Seo chugaibh cuireadh chuig an chéad seisiún eile denár gCiorcal Díospóireachta a bheidh ar siúl Dé Máirt, 6 Meán Fómhair 2005, idir 6:30 agus 8:00 PM i gCaife Úna i lár na cathrach Bhaile Átha Cliath (Sráid Chill Dara - Kildare Street, in íoslach fhoirgneamh Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge). Beidh fáilte roimh éinne a bhfuil fonn air nó uirthi cúrsaí reatha a phlé as Gaeilge. Is féidir ábhar ar bith a tharraingt isteach ach seo hiad na cinn atá molta chun tús a chur leis an chomhrá:
1. An é an cumhacht adamhach an freagra ar easpa ola?
2. An bhfuil do theach sábháilte i gcás dóiteáin? Agus i gcás tuile?
3. Cé hí an ollscoil is fearr in Éirinn? Agus an ollscoil is measa?
4. Cá bhfuil an áit is fearr le suí ar bhus? Agus an áit is measa?
5. An rachfá isteach san arm?
6. An bhfuil sé de cheart ag fostóir tástáil drugaí nó alcóil a dhéanamh ar a chuid fostaithe?
Michal
(Cuirthe anseo agamsa. Feicfead ann roinnt agaibh, le cúnamh Dé. Gach ré Mairt)
ceard faoi ríomh-díospóireachta? 4. b'fhearr liomsa a bheith thuas an staighre amhail is gur mise an tiomanaí ach i mo suí ar an dtaobh i gceart. : ) An áit is measa ná nuair atá tú fágtha ag an stád bus toisc easpa spás!