mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2005 (September-October) » Archive through October 12, 2005 » Scéalta ón bhForaois « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 2180
Registered: 08-2004


Posted on Saturday, October 08, 2005 - 03:55 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Tá dlúthdiosca nua de scéalta foilisithe ag Comhluadar. Ceithre chinn de leabhair a bhfuil an-tarraingt ag tuistí le leanaí óga orthu le blianta atá i gceist. Trí chinn de na scéalta a bhaineann le “Béar Mór agus Béirín”, agus aistriúchán cumasach Gabriel Rosentock – An Garbhán.
Tá gach leabhar faoi seach de na scéalta faoi Bhéirin léite i gcanúint eagsumhal – ag Dairíne Ní Dhonnchú, Breandán de Gallaí agus Bríd Ní Neachtain. Tá eacht déanta ag Mauirice O’Donoghue a chuireann gach charachtar sa Gharbhán in iúl le guth sainiúl oirúnach. Scéalta iad seo ar fad atá á léamh ag tuismitheoirí dá bpaistí, agus is mór an chúnamh a bheidh san CD seo dóibh.

Tá fuaimeanna cuirthe leis na scéalta chomh maith. Bainfidh idir páistí agus tuistí an-taithneamh as an seod gleoite seo. Tá sé ar fáil ó Comhluadar ar €12.

http://www.comhluadar.ie

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dalta
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Sunday, October 09, 2005 - 12:05 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

An bhfuil seanscéaltaí ann a d'insínn tuismitheoirí dona bpaistí ar feadh na gcéadtaí in Éirinn agus sa Ghaeltacht? Rudaí ar nós na seanscéalta faoi Chúchullain agus Fionn agus dírithe go dtí páistí go háirithe.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 877
Registered: 01-2005
Posted on Sunday, October 09, 2005 - 01:49 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

"Laochas", le Séamas Ó Searcaigh, más buan mo chuimhne. Gaeilg dhúchasach don scoith, as Tír Chonaill (a caighdeánaíodh giota beag, ina dhiaidh sin), atá ann. Gheobhaidh tú ar Litriocht.com gan amhras. Finscéaltaí, scéaltaí as an mhiotaseolaíocht, a rinneadh gairid agus sothuigthe. Tá sin iontach maith. Beidh sé fóirsteanach do dhaoiní óga 7 do dhaoiní fásta chomh maith.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 420
Registered: 02-2005


Posted on Sunday, October 09, 2005 - 02:39 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

Rudaí ar nós na seanscéalta faoi Chúchullain agus Fionn agus dírithe go dtí páistí go háirithe.

Seo leabhar eile (agus téip) duit, má tá sé i gcló fós:

Finscéalta na hÉireann (1991) Leagan Gaeilge le Gabriel Rosenstock. Tá sé scéal ann, mar atá:

Mealladh Édaoine (á léamh ag Nuala Ní Dhomhnaill)
Tobar an Domhain Thoir (... Macdara Ó Fatharta)
An Gobán Saor (Ann-Marie Horan)
Táin Bó Cuailgne* (Seán Ó Briain)
Deirdre agus Clann Uisnigh (Máire Ní Ghráinne)
Faoi Mar a Chuaigh Fionn i gCeannas ar an bhFiann (G. Rosenstock)

* Is féidir gurb é seo an leagan is giorra den Táin dá bhfuil ann! Ach ní dóigh liom go raibh an Táin sa repertoire ag seanchaithe na Gaeltachta, actually. Fíannaíocht is mó a bhíodh acu, cé go raibh ról beag ag Cú Chulainn i gcúpla ceann de na scéalta sin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 2183
Registered: 08-2004


Posted on Sunday, October 09, 2005 - 03:46 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Scéilín Ó Bheilín, Oidreacht Chorca Dhuibhne.

CD & Leabhar den scóth.



©Daltaí na Gaeilge