mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2005 (Irish Only) » Seoid i gCroí na hÉireann « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Liz
Member
Username: Liz

Post Number: 12
Registered: 07-2005


Posted on Saturday, September 24, 2005 - 05:24 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

I mí Lúnasa, chuamar inár gcarr ó Chathair na Mart go Cil Rois mar thurasóirí. Mise an duine a raibh de dhualgas uirthi plean an turais a dhéanamh gach lá a bhíomar in Éirinn. Gach oíche, shuígh mé ar an leaba, bhreathnaigh ar na mapaí agus rinne scéim an lae amáireach.

Níor chuala mé trácht riamh roimhe ar Músaeum Saol na Tuaithe go dtí an dara oíche a rabhamar i gCathair na Mart.

Tá an Musaeum suite i bPáirc Thurlaigh, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo.

Tá cloigtheach gar don áit agus tá seanteach na bhFitzgeralds in aice don mhusaeum.

Seoid cheart é an músaeum seo. Lán de sheanrudaí suimiúla, agus seanphictiúir, fístéipeanna, is guthanna na ndaoine le feiceáil is le chloisint ar fud na háite.
Bhaineamar an-sult as. Insíonn an músaeum scéal daoine an fichiú céad in Éirinn, agus, ar shlí, scéal saol na tuaithe ar fud an domhain uilig. Caithfidh mé a rá go bhfaca mé scéal mo mháthar féin (a tógadh ar fheirm bheag i lár Wisconsin) ansin chomh maith.

Thug mé faoi deara nach raibh a lán turasóirí ann, ach teaghlaigh óige Éireannacha an chuid is mó de na daoine a chonaic mé ansin.

Molaim an múseaum go hard daoibh.

Seo a suíomh, má tá suim agat ann:
http://www.museum.ie/countrylife/overview.asp

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Unregistered guest
Posted on Tuesday, September 27, 2005 - 12:39 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Is maith gur bhain tú sult as na seoid a d'aimsigh thú!

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge