Author |
Message |
Rath
Member Username: Rath
Post Number: 24 Registered: 01-2004
| Posted on Monday, September 05, 2005 - 10:29 pm: |
|
Tá cara agam ag iarracht Gaeilge a úsáid lena hiníon óg, ach níl muid lán cinnte faoin bhfocal 'silly'. Ní maith léi an focal óinseach a úsáid. Céard faoi éaganta? An bhfuil sí in ann a rá "is cailín éaganta thú" ? An bhfuil an chiall chéanna baint le cailín éaganta as Gaeilge agus le 'silly girl' as Béarla? Mura bhfuil, cén fhocal an molfadh sibh? Go raibh maith agaibh . . . |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 209 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, September 05, 2005 - 11:45 pm: |
|
"Nach tusa an bhaothóg!" An ndéanfadh sé sin cúis, meas tú? |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 102 Registered: 06-2005
| Posted on Wednesday, September 07, 2005 - 10:29 am: |
|
Bhuel ó mo thaithí féin úsáidtear an focal óinseach gan stró.. Ní Síocháin Go Saoirse. Is í slánú na Gaeilge athghabháil na Saoirse
|
|
Mickrua
Member Username: Mickrua
Post Number: 2 Registered: 07-2005
| Posted on Wednesday, September 07, 2005 - 10:50 am: |
|
Amaideach/seafóideach/díchéillí focail a dhéanthas duit a Rath a chara |
|
Rath
Member Username: Rath
Post Number: 25 Registered: 01-2004
| Posted on Saturday, September 10, 2005 - 10:21 pm: |
|
Go raibh maith agaibh go léir. Is maith liom "nach tusa an bhaothóg!" Is ach leanbh í, an cailín i gceist, agus sílim go ndéanfaidh sé sin an-chúis ar fad. |
|