mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2005 (Irish Only) » Manx « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Breacban
Member
Username: Breacban

Post Number: 129
Registered: 11-2004
Posted on Wednesday, August 31, 2005 - 12:09 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

bhios piosa beag i dtaobh manx a leite agam le deanai agus ba bhrea liom mo thuairmse a roinnt le daoine eile. An cead rud a faighte agam mar do bhi an nithe cotienta idir an manx agus gaeiluinn. Is mar a cheile iad. Thanaig se chugam mar iontas. An rud a bhuailas domsa mar gheall í, cen fath nach gcuirtear an litriu mar go gcuirtear an litriu i n-gaeluinn. Nach mbiodh se nios deise anois ma da bhiodh se nios congrai agus is feider leo. FRC

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 149
Registered: 11-2004


Posted on Wednesday, August 31, 2005 - 01:31 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Tar éis an bhirt a thuigtear. Ach ní raibh Gaeilgeoirí i mbun a athbheochanta, ach Béarlóirí, agus rinne siad a rogha leis.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dalta
Unregistered guest
Posted on Wednesday, August 31, 2005 - 04:48 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Dúirt Raithealach éigin gur cac-theanga é an Mhanannais. Conas a tá sí agus an Ghaeilge mar an chéanna? Tá an Mhanannais marbh anois agus tá an litriú an-ait i gcomparáid leis an nGaeilge. An bhfuil an fuaimniú cosúlacht? Níos cosúlaí ná an Ghàidhlig?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 655
Registered: 01-2005
Posted on Wednesday, August 31, 2005 - 05:47 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

>Dúirt Raithealach éigin gur cac-theanga é an Mhanannais.

Níl cuma bharúil teangeolaí air sin... Cad chuige teangaí chaic? Gan amhras, óir cupla rud a bheadh mícheart i nGaeilg, tá siad ceart i Manainnis. Ach is féidir an rud céanna a ráidht nuair a chuirtear Béarla agus Gearmáinis i gcomparáid. Agus níl sin cliste ar chor ar bith.

>Conas a tá sí agus an Ghaeilge mar an chéanna? Tá an Mhanannais marbh anois

bhí agus tá sí beo aríst.

>agus tá an litriú an-ait i gcomparáid leis an nGaeilge. An bhfuil an fuaimniú cosúlacht?

Níl an fhuaimníocht róchosúil. Is deacair a fhios a bheith agat cad é mar a fhuaimníthear focal ar bith de réir an litrithe.

>Níos cosúlaí ná an Ghàidhlig?

Tá fuaimníocht na Manainnise difriúil ó cheann na Gaeilge agus ó cheann Ghaeilg na hAlban fosta. Tá cuid mhór rud aisteach ina fuaimníocht. Tá ’n ghramadach iontach cosúil le ceann Ghaeilg na hAlban, ach giota beag níos fusa b’fhéidir.
Dar liom gurb iad na rudaí is casta inti an litriú agus an fhuaimníocht.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 169
Registered: 02-2005


Posted on Wednesday, August 31, 2005 - 09:41 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

T. F. O'Rahilly atá i gceist. Bhí sé an-trom ar an Manainnis sa leabhar "Irish Dialects Past and Present". I measc rudaí eile, dúirt sé "it could be said without much exaggeration that some of the Manx that has been printed is merely English disguised in a Manx vocabulary." Tá sé sin iontach cosúil leis an méid a dúirt Lughaidh anseo sa téad "Béarlachas & Alternative":

quote:

But if you make a sentence with only Gaelic words, put together in an English way, it won't be Irish anymore.


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Breacban
Member
Username: Breacban

Post Number: 130
Registered: 11-2004
Posted on Thursday, September 01, 2005 - 04:35 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Feach ar an samplai seo leannas Ta se faighte agam ar an greasán. Fagin pardun leis an aistriu i mbearla. ni bhfeiceann e cosuil le bearla ar chor ar bith.

Soie sheese.
woman: Sit down.
Cha jean mee soie sheese, my ta.
clergyman: I'll not sit down.
C'red ta jannoo ort?
woman: What's the matter with you?
Cur y muc shen magh hoshiaght.
clergyman: Put that pig out first.
Cha jean mee cur y muc magh, my ta.
woman: I'll not put the pig out.
Well, cha jean mee soie, eisht.
clergyman: Well, I'll not sit then.
Well, immee shiu magh eisht, mannagh jinnagh shiu soie.
woman: Well, go out then, if you'll not sit.
Cur y muc shen magh hoshiaght.
clergyman: Put that pig out first.
Cha jean mee cur y muc magh hoshiaght. Mannagh vel shiu laccal soie, immee shiu magh eisht, son cha jean mee cur y muc magh, son ta'n muc fetch yn argid hym as ta shiuish goaill argid voym, as cha jean mee cur y muc magh.
woman: I'll not put the pig out first. If you won't sit then get out then, for I'll not put the pig out, for the pig fetches the money to me and you take money from me, and I'll not put the pig out.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Unregistered guest
Posted on Thursday, September 01, 2005 - 08:01 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Tá sí iontach cosúil le Gaeilge an Tuaiscirt!

Ca is brí le "cac-theanga"?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 152
Registered: 11-2004


Posted on Thursday, September 01, 2005 - 09:16 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Sin teanga na bpriompallán!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Unregistered guest
Posted on Thursday, September 01, 2005 - 09:43 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Nach bhfuil meas ar phriompalláin is a dteanga?

Is daoine lucht Oileán Mhanainn. Is Gaeil iad. mar aon le Gaeil na hÉireann is na hAlban.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 658
Registered: 01-2005
Posted on Thursday, September 01, 2005 - 10:29 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Níl sé cosúil le Gaeilg an tuaiscirt.

Teangaí chaic = a sh*t language. (tá cuma Bhéarla ar an chomhfhocal "cac-theanga")

Más teangaí chaic a’ Mhanainnis, is teangaí chaic a’ Béarla fosta.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Unregistered guest
Posted on Thursday, September 01, 2005 - 10:40 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

A Lughaidh,
Scríobh tú:

Níl sé cosúil le Gaeilg an tuaiscirt.

Ar mhiste leat é seo a mhíniú! Ní dúirt mé gur Gaeilg an tuaiscirt a bhí ann.

Scríobh tú:

Teangaí chaic = a sh*t language. (tá cuma Bhéarla ar an chomhfhocal "cac-theanga")

Ach cad é sin, in ainm Chroim? Cé hé Raithealach?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 171
Registered: 02-2005


Posted on Thursday, September 01, 2005 - 11:25 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

A Fhearn,

quote:

Cé hé Raithealach?



Féach thuas. T. F. O'Rahilly, an scoláire.

GRMA as an gcomhrá sin i Manainnis, a Bhreacban (a Bhreacbháin?). Bhí sé an-ghreannmhar! Ach is maith an rud é gur thug tú an t-aistriúchán dúinn.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Breacban
Member
Username: Breacban

Post Number: 131
Registered: 11-2004
Posted on Thursday, September 01, 2005 - 11:29 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Soie sheese.
:suigh sios

Cha jean mee soie sheese, my ta.
:chan fhuil me suigh sios.

C'red ta jannoo ort?

:caide ta ? ort

Cur y muc shen magh hoshiaght.

:cuir an muc sin amuigh tosaiocht (ar dtus?)

Cha jean mee cur y muc magh, my ta.
woman:

:Chan fhuil me an muc a cur amuigh


Well, cha jean mee soie, eisht.

:Bheul chan bhfuil me suigh sios tosaiocht.

Nil se an teanga cach as aon ait (go hairithi as an phriompalláin!!). Ta se cosuil le scots gaelic (galloway)agus an Gaelic as aontraoma agus an dun. caitfidh tu an focal a scairt ona cheile chun an miniu a baint asti

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 174
Registered: 02-2005


Posted on Thursday, September 01, 2005 - 12:10 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

Cha jean mee soie sheese, my ta.
:chan fhuil me suigh sios.



= Cha dèan mi ... (Gàidhlig) = Ní dhéanfaidh mé...

quote:

C'red ta jannoo ort?
:caide ta ? ort



Céard [a]tá [ag] déanamh ort?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Séamas_Ó_neachtain
Member
Username: Séamas_Ó_neachtain

Post Number: 153
Registered: 11-2004


Posted on Thursday, September 01, 2005 - 02:54 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Sílim go bhfuil an ceart agat faoi sin, a Dennis. Fuimnítear -adh agus -amh mar ú sa tuaisceart.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dalta
Unregistered guest
Posted on Thursday, September 01, 2005 - 06:53 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Is cac é an litriú ar aon nós. Tógtar fuaimeanna na Béarla agus cuirtear ar fhocail Manannaise. Is cuimhin liom anois gur léigh mé rud faoi seo. Nuair a thosaigh iarrachtaí an teanga a athbheochan, socraíodh gur thógfaí na litriuith ón mBéarla toisc go mbeidh níos éasca do fhoghlaimeoirí í a fhuaimniú. B'fhéidir gurb é sin an fáth a dúirt an Rathaileach gur teanga chac í.

A Lughaidh, cá bhfuil an Mhanannais labhairte anois más teanga bheo í. Cé mhéad daoine a labhair í?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 664
Registered: 01-2005
Posted on Thursday, September 01, 2005 - 07:07 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

>Cha jean mee soie sheese, my ta.
>:chan fhuil me suigh sios.

"cha déan mé suí síos, má tá"

>C'red ta jannoo ort?

créad ’tá ag déanamh ort?

>Cur y muc shen magh hoshiaght.

cuir a’ muc sin amach thoisíocht

>Cha jean mee cur y muc magh, my ta.

cha déan mé cur an muc amach, má tá.

>Well, cha jean mee soie, eisht.

bhuel, cha déan mé suí, éist.

>Nil se an teanga cach as aon ait (go hairithi as an >phriompalláin!!). Ta se cosuil le scots gaelic >(galloway)agus an Gaelic as aontraoma agus an dun.

Cosúil go leor le Gaeilg na hAlban. Chan róchosúil le Gaeilg Aontroma.

>Is cac é an litriú ar aon nós.

aontaim leat ansin !

>Tógtar fuaimeanna na Béarla agus cuirtear ar fhocail >Manannaise.

De réir litriú an Bhéarla fadó (17ú céad?) san fhuaimníocht Mhanannach (?) a cumadh an litriú sin.

>Is cuimhin liom anois gur léigh mé rud faoi seo. Nuair >a thosaigh iarrachtaí an teanga a athbheochan, >socraíodh gur thógfaí na litriuith ón mBéarla toisc go >mbeidh níos éasca do fhoghlaimeoirí í a fhuaimniú.

Ní dóigh liom go bhfuil sin ceart. Bhí ’n litriú sin ann i bhfad sular hathbheodh an teangaí agus i bhfad sula rabh sí i mbaol a báis.

>A Lughaidh, cá bhfuil an Mhanannais labhairte anois más teanga bheo í.

Ar Oileán Mhanann! Tá Gaelscoltacha ina dteagasctar Manainnis do na páistí. Tá páistí ann a thógtar le Manainnis. Níl mé a’ ráidht go bhfuil Manainnis ag na milliúin daoiní, ach tá sí ag tréan daoiní ar aon nós.

>Cé mhéad daoine a labhair í?

Níl ’s agam. Agus cad é ’n duifear a bheadh ann? Teangaí mharbh teangaí nach bhfuil duine ar bith ábalta a labhairt. Is iomaí duine atá ábalta Manainnis a labhairt, cé nach bhfuil cainteoir dúchais ar bith ann níos mó, ó fuair Ned Maddrell bás (1974?)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Breacban
Member
Username: Breacban

Post Number: 132
Registered: 11-2004
Posted on Friday, September 02, 2005 - 04:43 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Is cac é an litriú ar aon nós. Tógtar fuaimeanna na Béarla agus cuirtear ar fhocail Manannaise

Is raitais cac i. nach bhfuil se soleir anois nach bhfuil ann aon bearla san ailt seo. nil chor ar bith bearla ata ann grammadach no stile. Chonaic me alan port as oriel, agus ta an gaeluinn ceanna iontu. Nil se sin fior a ra go mbeadh bhirt no triu teanga linn. Is ionann gaeluinn, Gàidhlig agus an Manx. Ta an locht orainn nach thugfaimis an iomalain iad.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Unregistered guest
Posted on Friday, September 02, 2005 - 06:46 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Is díol spéise dom béarlagar an tsuímh seo, go háirithe an focal "cac". Ní léir dom go bhfuil sé ag teacht lena bheachtas céille sa Ghaeilge ach tá a úsáid ar aon dul leis an focal "shit" sa Bhéarla Mheiriceá. An mar sin atá? agus tuige a bhfuil sibh ag labhairt Béarla trí Gaeilge?
Agus arís eile: cad is cactheanga ann? Teanga ar féidir miotal a bhaint as?

Deir an foclóir beag:
cac [ainm briathartha][ainmfhocal firinscneach den tríú díochlaonadh]
ábhar vásta a scaoiltear as an gcorp; mian ar féidir miotal a bhaint as (cac iarainn).

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 1849
Registered: 08-2004


Posted on Friday, September 02, 2005 - 07:45 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Sin ceann deas, a Fhirn. Meas tú an bhfuil ábhar luachmhar le baint ag an iliomaid caca a bhíonns anseo, nuair a scaoiltear snaidhm ar bhundúin le teann ceart-cheartúcháin?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Unregistered guest
Posted on Friday, September 02, 2005 - 11:17 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Bhal, ar mhaithe le beachtas a bhí mé. Tuigim d'úsáid an fhocail shit sa domhain Angla-Mheiriceánach agus feictear dom go bhfuil luach rachtála ag baint leis do lucht an Bhéarla. Ach b'fhearr liom go gcuirfeadh daoine iad féin amach ar fhocail ní ba bheichte.

Fós, ní thuigim an caitheamh anuas anseo ar Mhanainnis!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 1852
Registered: 08-2004


Posted on Friday, September 02, 2005 - 11:36 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ní thuigimse ach oiread. Seachas, seans, an té atá thíos, buailtear cos air.

Níl dóigh liom go bhfuil an focal "beachtas" ann, ach féach seo:

beachtaíoch [aidiacht]
tugtha do bheith ag ceartú daoine
beachtú [ainm briathartha][ainmfhocal firinscneach]
ceartú, tabhairt chun cruinnis; ceartú thar mar is gá (ná bí i gcónaí ag beachtú orm).

Meas tú an bhfuil an galar tóghta againn?

(Message edited by aonghus on September 02, 2005)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Paul
Unregistered guest
Posted on Friday, September 02, 2005 - 12:41 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Is maith liom an beannacht atá acu:

Muire maith.

Paul

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dalta
Unregistered guest
Posted on Friday, September 02, 2005 - 03:37 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

A Lughaidh, tá a fhios agam ar an Oileán Mhanann ach cén áit ar an oileán? Is cosúil nach bhfuil aon phobal aon ina labhraítear an Mhanannaic, an bhfuil an ceart agam? Mar sin, ní teanga beo í ach is teanga i bpróiséas athbheocan í. Tá súil agam go mbeidh sé arís linn sa domhain teangacha beo.

Agus tá brón orm do na daoine ar fuath leo an focal 'cac', ní raibh a fhios agam go maslódh mé chomh ard sibh. Más féidir, i gcúpla bliain b'fhéidir, beidh tú ábalta mo leithscéal a ghabh agus caint liomsa arís.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Liz
Member
Username: Liz

Post Number: 4
Registered: 07-2005


Posted on Friday, September 02, 2005 - 05:17 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

An bhfaca sibh an scannán "Waking Ned Devine"?

Cé go bhfuil an scéal greannmhar seo suite in Éirinn, rinneadh an scannán ar Oileán Mhanann agus tá an radharc ar chois na farraige go hálainn i ngach áit.
Más buan mo chuimhne, bhí cúpla focal as Gaeilge na hÉireann sa scéal, ag an sochraid.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 672
Registered: 01-2005
Posted on Friday, September 02, 2005 - 05:17 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

>Is ionann gaeluinn, Gàidhlig agus an Manx.

Chan ionann. Teangthacha gaolmhara dá chéile, sin a’ méid.

>Is díol spéise dom béarlagar an tsuímh seo, go háirithe >an focal "cac". Ní léir dom go bhfuil sé ag teacht lena >bheachtas céille sa Ghaeilge ach tá a úsáid ar aon dul >leis an focal "shit" sa Bhéarla Mheiriceá.

bhuel níl mé cinnte go bhfuil sé fíor maidir leis an fhocal "cac". Tá ’n focal sin á úsáid i gcuid mhór teangthach, chan amháin i mBéarla Mheiriceá, agus cha dtuigim cad chuige nach mbainfí feidhm as i nGaeilg fosta.

>An mar sin atá? agus tuige a bhfuil sibh ag labhairt >Béarla trí Gaeilge?

:-) As siocair gur foghlaimeoirí iad arb í an Béarla a dteangaí dhúchais...

>A Lughaidh, tá a fhios agam ar an Oileán Mhanann ach >cén áit ar an oileán? Is cosúil nach bhfuil aon phobal >aon ina labhraítear an Mhanannaic, an bhfuil an ceart >agam?

Cinnte go bhfuil teaghlaigh ann ina labhartar Manainnis, siocair gur chuala mé fá dtaobh do pháistí nó do dhéagóirí a tógadh le Manainnis.

>Mar sin, ní teanga beo í ach is teanga i bpróiséas >athbheocan í.

athbheoCHan. ch /x/, c /k/

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 1854
Registered: 08-2004


Posted on Saturday, September 03, 2005 - 03:50 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Scríobh Lughaidh

quote:

bhuel níl mé cinnte go bhfuil sé fíor maidir leis an fhocal "cac". Tá ’n focal sin á úsáid i gcuid mhór teangthach, chan amháin i mBéarla Mheiriceá, agus cha dtuigim cad chuige nach mbainfí feidhm as i nGaeilg fosta.



Tá roinnt den cheart agat. Ach is annamh go bhfuil "cac" cloiste/feicthe agam - feictear dhom go mbíonn réimse eile in usáid in áit chaca.

Chuir ceisteanna Stefan maidir le "fiche bliain ag fás" á athléamh mé. Feictear dhom go mbaineann an tSuillebháineach an-feidhm as an focal "riabhach" mar treisiú. Agus bhí Ó Cadhain an-tugtha don bhundún.

Pé scéal é, ní dóigh liom go bhfuil mórán céille le baint as "cac theanga" na tenaga chaca.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 193
Registered: 02-2005


Posted on Saturday, September 03, 2005 - 05:00 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

Ach is annamh go bhfuil "cac" cloiste/feicthe agam



Thréig Rí Séamas Éire díreach tar éis Bhriseadh na Bóinne, agus baisteadh Séamas a' Chaca air, an créatúr.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dalta
Unregistered guest
Posted on Saturday, September 03, 2005 - 05:36 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

">Mar sin, ní teanga beo í ach is teanga i bpróiséas >athbheocan í.

athbheoCHan. ch /x/, c /k/"

A Lughaidh, i gcoitinne, nuair a scríobh duine 'c' in ionad 'ch', is botún cló atá ann, ní ciallíonn sé nach bhfuil an fuaimniú ceart ag an duine. Bí i do shuaimhneas, fuaimníonn mé an fhuaim mar /x/ agus ní /k/.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 682
Registered: 01-2005
Posted on Saturday, September 03, 2005 - 07:32 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ok, ach bhí eagla orm: is iomaí foghlaimeoir a fhuaimníos ch mar c de dheasca thionchar a’ Bhéarla (is é c an fhuaim is congaraí dó).

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 195
Registered: 02-2005


Posted on Saturday, September 03, 2005 - 09:05 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Tosaíonn "Bunús na Manainnise", alt tábhachtach le Nicholas Williams (in Stair na Gaeilge, lgh. 737-41), leis an ráiteas seo:

"Is léir gur cineál Gaeilge atá i dteanga Mhanann ach fiú má fhágtar an litriú sainiúil as an áireamh, ní mór admháil gur aisteach an sórt Gaeilge atá inti."

Agus níos faide anonn san alt:

"Tá sé le tuiscint as a ndeir an Rathileach agus Stockman, go gcreideann siad gur Gaeilge bhreá chruinn a bhí sa Mhanainnis go dtí na blianta deireanacha. Nuair a tháinig an teanga go láidir faoi anáil an Bhéarla, áfach, milleadh ar fad í go dtí nach raibh inti ach béarlagair measctha a d'éag go luath ina dhiaidh sin."

Ach de réir Williams:

"Is ar éigean is féidir leis an tuairim sin a bheith ceart. Chomh fada siar agus is féidir a dhéanamh amach, bhí na tréithe a liostaíodh thuas [deich gcinn a fhaightear de ghnáth i gcanúintí atá ag fáil bháis] le fáil riamh sa Manainnis."

Teoiric Williams:

"Tar éis glúine nó dhó [i ndiaidh lonnú na Lochlannach] caithfidh go raibh trí theanga san oileán: Gaeilge, Lochlainnis agus Gaeilge Lochlannaithe. Na daoine nach raibh ach Gaeilge cheart acu, ba iad na boicht iad, na daoine sin nárbh fhiú leis na Lochlannaigh meascadh leo. Na daoine a raibh Gaeilge Lochlannaithe acu, áfach, ba chlann agus ba ghaolta iad de chuid na Lochlannach, an dream a raibh cumhacht acu san oileán. Bheadh stádas mar sin ag an nGaeilge Lochlannaithe agus de réir a chéile gheobhadh sí an lámh in uachtar ar an nGaeilge stairiúil."

Níl sa méid seo thuas ach achoimre, ar ndóigh. Tá i bhfad níos mó ná sin le rá ag Williams. Is fíu an t-alt iomlán a léamh.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 1856
Registered: 08-2004


Posted on Sunday, September 04, 2005 - 07:59 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Nach fíor freisin gur ar Bhreatnais seachas Béarla atá an teanga scríofa múnlaithe? Ag ministéir Modhach, más buan mo chuimhne, san 18ú céad?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dalta
Unregistered guest
Posted on Sunday, September 04, 2005 - 03:42 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ceapaim go bhfuil iarsmaí na Breatnaise ann, ach tá an chuid is mó bunaithe ar Bhéarla.

Is féidir liom a thuig cad le rá le Dennis. Bhí tionchar níos mó ag na Lochlannaigh ar na Manannaigh. Tá ainm Lochlannaigh ar a bparlaiméid, an Tynwald.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Fearn
Unregistered guest
Posted on Wednesday, September 07, 2005 - 07:43 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

A Aonghuis,
Scríobh tú:

"Níl dóigh liom go bhfuil an focal "beachtas" ann, ach féach seo:

beachtaíoch [aidiacht]
tugtha do bheith ag ceartú daoine
beachtú [ainm briathartha][ainmfhocal firinscneach]
ceartú, tabhairt chun cruinnis; ceartú thar mar is gá (ná bí i gcónaí ag beachtú orm).

Meas tú an bhfuil an galar tóghta againn? "

Tá an focal beachtas ann. Foclóir níos fearr atá uait.
An galar? Abair scroing!

A Lughaidh:
Scríobh tú:
"bhuel níl mé cinnte go bhfuil sé fíor maidir leis an fhocal "cac". Tá ’n focal sin á úsáid i gcuid mhór teangthach, chan amháin i mBéarla Mheiriceá, agus cha dtuigim cad chuige nach mbainfí feidhm as i nGaeilg fosta."

Is fíor a deir tú faoin a úsáid i dteangacha eile ach ní teanga eile an Ghaeilge. Tá a dóigh aici.
Cinnte is féidir feidhm a bhaint as sa Ghaeilge. Is féidir le héinne teanga a chur as a riocht.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 1884
Registered: 08-2004


Posted on Wednesday, September 07, 2005 - 08:21 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

Tá an focal beachtas ann. Foclóir níos fearr atá uait.



Ní raibh mé tar éis an foclóir a cheadú nuair a scríos san. "Cruinneas" a bheadh scríofa agamsa.

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge