Tá a fhios agaibh go bhfuil an bóthar mór a théann timpeall ar Bhaile Átha Cliath (an M50) déanta mar leathroth agus imíonn na bóithre móra eile (N1,N2,N3, srl) ón M50 mar spócaí den roth mór seo.
Nuair a bhíomar ar ár mbealach amach as Éirinn, mí ó shin, d'imigh as Caisel ar an N8 agus chuaigh ar an N7 ag PortLaoise. Bhí sé a cúig a chlog tráthnóna Dé hAoine nuair a druideamar leis an gcathair mhór. Cé go dtéann an bóthar mór breá ("dual carriageway" a thugtar air) ar thaobh PortLaoise, Cill Dara, agus Naas, tá deireadh leis an mbóthar seo nuair a thiocfaí gar don chathair. Sin rud nach dtuigim; méadaíonn an trácht go huafásach gar don chathair.
Agus ansin, go díreach i ndiaidh ár dteachta ar an mbóthar breá arís ag imeall na cathrach (an "dual carriageway" mar a deirtear), b'éigean dúinn stad i lár bóthair, fanacht i líne fhada de ghluaisteáin, agus cáin bhealaigh a íoc. Níl cíall leis, dar liomsa. Cén fáth a rinne rialtas na hÉireann bóithre mar seo sa chathair mhór?