Author |
Message |
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 202 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, September 05, 2005 - 01:31 pm: |
|
quote:Dúirt Raithealach éigin gur cac-theanga é an Mhanannais. Luaigh mé "Séamas a' Chaca" cheana féin. Agus dúirt duine éigin ar Chlár Plé Beo cúpla lá ó shin: quote:Tá 'seóman caca' le fáil i gcanúint Gaeilge Uladh nó Gaeilge Thír Chonaill. Is í an chiall atá le 'seóman caca' i mBéarla ná ' Show off, know-all, bullshitter,(shit artist), big head, big mouth' agus araile. Agus seo leagan cainte eile: Tá an lá ina chac. = Tá an aimsir go dona; drochlá báistí atá ann. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1871 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, September 05, 2005 - 05:44 pm: |
|
Muise, ach tá an scéal in phraiseach anois. Ó mo shean chara Dinneen "cac is aoileach air" - deirtear le gasúr 7c mar chosaint i gcoinne asarlaíocht! cac ar leicín (bundún leice atá agamsa air) - ainmhí dearg a bhíonn greamaithe de leac idir dhá thrá sa bhfarraige: ó http://www.acmhainn.ie/tearmai/plandai.htm#S Actiniaria (ord) bundún m1 leice (cac m3 ar leicín, hata m4 an tsagairt, sine f4 bó leid) Agus gan amhras, ón Dalach: "cac ar oineach" mean, low down person. cac a dhéanamh de rud - praiseach a dhéanamh de. Ach is dócha go bhfuil a ndóthain caca ag cách faoi seo... |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 206 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, September 05, 2005 - 08:45 pm: |
|
Ceann deireanach, mura miste leat, ón tseanlitríocht. ;-) Tugann Aniér "A chonu cacca!" ar mhuintir Chorcaigh cúpla uair sa scéal "Aislinge Meic Con Glinne". Bhí cuid acu ag iarraidh é a chrochadh, tar éis an tsaoil! |
|
Fearn Unregistered guest
| Posted on Thursday, October 20, 2005 - 09:15 am: |
|
"A chonu cacca" Cad é seo i nGaeilge na linne seo? A Chúnna caca ? .i. cúnna a mbíonn ag iomlasc ina salachar féin, nó " A chú caca ", nó cad é? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2267 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, October 20, 2005 - 10:47 am: |
|
a chonús caca? |
|
Robert Unregistered guest
| Posted on Thursday, October 20, 2005 - 11:04 am: |
|
Chula mé é ar an gclár is ainm 'Battlefield Britain' le John Snow nach bhfuil i ndiaidh Catha na Boinne, Rí Séamnus = Séamus a' Chaca, arsa an láithreoir (mac John Snow). Níl aon ghaeilge aige, ach cheapaim go ndúirt sé 'chacus' nó 'chacis'. Bhí sé ar an teilifís sa bhlian 2004. |
|
Fearn Unregistered guest
| Posted on Thursday, October 20, 2005 - 11:17 am: |
|
Aidhe! Cá bhfuil na daoine a bhfuil an tSeanGhaeilge ar a dtoil acu? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2270 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, October 20, 2005 - 03:33 pm: |
|
Nach bhfuil sé scríofa sna dea leabhair (ag Myles pé scéal é) gur sean ghaeilge uilig atá thart sna laethanta seo. Agus gaeilge a chodail amuigh minic go leor. Nua ghaeilge fuinneamhach a bhí ag ár sinsear, gan amhras. |
|
Fearn Unregistered guest
| Posted on Wednesday, October 26, 2005 - 07:00 am: |
|
Á, myles ! Bhfuil sé sa bhfaisean arís? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2335 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, October 26, 2005 - 08:02 am: |
|
Ní raibh sé riamh as faisean liomsa. |
|
fearn Unregistered guest
| Posted on Thursday, October 27, 2005 - 10:55 am: |
|
Caidé an bua atá aige? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2356 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, October 27, 2005 - 06:17 pm: |
|
Greann dubh dúbailte. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2359 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, October 28, 2005 - 06:20 am: |
|
|
|
Fearn Unregistered guest
| Posted on Friday, October 28, 2005 - 08:20 am: |
|
Sea, níl aon ghanntanas gháire in Éirinn! ( fiú amháin i measc slua na fírinne!) Ach fós, tá "A chonu cacca!" gan a shoiléarú. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2360 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, October 28, 2005 - 08:54 am: |
|
Tá mo airgead ar "a chonús caca" |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2362 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, October 28, 2005 - 09:04 am: |
|
Fuair mé an méid seo agus mé ar lorg sainmhiniú ar chonús: cac http://bill.celt.dias.ie/vol4/wordindex.php?letter=c 1149. de Bhaldraithe (Tomás): Varia IV: 1. Sean-Nath a Mhair In Ériu 42 (1991) p. 147. Two earlier literary parallels to ModIr expression gun fhios cén cú chac thú ná mada gearr a mhún thú. De reir Beo http://www.beo.ie/2005-05/peann.asp "bruscar" is brí le conús, ach sílim go bhfuil sé níos gairbhe ná sin. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2363 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, October 28, 2005 - 09:07 am: |
|
Fuair mé é seo anseo Dár le Ó Dónaill: Conús = Cunús, m. (gs. -úis). 1. Dirt, rubbish. 2. Slovenly,useless, person |
|
Fearn Unregistered guest
| Posted on Friday, October 28, 2005 - 11:24 am: |
|
"Tá mo airgead ar "a chonús caca" " Cé mhéad? |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 225 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, October 28, 2005 - 03:29 pm: |
|
Carn mór! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 2367 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, October 28, 2005 - 03:46 pm: |
|
Bhuel, ós rud é nach bhfuil cianóg rua agam faoi láthair... Mo dhá ceint, seans... |
|