Author |
Message |
Seosamh Mac Muirí Unregistered guest
| Posted on Monday, September 19, 2005 - 01:18 pm: |
|
An Daingean, Daingean Uí Chúis nó cibéard. http://www.daingeanuichuis.com/ |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 310 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, September 19, 2005 - 02:47 pm: |
|
Cé atá taobh thiar den suíomh sin? |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 186 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, September 19, 2005 - 03:10 pm: |
|
Cé acu is claonta, an cheist sin as Béarla amháin, nó an seoladh sin, a luann rogha an úinéara? Agus níl rogha ann a deir 'gach ceann díobh seo.' Níl an fógra seo ar www.scoilgaeilge.com/liosta fós, a Sheosaimh...tabhair cuairt orainne! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2007 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, September 19, 2005 - 05:18 pm: |
|
Mac léinn ón nDaingean. Ach ós rud é gur féidir an briosca a loisceadh agus roghnúí arís.... Píosa brea spraoi. An Daingean in uachtar faoi láthair. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2008 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, September 19, 2005 - 05:22 pm: |
|
http://www.gaelport.com/index.php?page=clippings&id=565 An Daingean Dingle - an fhianaise stairiúil nochtaithe - alt i bhFoinse na seachtaine seo. Bhí na foinsí ar fad sa leagan clóite. An Daingean is cirte, dá réir sin. Mar a deir greamathóir cairt amháin thiar ann "na bac seoiníní!" |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 187 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, September 20, 2005 - 09:29 am: |
|
Daing! An trí chinn. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2022 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, September 21, 2005 - 06:14 am: |
|
|
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 188 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, September 21, 2005 - 09:29 am: |
|
A chúig nóiméad cáile faighte aige, agus é óg fós! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2023 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, September 21, 2005 - 10:15 am: |
|
Seán Tadhg Ó Gairbhí san Times inniu (tá sé ag déanamh ionadaíocht ar Phól Ó Muirí, a bhfuil géag briste aige is cosúil) http://www.gaelport.com/index.php?page=clippings&id=582 quote:A bhféiniúlacht, a n-éagsúlacht, a nGaelachas, más maith leat - sin iad na buntáistí atá ag muintir an Daingin ag an mbox-office idirnáisiúnta turasóireachta. Dá léireodh muintir an Daingin muinín as na buanna sin agus as a gcultúr agus a stádas Gaeltachta bheadh buntáiste eile ó thaobh gnó acu, rud éigin eile a dhéarfadh le cuairteoirí go bhfuil an Daingean speisialta mar cheannscríbe turasóireachta. Más dall ar an mbuntáiste sin atá siad ba cheart deireadh a chur leis an gcur i gcéill, ligint dóibh a mbrionglóidí Hollywood a fhíoradh agus tús a chur lena Golden Age of Dingle. Sa chás sin, ba cheart don Aire Gaeltachta Oscar a bhronnadh orthu agus iarraidh orthu an stáitse a fhágaint |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 321 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, September 21, 2005 - 12:34 pm: |
|
quote:A chúig nóiméad cáile faighte aige, agus é óg fós! Fiche bliain ó shin bhí cúig nóiméad déag ag dul do chuile dhuine! Oh well, tá níos mó daoine ann anois, agus níos lú clú. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 190 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, September 21, 2005 - 01:37 pm: |
|
Sea, clúdaíonn sin é, muis. Nó b'fhéidir go bhfuil an méad céanna clú ann ach go mbíonn dhá thrian de millte... |
|