number: 329 Registered: 01-2005
| Posted on Monday, October 10, 2005 - 11:29 am: |
|
“Cuirfidh an fear sin an cnoc thall ar an chnoc i bhfos, nó cuirfidh sé cosa cruinne faoi na cearca, nó 'sé triall na gcearc go h-Albain aige é.” — Seaghán 'ac Meanman, “Rácáil agus Scuabadh” http://www.smo.uhi.ac.uk/~oduibhin/tobar/ Peadar Ó Gríofa
|
|
Máire Chiarraí Unregistered guest
| Posted on Monday, October 10, 2005 - 11:30 am: |
|
Dhéanfadh sé iontas. Sin, no Chuirfeadh sé craiceann ar scéal. |
|
Peadar_Ó_gríofa
Member Username: Peadar_Ó_gríofa
Post Number: 330 Registered: 01-2005
| Posted on Monday, October 10, 2005 - 12:24 pm: |
|
"…cuirfidh sé cosa cruinne faoi na cearca, nó 'sé triall na gcearc go h-Albain aige é." __________________________________________________ “‘Tá mé ag gabháil 'un na coigcríche ar maidin i mbárach agus ní triall na gcearc go h-Albain sin!’ arsa Naos ag éirghe agus ag fágáil an toighe.” — Seaghán 'ac Meanman, “Crathadh an Phocáin” Peadar Ó Gríofa
|
|
Fearn Unregistered guest
| Posted on Thursday, October 13, 2005 - 08:39 am: |
|
Mór na leaganeacha, beag an ciallú???? |
|
Peadar_Ó_gríofa
Member Username: Peadar_Ó_gríofa
Post Number: 339 Registered: 01-2005
| Posted on Friday, October 14, 2005 - 01:19 pm: |
|
Is cosúil go gciallaíonn sé "cai verzi pe pereţi." Peadar Ó Gríofa
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2213 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, October 14, 2005 - 04:39 pm: |
|
Cén ghaeilge atá ar sin? Seachas cosa a chuir faoi cearca, dar ndóigh! |
|
Fearn Unregistered guest
| Posted on Saturday, October 15, 2005 - 06:54 am: |
|
An ea sa leabhar Eibhlís i dTír na nIontas a bhí sé? "Sé an bhrí sa gcaint agam, an bhrí is mian liom" |
|
Peadar_Ó_gríofa
Member Username: Peadar_Ó_gríofa
Post Number: 342 Registered: 01-2005
| Posted on Saturday, October 15, 2005 - 08:27 pm: |
|
quote:“Cuirfidh an fear sin an cnoc thall ar an chnoc i bhfos, nó cuirfidh sé cosa cruinne faoi na cearca, nó 'sé triall na gcearc go h-Albain aige é.” — Seaghán 'ac Meanman, “Rácáil agus Scuabadh” "Ag cur cosa crainn faoi na cearca, i.e. ag déanamh scéimeanna móra gan gléas ar bith lena gcur i ngníomh." — Seán Mac Maoláin, "Cora Cainte as Tír Chonaill" Peadar Ó Gríofa
|
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 19 Registered: 07-2005
| Posted on Sunday, October 16, 2005 - 01:42 am: |
|
Go raibh maith agat,a Pheadair. Tá ciall leis sin. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2217 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, October 16, 2005 - 03:57 pm: |
|
Maith agat a Pheadair. Tá ciall leis go deimhin. |
|