Author |
Message |
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 399 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, October 05, 2005 - 05:13 pm: |
|
A friend asked me for the lyrics to "An Bealach Seo Tá Romham". Níl an t-albam a bhfuil an t-amhrán sin air, an chéad cheann, agam. Does anyone here have the words? |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 858 Registered: 01-2005
| Posted on Wednesday, October 05, 2005 - 05:45 pm: |
|
Tá: fan go bhfeice mé cá bhfuil siad ar mo ríomhaire... (Message edited by lughaidh on October 05, 2005) |
|
Asarlaí
Member Username: Asarlaí
Post Number: 49 Registered: 01-2005
| Posted on Wednesday, October 05, 2005 - 06:37 pm: |
|
The lyrics to this song are nowhere to be found on the web and I'm not fluent enough to work them out, unfortunately. Also, I can't find the inner sleeve to the CD to confirm or not if the lyrics are included. I'll have another look around. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 859 Registered: 01-2005
| Posted on Wednesday, October 05, 2005 - 07:58 pm: |
|
Seo na véarsaí: Is minic mé ag smaoitiú Is mé ag féachaint ar gach taobh dom Is feicim sluaite daoiní Eadar aosta agus óg ’S iad fá dheifre shíoraí Ag siúl a’ bealach céanna Ina bhfuil mé féin go cloíte Ag taisteal leo sa ród Is leanfaidh siad a choíche Is saint ina gcroíthe Ag bailiú leo maoin shaolta Ó mhaidin go neoin Tá mise ag leanstan daofa Ní bhfaighidh mé sos ná scríste Go sroichí mé ceann scríbeadh Sa bhealach seo ’tá romham Is iomaí cor is lúbadh Sa turas chun na huaighe Is iomaí ábhar buartha ’Casfar ort sa tslí Ach ’s fusa iad a shárú Le greann agus le gáire ’S a bheith i gcónaí sásta Nó a theacht le toil an Rí Is cuma cad é atá i ndán domh Ag Dia amháin atá a fhios ag sin Ní bheidh mé choíche cráite Le buaireamh ná brón Ach cuirfidh mé mo dhóchas I nDia mhór na Glóire Is dhéanfaidh sé mo threorú Sa bhealach seo ’tá romhainn |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 402 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, October 05, 2005 - 08:21 pm: |
|
Fáinne óir ort! Beidh ríméad ar mo chara. Dála an scéil, is... teangeolaí é! |
|