Author |
Message |
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1846 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, September 01, 2005 - 03:24 pm: |
|
http://www.gaelport.com/index.php?page=clippings&id=499 Gearóid Ó Cairealláin i Lá inniu: quote:Dúirt an Piarsach nach ar son 'is' agus 'tá' a chláraigh sé le Conradh na Gaeilge an chéad lá riamh. Mar an gcéanna an lá atá inniu ann: ní ar son marc maith a fháil sa scrúdú, ná ar son litríochta, ná cionn is an faisea, ná de bhrí gur cuireadh dalta chuig scoil amháin seachas scoil eile atá daoine ag foghlaim na Gaeilge. Cad é is fiú é muna bhfuil i gceist ach rud éigin mar sin, cad é is fiú an dua a thabhairt ort féin? quote:Agus ná bímis róbhuartha faoi na rialacha gramadaí (gramadúla fó-eag.) na cásanna ina n-úsáidtear an séimhiú, an t-urú, an ginideach mar aidiacht agus an t-ainmfhocal in áit an ghinidigh nó cibé - an Ghaeilge a labhairt go líofa agus go muiníneach, sin an sprioc. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 667 Registered: 01-2005
| Posted on Thursday, September 01, 2005 - 08:26 pm: |
|
>Agus ná bímis róbhuartha faoi na rialacha gramadaí (gramadúla fó-eag.) na cásanna ina n-úsáidtear an séimhiú, an t-urú, an ginideach mar aidiacht >agus an t-ainmfhocal in áit an ghinidigh nó cibé the noun instead of the genitive ? What does he mean? tá mé ag déanamh nach mór an gramadaí é! >- an Ghaeilge a labhairt go líofa agus go muiníneach, sin an sprioc. Caithfidh go bhfuil a chuid dóchais caillte go léir aige má tá sé réidh glacadh le cibé meancóg, ar chuntar go bhfuil a’ Ghaeilg beo. Tá teorainn ann nár chóir a ghabháil thairsti. Má chailleann a’ Ghaeilg achan chruinneas, achan saibhreas agus achan tréith shonraíoch... ní Gaeilg í níos mó ! Thug mé fá dear, bheith ’g amharc ar fhoclóir Sean-Ghaeilge, gur baineadh feidhm as cuid mhór cor cainte, i Sean-Ghaeilg, atá beo go fóill i nGaeilg an lae inniu. Tá cora cainte ann agus rudaí sa Ghaeilg a bhí ann cheana féin níos mó ná míle bliain ó shoin! Agus anois, chaillfí na rudaí sine uilig, agus bhainfí feidhm as cora cainte Béarla ’na n-áit, de dheascaibh go bhfuil na múinteoirí agus na foghlaimeoirí rófhalsa le iad a dh’fhoghlaim? A Rí na nDúl, nár tharlaidh a leithéid! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1848 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, September 02, 2005 - 06:11 am: |
|
quote:A Rí na nDúl, nár tharlaidh a leithéid Amen. Tá cosán ann idir an mhisneach a bhaint de dhaoine tré an iomarca ceartú borb, agus "laissez faire" iomlán. Bím in adharca le lucht Lá ó am go chéile toisc iad a bheith ag cruthú clichéanna gan gá, ach .... |
|
Fearn Unregistered guest Posted From:
| Posted on Friday, September 02, 2005 - 07:19 am: |
|
"Tá cosán ann idir an mhisneach a bhaint de dhaoine tré an iomarca ceartú borb, agus "laissez faire" iomlán" Abair é, a aonghuis! |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 671 Registered: 01-2005
| Posted on Friday, September 02, 2005 - 09:22 am: |
|
"Laissez-faire" iomlán atá ann go minic, sin an fhadhb. |
|
|