Author |
Message |
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 192 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, September 03, 2005 - 01:41 pm: |
|
Tá a fhios agam gur féidir liom litreacha Gréagacha a fháil in HTML leis an ordú "&ainm;". Má chuirtear "Sigma" in áit "ainm", faightear Σ. Le "sigma" faighim σ. Tá go maith agus níl go holc. Ach más mian liom abairt iomlán i nGréigis, céard ba cheart dom a dhéanamh? GRMA! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1853 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, September 03, 2005 - 03:34 pm: |
|
Anseo, nó i HTML? Féach ar seo, seans go bhfuil leigheas ann ar do d'fhadbh http://www.mythfolklore.net/calendars/greek/ bain feidhm as an nod "font" nó as stíl ar léith. Ní thuigimse CSS ach seans go bhfuil fáil agatsa air. Anseo, bain trial as "gearr is greamaigh" - Μαρ Σεο (Message edited by aonghus on September 03, 2005) |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 194 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, September 03, 2005 - 05:10 pm: |
|
A Aonghuis, quote:Anseo, nó i HTML? Anseo, ach is féidir orduithe HTML a úsáid anseo le "bold" nó "italic" a fháil, mura bhfuil dul amú orm. Thug mé súil ar an láithreán a luaigh tú, ach faraor, ní thuigim an chuid is mó dá bhfuil ann. |
|
Liz
Member Username: Liz
Post Number: 5 Registered: 07-2005
| Posted on Sunday, September 04, 2005 - 01:42 am: |
|
Ní HTML é seo, agus níl Gréigis agamsa, ach, uair amháin, chuir mé abairt i nGréigis isteach i dteachtaireacht ríomhphoist, agus seo mar a rinne mé é -- ghearr agus ghreamaigh na litreacha ón suíomh seo. Níl sé ro-thapaidh, ach déanfadh sé an gnó duit. (Is dócha go mbeadh sé níos gaiste ná '&sigma', '&chi' srl.) http://www.microsoft.com/globaldev/reference/sbcs/1253.mspx |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1855 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, September 04, 2005 - 07:57 am: |
|
Is féidir fó réimse HTML a usaid anseo. Ach tá sé níos fusa d'abairt a scríobh i Word, abair, agus é ghearradh agus greamú anseo, mar a dhein mise thuas. Ach féach seo: http://www.daltai.com/cgi-sys/cgiwrap/daltai/discus/discus.pl?pg=formatting Níl le déanamh, is cosúil ach \ greek {d'abairt } a scríobh: Mar seo! (Níl greigis agam) - fág an spás idir "\" agus "greek" agus "greek" agus "{" ar lár. (Message edited by aonghus on September 04, 2005) |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 196 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, September 04, 2005 - 02:57 pm: |
|
Go raibh maith agat as an leid, a Aonghuis! Bainfidh mé triail as anois díreach, le líne ón bhfile Simonides (Simonides): Thn men zwgrafian poihsin siwpwsan, thn de poihsin zwgrafian lalousan. Ní raibh mé in ann "sigma deiridh" a aimsiú ar chor ar bith. An t-aistriúchán: Is filíocht bhalbh an phéintéireacht, agus is péintéireacht labhartha an fhilíocht. Tagann an dá rud le chéile i pheannaireacht Shíneach, dar le Max. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1860 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, September 04, 2005 - 03:14 pm: |
|
É seo, an ea? ς? Gheobaidh tú é trén uimhir 962 a chuir idir ampersand, # agus ; creidim. ς (Fuair mé é sin amach de bharr cóip a dhéanamh ó "Character Map" windows isteach anseo, agus féachaint ar cad a tharla.) Baineann windows feidhm as uimhreacha le bunús 16: mar sin, 3C2 a fheicfidh tú. Má chuireann tú "x" rtoimhe sin sá choras thuas, gheobhaidh tú an sigma deiridh úd - ς (Message edited by aonghus on September 04, 2005) |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 203 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, September 05, 2005 - 02:22 pm: |
|
D'aimsigh tú an litir, ceart go leor, ach theip ormsa é a scríobh anseo. Fadhb amháin: tá Mac agam. GRMA mar sin féin! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1864 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, September 05, 2005 - 03:52 pm: |
|
Ba cheart don uimhir obair ar Mac - is le HTML seachas coras oibriúcháin a bhaineann sé. Má fheiceann tusa an sigma deiridh a chuir mise isteach... & # 962 ; gan na spásanna - ς |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 204 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, September 05, 2005 - 04:11 pm: |
|
Simwnidhς Bingo! Ní dhearna mé i gceart é an chéad uair. GRMA arís! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1867 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, September 05, 2005 - 05:13 pm: |
|
Parakalo agus Kaliniχta |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 160 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, September 06, 2005 - 11:36 am: |
|
|
|