Author |
Message |
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 299 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, September 18, 2005 - 12:08 pm: |
|
Caithfidh go bhfuil mé as an lúb, ach is fada ó chuala mé aon scéal grinn. Téann siad thart ar an idirlíon, ach bíonn siad ar nós na mara: téann siad ón rabharta go dtí an mhallmhuir. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1990 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, September 18, 2005 - 12:37 pm: |
|
An difríocht idir rialtas na hÉireann agus buíon coirpigh? Tá na coirpigh eagraithe. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1991 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, September 18, 2005 - 12:38 pm: |
|
Tá tuil(l)e(adh) anseo http://www.smo.uhi.ac.uk/gaeilge/siamsa/greann/ Ach feicim gur leatsa mórchuid acu... (Message edited by aonghus on September 18, 2005) (Message edited by aonghus on September 18, 2005) |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 300 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, September 18, 2005 - 12:50 pm: |
|
Ach feicim gur leatsa mórchuid acu... Brón orm! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 301 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, September 18, 2005 - 01:16 pm: |
|
quote:An difríocht idir rialtas na hÉireann agus buíon coirpigh? Tá na coirpigh eagraithe. Tá an rud céanna á rá faoi FEMA (Federal Emergency Management Agency) abhus anseo. Seo athinsint ar rud éigin a dúirt Jon Stewart ("The Daily Show") i mBéarla: Bhí Monica Lewinsky ag Bill Clinton. Tá Hurrican Katrina ag George Bush. An t-aon idirdhealú amháin orthu ná nár tréigeadh na mílte daoine i bpit Monica Lewinsky. *Ouch!* |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1993 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, September 18, 2005 - 02:53 pm: |
|
Ceann gránna eile, ós chuige atáimid. Tá polannach, rúiseach, sinéach agus fear ón liotáin i ngluaistéan. Cé tá ag tiomaint? ..... Na péas. Agus sean cheann glic: Triúr Giudach in Iosrael, fear acu ón Ungáir, Fear ón Phailistín, agsus fear ón Romáin. Iad triúr ag breathnú ar uaireadoirí i bhfuinneog seodóire. "Ba mhaith liom uaireadóir mar sin" arsa fear an Phailistín. "Tá uaireadóir mar sin agam" arsa fear na hUngáire. "Bhí uaireadóir mar sin agat" arsa fear na Rómáine. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1995 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, September 18, 2005 - 03:24 pm: |
|
Agus ar ndóigh, do chaomhnaigh Padraig roinnt de ghreann Chumaisc anseo: http://www.padraig.de/Chetwynde_downs/chetwynde_downs.html |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 303 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, September 18, 2005 - 04:15 pm: |
|
Maidir le Chetwynde Downs, cé hé Míshásta (sa saol mór "réadúil" atá mé a rá)??!!?? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 308 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, September 18, 2005 - 10:42 pm: |
|
Chuaigh Cajun darbh ainm Thibodeaux chun cónaithe i dTexas. Cheannaigh sé asal ó sheanfheirmeoir ar $100. Dúirt an seanfhondúir leis go dtiocfadh sé leis an asal an chéad lá eile. Tháinig an seanfheirmeoir an chéad lá eile, ceart go leor, ach gan an t-asal. "Tá drochscéal agam duit," a dúirt sé. "Fuair an t-asal bás." "Tabhair dom mo chuid airgid mar sin." "Ní féidir liom an t-airgead a thabhairt ar ais. Tá sé caite agam." "Tá go maith. Tabhair dom an t-asal." "Céard a dhéanfaidh tú leis?" "Cuirfidh mé raifeal air." "Ní féidir leat raifeal a chur ar asal marbh!" "Ní déarfaidh mé le héinne go bhfuil sé marbh." Mí ina dhiaidh sin bhuail an feirmeoir le Thibodeaux, agus d'fhiafraigh, "Céard a tharla leis an asal?" "Chuir mé raifeal air. Dhíol mé 500 ticéad ar $2 an ceann agus rinne mé brabach de $898 air." "Nach ndearna aon duine gearán?" "Rinne, duine amháin, an buaiteoir. Thug mé a $2 ar ais dó." (Message edited by dennis on September 18, 2005) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1996 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, September 19, 2005 - 06:09 am: |
|
Fear glic, ceart go leor. (B'fhearr liom an focal crannchur) Maidir le Mí, níl tuairim agam - ach amháin nach Pádraig Ó C é! |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 185 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, September 19, 2005 - 11:11 am: |
|
"Maidir le Chetwynde Downs, cé hé Míshásta (sa saol mór "réadúil" atá mé a rá)??!!??" D'inis sé dúinn uair amháin ar Beo, ach ní cuimhin liom anois. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2011 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, September 20, 2005 - 04:19 am: |
|
An eol duit an difríocht idir "gan chostas" agus "in aisce"? Fuair mise scolaíocht gan chostas. Fuair tusa in aisce é! |
|