Author |
Message |
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 315 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, September 20, 2005 - 02:37 pm: |
|
Tá Rashoomon: Gearrscéalta le Akutagawa Ryuunosuke á léamh agam faoi láthair. Tá na scéalta go hiontach agus tá an t-aistriúchán le Seán Ó Dúrois go han-mhaith. Is as scéal amháin díobh, "I bhFáschoill", a rinne Kurosawa an scannán clasaiceach Rashomon. Is méanar dúinn cnuasach mar sin a bheith ar fáil i nGaeilge! |
|
Fearn Unregistered guest
| Posted on Wednesday, September 21, 2005 - 11:48 am: |
|
Níor léigh mé an leabhar sin go fóill. Nárbh fada uaim é. Léigh mé an leagan Gaeilge de "Cat is Luch" le Gunter Grass, leagan a ndearna Andrea Mhic Thaidhg. Sár leabhar é idir scéal is Ghaeilge. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 320 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, September 21, 2005 - 12:27 pm: |
|
Dlíonn moladh moladh eile. GRMA as do cheannsa, a Fhearn! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2029 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, September 21, 2005 - 04:43 pm: |
|
Ní raibh mé riamh in ann aon meabhar a bhaint as Grass. Maidir le leabhair Ghaeilge, tá Lámh Laidir le Joe Steve Ó Neachtain léite agam le tamall agus taitneamh bainte agam as. Maidir le saíocht an Domhain Thoir, bhain mé ann taitnemah as Nasruidín, cuirthe in eagar ag Gabriel Rosenstock. Scéalta beaga grinn ón dTuirc, cé go bhfuil na scéalta céanna ar fáil ar fud an Mheanoirthear de réir mo thuiscint. |
|
Fearn Unregistered guest
| Posted on Thursday, September 22, 2005 - 08:54 am: |
|
A Aonghuis, "Ní raibh mé riamh in ann aon meabhar a bhaint as Grass." Bain trial as Cat is Luch. Scéal ógfhir atá ann. Agus bhí óige ag móramh na ndaoine (?). A Dhennis Go ndéana a mhaith duit. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2034 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, September 22, 2005 - 09:09 am: |
|
Táim ró fhalsa anois. Leabharagáin lán de Kästner, Feuchtwanger, Fallada, Remarque, Böll agus rl. agam. Níl fonn orm teacht ar blas do Ghrass. Ach seans go gcaithfead stracfhéachaint ar leabharlann an Goethe Institut amach anseo. |
|
Fearn Unregistered guest
| Posted on Thursday, September 22, 2005 - 09:30 am: |
|
Bhal, níl ach dhá leabhar i nGaeilge as measc an dreama údaí, go bhfios dom. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2035 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, September 22, 2005 - 11:21 am: |
|
Trí chinn. Emil agus na Bleachtairí Kästner (agam!) Dialann as Éirinn Böll (agam!) Agus Cat agus Luch Grass (agatsa!) Ach is fearr liom bunleagan nuair atá an teanga agam. (Message edited by aonghus on September 22, 2005) |
|
Fearn Unregistered guest
| Posted on Thursday, September 22, 2005 - 11:55 am: |
|
Trí chinn! Clann leabhar na Gaeilge ag dul i líonmhaireacht!! Bíonn meas agam ar bhun- is athleagan mar thuiste is ghasúr |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 329 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, September 22, 2005 - 12:31 pm: |
|
Dúirt (nó dúradh go ndúirt!) Gabriel García Márquez go bhfuil an t-aistriúchán Béarla de Cien Años de Soledad níos fearr ná an bunleagan! |
|
Fearn Unregistered guest
| Posted on Thursday, September 22, 2005 - 12:40 pm: |
|
Chuala mé gu ndúirt Dia go raibh an leagan Gaeilge den Bhíobla (?) níos fearr ná an bunleagan (?) |
|
Fearn Unregistered guest
| Posted on Thursday, September 22, 2005 - 12:51 pm: |
|
Chuala mé go ndúirt Dia go raibh an leagan Gaeilge den Bhíobla ní b'fhearr ná an bunleagan (?) |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 330 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, September 22, 2005 - 12:52 pm: |
|
Tuige na comharthaí ceiste? |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 192 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, September 22, 2005 - 01:36 pm: |
|
Bhuel, teanga na n-aingeal is ea í, dar ndóigh. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2037 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, September 22, 2005 - 04:59 pm: |
|
Cuireann sin scéal grinn i gcuimhne dhom. Bhí seanbhean ina suí i Gorki Park i Moscó ag déanamh staidéir ar dea leabhar Uí Shiadhail, Foghlaim na Gaeilge. Le linn ré na Soibhéideach a tharla ar eachtra, agus níorbh fhada gur tháinig ball den gCoiste um Slándáil Naisúnta chomh fada lei. Cad tá ar bun agat, a shaoranach? Ag foghlaim Gaeilge! Tuige, ní bheidh deis agat riamh í labhairt? Bhuel, chuala mé gur teanga na nAingeal í. Beidh mé in ann í labhairt ar neamh. Ach más go hIfreann a seoltar tú? Nach bhfuil Rúisís agam cheana? |
|
Seán79
Member Username: Seán79
Post Number: 1 Registered: 09-2005
| Posted on Thursday, September 22, 2005 - 08:19 pm: |
|
Dia dhaoibh, an bhfuil leabhair ar bith a mholfadh sibh dom? Bhí mé ag iarraidh rud ínteach greanmhar, ach léifinn rud ar bith. Ó dá ligfeadh sí liú amháin gaile - liú catha...
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2041 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, September 23, 2005 - 04:06 am: |
|
Cá dtosnóinn.... http://www.litriocht.com Tá na mílte leabhair ann. |
|
Fearn Unregistered guest
| Posted on Friday, September 23, 2005 - 07:43 am: |
|
Scríobh Dennis: Tuige na comharthaí ceiste? Cionn is gur scéal "Dúirt aingeal liom gur dhúirt aingeal lei.." a bhí ann. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2045 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, September 23, 2005 - 08:01 am: |
|
A Fhirn, arbh eol duit gur feidir tcht a leasú anseo? Fch an billeog agus peann ar dheis thuas. Dála an scéil, tá gach aingeal atá luaite sa Bhíobla fireann. |
|
Fearn Unregistered guest
| Posted on Friday, September 23, 2005 - 08:24 am: |
|
Deir an rud go nglactear le leasaithe go ceann 30 noiméad, agus deir sé go bhfuil focal faire de dhith. Seans nach do mo leithéidse atá an deis leasaithe seo. |
|
Fearn Unregistered guest
| Posted on Friday, September 23, 2005 - 08:33 am: |
|
Scríobh Aonghus: Dála an scéil, tá gach aingeal atá luaite sa Bhíobla fireann. B'fhéidir nach raibh fuascailt na mBan Aingealta ann tráth scríte an leabhair. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 193 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, September 23, 2005 - 09:21 am: |
|
Ní mór duit bheith i do bhall anseo, a Fhirn. Níl ionat ach unregistered guest mar atá. Scéal maith sin, a Aonghuis. A Shéain 79 - céan saghas leabhair is fearr leat? Cén cumas atá ag léamh na Gaeilge? Is maith liom leabhair Mhaidhc Dhainín Uí Shé. Agus níl siad an-deacair. (Message edited by Séamas_Ó_neachtain on September 23, 2005) |
|