Author |
Message |
Dalta Unregistered guest
| Posted on Monday, September 05, 2005 - 06:30 pm: |
|
Tá sé ar intinn agam dul go dtí an nGaeltacht ar feadh mí an bliain seo chugainn. Táim ag lorg cabhair uaibh. An rud is tábachtaí dom, obair a fháil. Conas a dhéanfaidh mé é seo? An bhfuil obair flúirseach inti? An mbeidh trioblóid agam. Maidir le áit conaithe chomh maith. Cá bhfaighfidh mé áit? An mbeidh sé íocmhar? An bhfuil aon leideanna agaibh dom? Táim ag ceapadh dul go dtí an Rinn. An bhfaighfidh mé deiseanna an Ghaeilge a labhairt? An bhfuil taithí ag éinne ar an áit seo? Tá an-an-bhuíoch orm as bhur gcuidiú. |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 101 Registered: 06-2005
| Posted on Wednesday, September 07, 2005 - 10:27 am: |
|
A Dhalta, táim cinnte gur féidir liom cabhair a thabhairt duitse.. Ar an gcéad dul síos - cén saghas oibre atá de dhíth ort? Bhfuil céim nó aon ard-cháilaíochtaí agat? Maidir leis an Rinn - breac-ghaeltacht atá ann agus baineann beagan cách ann úsáid as an dá theanga. Bhíos ag obair i gColáiste na Rinne an samhradh seo.. Dá mba rud é gur mhaith leat post a fháil mar Cheannaire/mhúinteoir sa choláiste geallaim duit go mbeidh tú abalta é sin a dhéanamh. Tá sonraí fóin 7rl agam. Scoil chónaithe is ea í i rith na bliana. Chomh maith le sin, bead agus mo rang ag dul go dtí an Rinn ar an 18ú - 25ú ionas go bhféadaimís stáidéar a dhéanamh ar fhiontraíocht sa cheantar. Buailfimid leis an chuid is mó de Fhiontraí an cheantair so muna bhfuil tú ag iarraidh post a fháil sa choláiste ba cheart go mbeadh sonraí eile agam do na gnó eile. Ta siopa Spar, teach tabhairne, oifig an phoist agus roinnt áiteanna mar sin..Seans ann go dtabharfaidh siad post de shaghas éigin duit. Maidir leis an lóistín, ní dhéarfainn gur fadhb mhór a bheadh ann. Tá muintir an choláiste an-dheas, fiú muna mbeidh tú ag obair sa choláiste féin déarfainn go gcuirfidh siad seomra ar fáil. Mholfainn duit Lá agus Foinse a léamh, bíonn roinnt mhaith bpost dá léithéid ann. Má tá aon rud eile de dhíth ort, níl ort ach an focal a rá, Domhnall Ní Síocháin Go Saoirse. Is í slánú na Gaeilge athghabháil na Saoirse
|
|
Dalta Unregistered guest
| Posted on Wednesday, September 07, 2005 - 06:37 pm: |
|
Go raibh míle maith agat, A Dhomhnaill, tá tú an-mhaith as an chabhair sin a thabhairt dom. Níl aon céim nó rud mar sin agam fós, tá'im im chéad bhliain coláiste. Ba cheart go leor é an dá theanga, chomh fhada is a bhfaighfidh mé deis mo theanga a labhairt. Sna siopaí, an mbaineann daoine úsáid as an nGaeilge? An mbeidh orm mo chuid Gaeilge a aistriú toisc nach bhfuil an duine in ann mé a thuiscint? An fhadhb í nach mbeidh aon ach ar feadh mhí. Tá rogha agam idir óstlann agus áit níos síoraí. Agus cad faoin bpraghas? Buíochas leat arís. |
|
Breacban
Member Username: Breacban
Post Number: 136 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, September 09, 2005 - 05:33 am: |
|
nilim cinnte i dtaobh rinn an cuain. Ta me ag obair ana-congrach i agus thugas cuairt ar o ham go tam. Ta an gaeluinn ann dar ndoigh, ach nior chualas alan daoine ag caint i nuair a bhuailios isteach na siopa. ni he sin le ra ni feadfadh duine abalta i a caint ach is docha nach bhuil si a usaid mar teanga aitula. casadh me le neart daoine agus an gaeluinn a fhoghlam iad i port lairge. do thug se dom faoi ndeara an diffroicht idir i an caiuint as port lairge agus corcai. nil neart difriocht ata ann seachas rudai beaga ar nos an usaid an focal "ceann" chun cuimhin no "sime" chun "suime". Ma mhiste leat an "proper" blas o port lairge le cloiste agat ba cheart go mbeadh duitse ag eisteach le sheain o ceallaigh ar eurosport i mbearla no labhras o cadhla i ngaeluinn no ghluaisfaidh tu chuig carrick on suir. |
|
Dalta Unregistered guest
| Posted on Friday, September 09, 2005 - 03:28 pm: |
|
Nílim ag lorg an bhlais, ach an chanúint Oir-Mhumhan, sula n-éagann sí go deo. |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 114 Registered: 06-2005
| Posted on Friday, September 09, 2005 - 04:20 pm: |
|
