Author |
Message |
áiséirí_an_aineolaí
Member Username: áiséirí_an_aineolaí
Post Number: 17 Registered: 08-2005
| Posted on Thursday, September 15, 2005 - 08:40 am: |
|
A chairde, cé go bhfuil mé ar son athbheochán na teanga seo mothaím go bhfuil tinnreamh na gcoláistí Samhraidh ag laghdú bliain i ndiaidh bliana. Bhí mé ag labhairt le duine atá i mbun coláiste amháin agus dúirt sé go bhfuil daoine ag tabhairt cúl a gceann orthu sa doigh go dtig leo freastal ar chúrsaí eile cosúil leis an sacair. Chomh maith leis seo motháim go mbíonn leisce ar chuid acu aghaidh a thabhairt orthu mar nach mbeidh siad ábalta iomáint/peil Gaelach a imirt. Nárbh fhearrde d'achan ghrúpa chomhoibriú lena chéile(an CLG ach go háirithe) lena chinntiú nach mbeidh laghdú ag teacht ar líon na scoláirí, agus b'fhéidir an trí sheachtain sin a ghearradh chuig dhá sheachtain? FRC
|
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 135 Registered: 06-2005
| Posted on Thursday, September 15, 2005 - 04:05 pm: |
|
" mothaím go bhfuil tinnreamh na gcoláistí Samhraidh ag laghdú bliain i ndiaidh bliana." Ní féidir gur fíor é seo. Bíonn liosta feithimh ag beagnach gach coláiste - bhuel ó mo thaithí féin ar aon nós. Is dóigh gur féidir leat an freagra a fháil ó concos.ie ? Nach bhfuil sé de cheart ag gach páiste a c(h)ampa samhraidh a roghnú dá stuaim féin? Agus nach bhfuil sé de cheart ag an CLG agus gach eagraíocht eile a ghnó féin a chur chun cinn? Más toradh ar seo ná laghdú ar líon na scoláirí nach bhfuil sé de dhualgas ar concos a chuid féin a chur chun cinn? Agus led thoil ná bíodh an tuairim agat nach bhfuil meas na madraí agam do na coláistí - D'fhreastail mé ar trí cheann acu, d'fhoghlaim mé mo ghaeilge ar fad ann agus d'oibrigh mé i gceann eile i mbliana. Ní Síocháin Go Saoirse. Is í slánú na Gaeilge athghabháil na Saoirse
|
|
áiséirí_an_aineolaí
Member Username: áiséirí_an_aineolaí
Post Number: 18 Registered: 08-2005
| Posted on Thursday, September 15, 2005 - 04:36 pm: |
|
In amanna is fíor sin, ach d'fhreastail mo dheartháir ar cheann i mbliana agus bhí siad ag cur comortais ar bun chun duais a bhaint dá mba rud é gur mheall said cara acu chun an choláiste. (liosta feithimh?) Thug mé an Ghaeltacht orm féin sé huaire, ach ní thig liom dul níos mo(mar dhalta no mar cheannaire) mar ní bheinn ábalta cluichí a imirt ar son mo chlub féin. Maíonn an CLG go gcuireann siad an Ghaeilge chun cinn, ach más ea, cad chuige nach bhfuil siad ag teacht ar chomhréiteach sa doigh nach mbeaidh duine ar bith ag caillstean amach ar rud ar bith(cluichí no Gaeilge)? FRC
|
|
áiséirí_an_aineolaí
Member Username: áiséirí_an_aineolaí
Post Number: 20 Registered: 08-2005