I gCeathrú Thaidhg agus áiteacha eile atá congarach dó agus thart ar an Eachléim a gheofaí na cainteoirí. Tá aithne mhaith ag Máirtín Mac Donnchadha
(
ceartlar@rte .ie)
orthu sin, nó ar chuid acu, agus ar ollúna ar nós Nollaig Ó Muraíle (
http://www.nuigalway.ie/faculties_departments/gaeilge/foireann/nollaig_omuraile. html), arb as Maigh Eo é agus Gaeilge sár-mhaith aige anois.
D’fhéadfaí cúrsa iomlán a bhunú ar an leabhar a scríobh Éamonn Mhac an Fhailigh. Tá stiúideo ag Raidió na Gaeltachta ar an Eachléim anois. Tá a lán taifeadta cheana acu i nGaeilge Iorrais agus tá siad in ann a lán eile a thaifeadadh. Ta leabhra maithe scríobhtha sa gcanúint agus d’fhéadfadh RnG ceann díobh a chur leis an tsraith "Focal ar Fhocal."
Dúirt Pádraig S. Ó Murchú le Máirtín Mac Donnchadha uair amháin, "Tá mé ag déanamh amach nach féidir Gaeilge na háite seo a mhúineadh, mar go bhfuil a leagan féin ag ’ach uile dhuine…"; ach deirim féin go bhféadfaí rud ar bith a dhéanamh ach suim a bheith ag daoine ann, agus iad an tsuim sin a chur in iúl dóibh seo a bheadh in ann é a dheánamh.
__________________________________________________
"Minor differences of speech are noticeable as one travels from one point to another of the places I have mentioned. These are not very marked, however, and are differences rather of vocabulary than of sounds or accidence. In Dû Chaocháin in the north, for instance, they seem to use more typically Donegal words than in Faulmore."
— Éamonn Mhac an Fhailigh, "The Irish of Erris, Co. Mayo"
__________________________________________________
"Na samplaí a thugtar sa chúrsa seo is féidir iad a úsáid mar bhonn le haithris chruinn a dhéanamh ar an gcaoi a modhnaítear baill uile na bhfoirne fuaimeanna i suíomhanna éagsúla i gcaint nádúrtha na Gaeltachta. Tig leis an bhfoghlaimeoir é féin a ullmhú, mar sin, chun an tairbhe is mó is féidir a bhaint as an nGaeilge a labhairt ar feadh tréimhse i gcomhluadar cainteoirí ó dhúchas — an t-aon mhodh amháin chun barrchéim feabhais a bhaint amach san fhoghraíocht...
"Tugtar sampla d’fhuaim as réimse gach foinéim faoi mar a deir cainteoir óg ó dhúchas í. As tuaisceart Mhaigh Eo don chainteoir
1. Mheasamar na samplaí seo a thabhairt ar na fuaimeanna i bhfocail nach mbeadh difríocht rómhór eatarthu ó chanúint go chéile. Ní staidéar iomlán ar na fuaimeanna atá sa chanúint aici a bheartaíomar a dhéanamh..."
1 Caitlín Ní Dhochartaigh, O.S., Ceathrú Thaidhg... — "Bunchúrsa Foghraíochta" (Oifig an tSoláthair, 1966)
__________________________________________________
"This book is based on the dialect of Cois Fhairrge, Co. Galway, and the best way of learning to pronounce the words in it is from a native speaker of the dialect. For many readers who will not be able to learn directly from a native speaker, the cassettes available in connection with this book should prove useful...
"The Irish in this book is that which might be expected from a native speaker who has assimilated a modicum of newly-coined terms...
"When faced with a large variety of forms within the dialect of Cois Fhairrge, it has sometimes been necessary to make a choice and those forms which seemed to be most common were chosen. No statistics of frequency were available. In the matter of spelling, the Official Standard has been generally adhered to, though for the sake of the learner there have been certain deliberate departures. These are explained in Appendix III. After completing the book the learner should be advanced enough to change over to fully Standard spellings without difficulty."
— Mícheál Ó Siadhail, "Learning Irish"
__________________________________________________
An rud a rinneadh le haghaidh Chois Fhairrge, tig a dhéanamh — nó níos mó ná sin — le haghaidh Iorrais Dhomhnainn. __________________________________________________
(Message edited by Peadar_Ó_Gríofa on October 03, 2005)