http://www.glornangael.ie/ "Is mian le Glór na nGael úsáid inmharthanta agus inbhuanaithe na Gaeilge a fhorbairt ar fud oileán na hÉireann. Cothaítear é seo trí acmhainn agus scileanna gach pobal a aithint agus a chomhordú. Déantar é seo trí mheán comórtas pobail ina bhfuil páirtnéireacht grúpaí áitiúla mar chroí-lár ann."
"Beidh comórtas ar leith ann feasta do ghrúpaí nó choistí a chuireann an Ghaeilge chun cinn thar lear. Cé gur dócha gur as Meiriceá nó an Bhreatain a thiocfaidh an chuid is mó de na hiarrthóirí, cuirfear fáilte roimh iarratais as áit ar bith ar domhan.
Bealach é seo le lámh an mhuintearais a shíneadh amach i dtreo lucht na Gaeilge ar fud an domhain agus chun an Ghaeilge a cheiliúradh ar stáitse nua domhanda. Tá Glór na nGael ag iarraidh go mbeidh grúpaí éagsúla rannpháirteach sa chomórtas, bídis ina n-imirceoirí, ina bhfoghlaimeoirí de bhunadh Éireannach i bhfad siar, nó dream ar bith eile a chuireann spéis sa Ghaeilge."
Ar aghaidh libh, mar sin!