Author |
Message |
Fiacc Unregistered guest Posted From:
| Posted on Saturday, September 10, 2005 - 09:35 am: |
|
Trí rud nach féidir a chreidiúint as béal Éireannaigh: 1. Tá an seic sa phost. 2. Buailfaidh mé leat ag X a clog, go díreach. 3. Rachaimid isteach le h-aghaidh ceann amháin. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1913 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, September 10, 2005 - 12:29 pm: |
|
Sí an fhadhb go dtagann deoch amhain i dosaen gloiní. An Ceannaire Vimes, Ankh Morpork (le Terry Pratchett). |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 244 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, September 10, 2005 - 12:37 pm: |
|
Tá aithne agat ar Vimes?! Mo ghraidhn thú! Trí rud nach féidir a chreidiúint as béal Fhrancaigh An mbeifeá sásta an leagan sin a sholáthar dúinn, a Lughaidh? :-) Tá bréaga móra Mhontana agus na hÉireann ar eolas againn anois. (Message edited by dennis on September 10, 2005) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1916 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, September 10, 2005 - 12:58 pm: |
|
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 245 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, September 10, 2005 - 01:15 pm: |
|
Agus dá mbeadh Pratchett ag scríobh i nGaeilge, bheadh Naomh Íde na Muc is na Madraí, banéarlamh ainmhithe clóis, i gceann dá chuid leabhar gan amhras. Dála an scéil, deir leabhrán atá agam, Irish Saints le Peg Coghlan, deir sé go gciallaíonn Íte "hungry for God". Beidh orm beagán taighde a dhéanamh anois. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 246 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, September 10, 2005 - 01:37 pm: |
|
quote:go gciallaíonn Íte "hungry for God" Okay, seo an méid atá in DIL: ít(t)u, thirst; metaph. spiritual thirst, desire. Tá gluais ar an ainm "Íte" in Félire Oengusso: "íta uirri im sercc nDé" |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1917 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, September 10, 2005 - 03:53 pm: |
|
De réir fínscéal amháin do thug sí cothú cíche don leanbh Íosa. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 247 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, September 10, 2005 - 05:40 pm: |
|
Je vous propose Les Trois Gros Mensonges: 1. La taille, c'est pas important. Is cuma faoi mhéid an trealaimh atá fút. 2. C'est pas toi... c'est moi. Is ormsa atá an locht, ní ortsa. 3. Mais non, je ne jouirai pas dans ta bouche. Ní thiocfaidh mé i do bhéal. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 715 Registered: 01-2005
| Posted on Saturday, September 10, 2005 - 07:06 pm: |
|
>An mbeifeá sásta an leagan sin a sholáthar dúinn, a >Lughaidh? :-) Tá bréaga móra Mhontana agus na hÉireann >ar eolas againn anois. Ní Francach mé ach Briotánach! Cuir ceist ar Mhax ;-) |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 251 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, September 10, 2005 - 08:45 pm: |
|
quote:Ní Francach mé ach Briotánach! Agus ní insíonn na Briotánaigh scaitseanna? ;-) Bheinn ag súil le rud éigin faoi mhéid an éisc a mharaigh siad. |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 6 Registered: 07-2005
| Posted on Sunday, September 11, 2005 - 03:23 pm: |
|
Trí rud nach féidir le bean a chreidiúint as béal fir: 1. Tá grá agam ort. 2. Níl mé pósta. 3. Tá a lán airgid agam. (Rinne socheolaí staidéar ar nósanna na bhfear (creátúir aisteacha coimhthíocha iad!) agus chruthaigh sé gurb iad na trí rud sin na bréaga is minicí as béal fir.) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1925 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, September 11, 2005 - 04:25 pm: |
|
Seanfhocal Gaelach: Trí rud a theip ar Aristotle a thuiscint Teacht agus imeacht na taoidí saothar na mbeach intinn mnaoi! (Fear ionraic, pósta, agus gan cianóg rua mise!) |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 727 Registered: 01-2005
| Posted on Sunday, September 11, 2005 - 09:51 pm: |
|
>Agus ní insíonn na Briotánaigh scaitseanna? ;-) Bheinn >ag súil le rud éigin faoi mhéid an éisc a mharaigh siad. Níl "triad" greannmhar ar bith mar sin againn. Ach is féidir cuid a thógáilt: Trí rud nach gcreidfeá ó bhéal Briotánaigh: - is fada ó d'ól mé braon alcóil - is agamsa atá an fhíor-Bhriotáinis - tá dúil agam i mbunadh Phárais |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 256 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, September 11, 2005 - 11:05 pm: |
|
quote: is agamsa atá an fhíor-Bhriotáinis San uaigh atá an t-earra sin, gan dabht, in éindí leis an nglan-Ghaeilge! |
|