mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2005 (Irish Only) » Rudaí practiciula chun an Ghaeilge a chur chun cinn « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dalta
Unregistered guest
Posted on Saturday, October 08, 2005 - 03:40 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

An bhfuil rudaí ann le déanamh chun an nGaeilge a chur chun cinn go laethúil agus practiciúil? Labhrím Gaeilge i 'spurts', deirim 'GRMA' i siopaí agus rudaí bige mar sin ach ceapaim nach dóthain é seo i ndáiríre, ní dhéanfaidh sé sin aon difríocht.

Tá'im ar clár raidió ar an staisiún 'Raidió Campais Chorcaí' - staisiún Raidió do Choláiste na hOllscoile Corcaigh, caithfidh a bheith rud le déanamh le sin. Thosaigh mé an tseachtain seo caite, mar sin, nílim ag ceapadh faoi smaointe fós.

An bhfuil aon moltaí ag daoine? Go háirithe Domhnall, tá sé go maith ag rudaí mar seo. Freisin, má bhíonn éinne i gCorcaigh dé Céadaoin thart ar a dó a chlog, éist le 93fm.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 2181
Registered: 08-2004


Posted on Saturday, October 08, 2005 - 03:56 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Féach ar http://www.gaelport.com

Tacaigh le rudaí atá ar bun cheana féin!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dalta
Unregistered guest
Posted on Sunday, October 09, 2005 - 12:03 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ní rudaí mar sin, tá'im ag caint faoi rudaí a chur ar bun nó rudaí is féidir liom féin a dhéanamh. Cosúil le 'GRMA' a rá le daoine, ach níos éifeachtaí ná sin. Daoine a aimsiú le Gaeilge agus iarracht chun taibhirn nó áit a ghlacadh chun an nGaeilge nó rud mar sin.

GRMA as d'iarracht ámh.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Domhnall
Member
Username: Domhnall

Post Number: 178
Registered: 06-2005


Posted on Sunday, October 09, 2005 - 03:23 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Sa chéad dul síos míle maith a'at maidir le do mholadh ;)

Agus gan amhras tá roinnt smaointí a'am;
Dírigh ar do lucht éisteachta - Mic Léinn.. Cad iad na rudaí gur mhaith leo a chloisteáil? Don chuid is mó ceol pop.. Mar sin, an bhféadfeá clár cosúil le Top 40 oifigiúil na hEireann a chur amach? N'fheadar an bhfuil an clár sin le cloisteáil agat i gCorcaigh ach cloisim féin é ar SPIN 103.8 AGUS LMFM 95.8. Clár trí Ghaeilge ach leis an gceol i mBéarla is ea é. Chomh maith le seo, bíonn an-chuid cláir curtha amach as Gaeilge ó 98fm Raidió na Life 7rl - d'fhéadfá roinnt smaointí a fháil uathu.
Smaoinigh taobh amuigh den bhosca - ní gá go mbeadh do obair le cloisteáil amháin. Féach ar an bhfograíocht a bhíonn le feiceáil sna meáin eile páipéirí,teilifís,comhartaí ar bhallaí 7rl don raidió.
Cur feachtas ar bun - 'Gaeilge agam agus bródúil asti'
Bíodh íomha 'cool' ag an gclár , Dj maith a labhrann Gaeilge agus a chuireann an ceol is fearr amach* Más teanga cool í Gaeilge labhróidh daoine í*, cur postéirí ar fud an choláiste, bí i dteagmháil le do Chumann Gaelach, cur an suaitheantas 'Grá don Gaeilge' ar fáil agus an fáinne chomh maith.. Má fheiceann daoine go bhfuil Gaeilge agat labhróidh siad leat i nGaeilge. Ní bheidh éinne páirteach mura mbeidh craic curtha ar fáil. Agus an rud is tábhachtaí bain taitneamh agus craic as!!

Led thoil bí i dteagmháil ar ais liom táim cinnte go dtiocfaidh roinnt smaointí níos fearr chugam!

Ní Síocháin Go Saoirse.
Is í slánú na Gaeilge athghabháil na Saoirse

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dalta
Unregistered guest
Posted on Tuesday, October 11, 2005 - 10:08 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Go raibh míle, a Dhomnaill, is maith iad súid go deimhin. Maidir leis an gclár raidió, níl sé clár ceoil i ndáiríre. Clár gan ábhar le déanta na fírinne. Déanfaidh mé iarracht chun é a chasadh go dtí clár cainte. Maidir le Gaeilge ar an raidió, chuala mé go bhfuil beacht ag an gColáiste chun a lán cláracha a bheith le fáil as Gaeilge agus b'fhéidir níos déanaí beifear in ann cláracha ceoil agus cláracha eile a chur ar fáil. Beidh mé i dteaghmháil le ceannaire an stáisiúin.

Maidir leis an gCumann, sí a aidhm ná craic a fháil seachais an Ghaeilge a chur chun cinn ach beidh mé i dteaghmháil ar aon nós, b'fhéidir gur féidir rud a dhéanamh leo.

Agus na fograíochtaí, maith an smaoineabh, déarfaidh mé rud le ceannaire an raidió. Tá oifigeach Gaeilge ann chomh maith ach nílim in ann í a aimsiú, dá naimseodh mé í, beidh mé ag caint léi.

Maidir le rudaí nach bhfuil baint acu leis an raidió, an bhfuil rud le déanamh? Cad a dhéanann tusa i do ghnáthshaol chun an nGaeilge a chothú?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 204
Registered: 11-2004


Posted on Tuesday, October 11, 2005 - 01:46 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Má tá suim agat, agus má sheinneann tú aon rud de ar an raidió, seolfaidh mé cóip de mo dhlúdhiosca chugat. Scríobh chugam.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dalta
Unregistered guest
Posted on Friday, October 14, 2005 - 10:10 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

An ceol é? Cén sórt? Dá seolfá rud chugham, déanfaidh mé iarracht é a sheinm. An bhfuil sé aon mhaitheas? ;)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 206
Registered: 11-2004


Posted on Friday, October 14, 2005 - 10:34 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

An bhfuil aon mhaitheas ann!? Dar ndóigh (tá súil agam)!
Seo duit a bhfuil againn:
http://www.scoilgaeilge.org/ceol/
Táim ag smaoineamh ar 'Cleas Amhrán,' ach má ba mhaith leat rud eile don raidió, níor mhiste liom.

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge