Author |
Message |
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 168 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, September 07, 2005 - 02:52 pm: |
|
Feicim samplaí de 'méadaítear go x,' ach an bhfuil nós ann chun 'by 1' a rá? |
|
Dalta Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, September 07, 2005 - 06:59 pm: |
|
go ceann, b'fhéidir? |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 169 Registered: 11-2004
| Posted on Thursday, September 08, 2005 - 09:06 am: |
|
Ní dóigh liom. Cuirtear a haon leis, b'fhéidir? |
|
Dalta Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, September 08, 2005 - 05:33 pm: |
|
Bhuel, tá sé 'one' mar 'one thing' agus is é ceann an focal a úsáidtear go minic ar 'one thing'. Nó an bhfuilim mícheart? |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 171 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, September 09, 2005 - 11:03 am: |
|
Táim ag smaoineamh ar chúrsaí ríomhaire, agus cuir le huimhreacha. 'Go,' sin 'until' nó 'up to.' Ní dhéanann sin gnó sa chás seo. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1903 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, September 09, 2005 - 12:12 pm: |
|
|
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 172 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, September 09, 2005 - 01:41 pm: |
|
Fagann an sampla sin an cheist gan fhreagra fós. Incrimitigh le? mar? chun? ??? Nílim sásta leis, agus sílim go bhfuilimid ar aon intinn faoin leagan is fearr. |
|
Maidhc_Ó_g
Member Username: Maidhc_Ó_g
Post Number: 73 Registered: 05-2005
| Posted on Friday, September 09, 2005 - 03:14 pm: |
|
An bhféidir - méadaítear go x ag méid na h-incriminte + (gen.) ? Cur a haon, amháin, ceann (ag brath) le 9 chun 10. Ó ceann bó amháin go dtí 10 bó, méadaígh ag méid na h-incriminte trí. -Is 10 bó ceann agus trí agus trí agus trí. Céard é, dá bhfuil siad méadtha ag méid na h-incriminte trí faoina trí agus ceann bó amháin atá 10 bó? 3 bó. Holy cow! (haha punny..) That was hard to word out. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1904 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, September 09, 2005 - 03:30 pm: |
|
Is ionann "increment" agus 1 a chuir leis i measc lucht riomhaireachta. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1914 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, September 10, 2005 - 12:32 pm: |
|
"móide a haon" an freagra. Sé, muis, móide a haon, sin seacht, muis!
móide [aidiacht][dobhriathar][réamhfhocal] níos mó dá bharr (is móide a meas air go seasann sé leo); dócha (ní móide go dtiocfaidh siad anois); plus (a dó móide a trí = a cúig). |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 173 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, September 12, 2005 - 09:31 am: |
|
Suimiúil. Tagann sé as 'mó de' is dócha. Cosúil le 'fearrde,' focal nach bhfuilim compórdach leis, fós. Nílim cinnte faoina úsáid. B'fhearrde sin ná a mhalairt? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1939 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, September 12, 2005 - 10:37 am: |
|
Sin é. Tá lúide ann freisin: Seacht lúide a haon sin a sé. Bhíodh sin againn ar an mbunscoil fadó, ach bhí siad ligthe i ndearmad agam. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 175 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, September 12, 2005 - 01:14 pm: |
|
Maith thú. Ach ní ionann 'móide a haon' agus 'aon a chur leis.' Nuair a chuirtear a haon leis an athróg (variable) faightear luach na hathróige móide a haon. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1942 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, September 12, 2005 - 02:59 pm: |
|
Faraor, is fíor sin. Fágann sin muid leis an bhfocail gránna úd "incrimintigh". |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1945 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, September 12, 2005 - 03:42 pm: |
|
|
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 176 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, September 12, 2005 - 03:55 pm: |
|
Ah! Sin an forainm a bhí de dhíth orainn! Méadaítear de a haon é, is dócha. Ach tá 'cuirtear a haon leis' níos sásúla dom. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1946 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, September 12, 2005 - 04:48 pm: |
|
Ní dóigh liom go mbeadh "de a" ceart, bheadh foirm táite éigin ann. Is fearr loimsa cuir leis freisin, ach níl fonn orm dada a chuir leis an gceist seo níos mó. Taimse ag dul 'on Binn bháin... |
|