Fadhb ar bith a chara.. Geallaim duit go mbeadh an deis agat Gaeilge a labhairt - ach chomh maith geallaim duit go mbeadh ort Béarla a úsáid agus í a chloisteáil go minic ;( Más í Gaeilge an chéad rud ag teastail uait, mholfainn duit dul go Gaillimh - B'fhéidir an Cheathrú Rua.. Chomh maith le cursaí teanga níos fearr bheadh an-chuid deiseanna agat maidir le fostaíocht. Ní bheadh fadhb ar bith agat leis a gcuid Gaelainn - In Aon Chor! Deirtear im (butter) cosúil le " I'm " i mBéarla agus rudaí mar sin.. So ní bheidh ort do chuid Gaeilge a aistriú! Sna siopaí bhíodh Gaeilge ag cách agus más í Gaeilge do theanga gheobhaidh tú d'fhreagraí i nGaeilge. An scéal céanna sa theach tabhairne.. Déanta na fírinne táim cinnte go dtabharfaidh Coláiste na Rinne lóistín duit.. Fiú mura mbeidh tú ag obair leo agus ní bheadh costas mór i gceist ach a mhalairt! Ní Síocháin Go Saoirse. Is í slánú na Gaeilge athghabháil na Saoirse
|
|
Cailindoll
Member Username: Cailindoll
Post Number: 104 Registered: 12-2004
| Posted on Saturday, September 10, 2005 - 09:34 am: |
|
D'fhán mé ar feadh deireadh seachtaine i gColáiste na Rinne le dream beag daltaí fásta ó BÁC. Bhí gach duine ann fíor-chairdiúil linn agus cibé áit ar stad muid chun eolas ar bith a fháil d'freagair siad muid i nGaeilge. Bhí siad an-bhródúil as an chanúint s'acusan agus thug an chuairt seo deis dom tuilleadh eolais a bhailliú fúithi. Rinne muidne iarracht aithris a dhéanamh ar phíosai nua dúinne den chanúint go súgrach ina ndiaidh eadrainn, ionas go bhfanfadh na píosaí seo inár gcloigne níos fearr! Cé gur chuirtear béim ar a gcanúint, thuigtear muidne agus bhí gach duine foighdeach agus lán toilteanach caint le foghlaimeoirí. Caithfidh go bhfuil a lán taithí ag muintir na háite le foghlaimeoirí mar gheall ar Choláiste na Rinne agus na scoileanna eile. Ní raibh a fhios agam go dtéann páistí ó áiteanna ar fud na tíre ann chun bliain scoile iomlán trí mheán na Gaeilge a dhéanamh ann. Bhí cuma fíor-shásta ar na páistí siúd. Chuaigh muid go dtí an aifrinn céanna leo agus rinnedar fógra go mbeidh na páistí scoile ag imeacht mar gurb é sin a seachtain deireannach agus fuair siad bualadh bos mór ón chomhphobail uilig ansin. Bhí sé soiléir go raibh muintir na háite fíor bhródúil as a nGaeilgeoirí beaga uchtáilte. Caithfidh mé a rá gur chuir Coláiste na Rinne agus an deireadh seachtaine iomlán go mór i bhfeidhm orm. Aontaím le Domhnall mar sin agus molaim duit fanach ann nó dul i dteagmhail leo a Dhalta! Colleen |
|
Breacban
Member Username: Breacban
Post Number: 137 Registered: 11-2004
| Posted on Saturday, September 10, 2005 - 02:02 pm: |
|
Bheul, Ni mor dom a ra ta tu daigean i do aigne a dalta. 'Se mo bharruail go mbeadh ana baint ar fad leis an blas agus an chanúint. An reasuin a dearfainn leat mar da gchloifeá an gaeluinn as dun na Gall gan aon bleuiri blas dtusceart ann, gceapann tu nach bhfuil se ceart no iomlain. D'Fhoghlaim mo chuid ghaeluinn i gcorcaigh on seanduine. Ta ana chuid den focal a fhoghlann tu diffriocht on ait go hait no an caideagan bhrathainn se ar an gceantar agus an blas. Silim go coir go mbainfa tu triall an blas agus an gaeluinn a fhoglaim le cheile. D'ainneoin na ndeacrachtai uile mhaireann an gaeluinn sa rinn an gcuan agus is feidir i a faighte leatsa fos agus sa todchai. |
|
Dalta Unregistered guest
| Posted on Saturday, September 10, 2005 - 06:37 pm: |
|
Go raibh maith agaibh as bhur gcuidiú, tá neart ábhair agam anois le ceapadh ar. A Bhreacban, mo leithscéal, bhí mé ag tagairt do nathanna agus rudaí nach faighte ach in Oir-Mhumhan. Tá a fhios agam go bhfuil tionchar ag an mblas ar an gcanúint agam ní chuirim a lán béim ar bhlasanna. Ceapaim go bhfuil blas éigin ag gach duine, ach tá canúint ag chuile sa cheantair áirithe. |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 120 Registered: 06-2005
| Posted on Sunday, September 11, 2005 - 03:19 pm: |
|
De Dhéanta na fírinne bíonn an-chuid daltaí ann agus iad ina bpáistí daoine cáiliúla - Nuair a bhíos ann, tháinig Eddie Jordan ann lena mhac ina helicopter! Go brea, bead ag dul chuig an Rinn ar an 17ú so má tá aon cheisteanna eile agat níl ort ach í a chur! Ní Síocháin Go Saoirse. Is í slánú na Gaeilge athghabháil na Saoirse
|
|