Posted on Thursday, September 15, 2005 - 04:30 pm:
Tá súil agam go mbeidh an cheolchoirm seo amuigh san aer. Tháinig na Tannahill Weavers anseo cúpla bliain ó shin, agus thug ceolchoirm dúinn i halla beag. Is as Albain iad. Bhí suim agam sa cheol fidle, mar is gnách, ach is beag nár chuala mé fiú nóta amháin as an bhfidléir. Agus seo an fáth:
Nuair a chruthaigh Dia an píb mhála mhór (an saghas ar a líontar an mála le hanáil an cheoltóra) ní raibh sé ar intinne aigesean riamh go mbeadh siad seinnte ag duine istigh i dteach, nó i halla agus an doras dúnta. Tá siad glórach gleomhar callánach, agus rinneadh chun tionlacain na saighdiúirí ar a máirseáil go cogadh. Chun sceimhle a chur ar an namhaid, measaim.