mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2005 (Irish Only) » Dia daoibh « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

áiséirí_an_aineolaí
Member
Username: áiséirí_an_aineolaí

Post Number: 1
Registered: 08-2005
Posted on Wednesday, August 31, 2005 - 12:16 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

A chairde seo aineolaí_na_gaeilge ach le hainm difriúla. Agus tá a fhios agam nach bhfuil fada ar an 'a' in aiséirí níor thug mé sin faoi deara go dtí go raibh m'ainm nua cláraithe! D'oh! Agus ceartaigí mé muna miste libh!

FRC

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 165
Registered: 02-2005


Posted on Wednesday, August 31, 2005 - 03:38 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

Agus ceartaigí mé muna miste libh!



Tabhair barúil dúinn, led thoil, agus beidh duine nó triúr sa mhullach ort ar an toirt, do do cheartú agus do do cháineadh. :-)

Idir an dá linn, seo ceartúchán beag duit, cé nach fiú mórán é:

ceartaígí ('í' fada sa dara siolla)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

áiséirí_an_aineolaí
Member
Username: áiséirí_an_aineolaí

Post Number: 2
Registered: 08-2005
Posted on Wednesday, August 31, 2005 - 04:07 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

GRMA as an mholadh sin a Dhennis, ach ag an am céanna mothaím gurbh fhearrde dom na botúin atá á dhéanamh agam a chur ar mo shúile dom nó is amhlaidh go ndéanfaidh mé iad arís agus arís eile. Ach an síleann tú go mbeidh daoine do mo cháineadh? Más fíor sin beidh mé ag seasamh m'fhóid ina n-éadan.

FRC

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 167
Registered: 02-2005


Posted on Wednesday, August 31, 2005 - 05:29 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

AA a dúirt:

quote:

Ach an síleann tú go mbeidh daoine do mo cháineadh?



Nach mar sin a bhíonn muid, na Daltái, i gcónaí? Cáinteach trodach? ;-) Ag magadh atá mé, ar ndóigh, nó ag leathmhagadh ar aon nós!

Seo scéilín duit, ó Lorcán Ó Treasaigh, a bhí i dteach tábhairne i Luimneach:

Chaitheas tamall sásúil leis ag comhrá is nuair a bhíos ag imeacht deir sé:
'Ní as Luimneach tú.'
'Ní as,' deir mé, ag ceapadh gur ag tagairt do mo thuin cainte a bhí sé.
'As Scairbh an Chláir mé féin,' deir sé, 'is tá dhá scór bliain caite agam sa chathair seo agus is tú an chéad duine riamh a d'aontaigh liom faoi rud ar bith.'

An as Luimneach muid uilig?

quote:

Más fíor sin beidh mé ag seasamh m'fhóid ina n-éadan.



Maith an fear!

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge