Author |
Message |
Aineolaí_na_gaeilge
Member Username: Aineolaí_na_gaeilge
Post Number: 64 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, August 29, 2005 - 12:40 pm: |
|
Cad é tharla don áit, níl ábhar ar bith le feiceáil ar scáilleán s'agamsa! |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 758 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, August 29, 2005 - 12:53 pm: |
|
An fhadhb chéanna agamsa |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 150 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, August 29, 2005 - 02:07 pm: |
|
A Fhear na mBróg, Ceist agam ort: cén fáth ar thogh tú an leasainm sin? An bhfuil scéal taobh thiar de? |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 760 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, August 29, 2005 - 03:07 pm: |
|
Tá, cinnte... na daoine a bhfuil aithne acu orm san "fhíorshaol", dá smaoineoidís air ar feadh nóiméid nó dhó, thuigfidís cá óna bhfuaireas an t-ainm! Ach dá míneoinn anseo é... bhuel... thógfaí ón mistéir! Rud éigin ar theastaigh uaim a rá leat le déanaí a Dhennis, thugas faoi deara gur tháinig feabhas ar do chuid Gaeilge! Níor a léim síos tríd do chuid teachtaireachtaí, is aoibhinn liom feiceáil go mbíonn gach séimhiú agus gach urú san áit cheart, agus úsáid álainn á baint as na gnéithe difriúla sa teanga! Cuireann sé áthas orm Gaeilge mar sin a léamh! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 151 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, August 29, 2005 - 03:27 pm: |
|
quote:thugas faoi deara gur tháinig feabhas ar do chuid Gaeilge! Uhh, GRMA, I guess. Ach "feabhas" i gcomparáid le cén rud, go díreach? An raibh mo chuid Gaeilge chomh húafásach sin roimhe seo, agus más ea, an mbeifeá sásta sámpla nó dhó a thabhairt dom? Admhaím nach mbím thar a bheith cúramach i gcónaí agus mé ag scríobh i nGaeilge, ach ní taise domsa é i mBéarla. Ceist eile, mura miste leat. Dúirt duine éigin anseo le déanaí gur déagóir thú ("teenager" a dúirt sé). An fíor sin? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1831 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, August 29, 2005 - 04:01 pm: |
|
Seachain tú fhéin anois, a Dennis. Gheobhaidh tú an Bróg Mór do sin! I ndairíre, tá FnaB anseo le bliain nó dhó, agus is minic a tharraing ceist a (easpa) aoise raic. Tá sé (nó sí, cá bhfios, ach ní dóigh liom é) díreach i ndiadh an Ardteist a chríochnú. |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 761 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, August 29, 2005 - 04:33 pm: |
|
I 1987 a rugadh mé, a Dhennis. Contrártha leis an mbarúil choitianta, is féidir le duine daonna bheith ocht mbliana déag d'aois agus inchinn fheidhmiúil a bheith aige. Ní rabhas ag rá go mbíodh do chuid Gaeilge uafásach san am atá caite -- is annamh anseo go bhfeictear Gaeilge scríofa maith, ach tugaim faoi deara í nuair a fheicim í. Le déanaí, is scríobh de do chuidse a tharraing m'iúl. Bhíos ag déanamh iarrachta mol a thabhairt dhuit! Dar le "heaspa" aoise... tógaim mar mhol é sin freisin, a Aonghuis : ) ! |
|
Cailindoll
Member Username: Cailindoll
Post Number: 98 Registered: 12-2004
| Posted on Monday, August 29, 2005 - 08:03 pm: |
|
Ó a Fhír na mBróg a chroí, Aontaim leat gur féidir le duine daonna a bheith ocht mbliana déag d'aois agus inchinn fheidhmiúil aige nó aici ach is oth liom a rá leat nach bhfuil baol dá laghad air gur duine des na daoine seo thusa! Is léir gur cuma leatsa cad a cheapann duine ar bith fútsa mar sin -- sin mo fhocail deireannach faoi taobh de, le cúidiu Dé! -- ádh mór ortsa! Colleen |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 154 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, August 29, 2005 - 09:56 pm: |
|
quote:is féidir le duine daonna bheith ocht mbliana déag d'aois agus inchinn fheidhmiúil a bheith aige Is fíor duit. Go raibh maith agat as mo cheist a fhreagairt. Is é an fáth ar chuir mé an cheist ná nach bhfuil a lán le léamh fút ar an "member profile" anseo -- agus theip orm aon scéal a mhealladh uait le mo cheist mar gheall ar d'ainm! ;-) Is fearr liom a bheith ag comhrá le daoine a bhfuil beagán aithne agam orthu, nó pictiúr de shaghas éigin agam díobh. Bíonn an cur is cúiteamh níos suimiúla domsa i gcónaí mar sin. |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 764 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, August 29, 2005 - 11:51 pm: |
|
quote:Is léir gur cuma leatsa cad a cheapann duine ar bith fútsa mar sin. Braitheann sé ar an duine... Agus ag dul isteach i síceolaíocht a bheimis... mo fhocail deireannach = m'fhocail dheireannacha (Message edited by Fear_na_mBróg on August 29, 2005) |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 143 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, August 30, 2005 - 10:04 am: |
|
B'fhearrde "m'fhocal deireanach," dar liom. Sílim go raibh Gaeilge bhlasta ag an Dennis seo againn sula rugadh tú, a fhir óg. Ní fhaca mé 'mol' in ionad 'moladh' roimhe seo. An bhfuil tú cinnte faoi sin? Mol ón óige, agus? ;-) |
|
Aineolaí_na_gaeilge
Member Username: Aineolaí_na_gaeilge
Post Number: 65 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, August 30, 2005 - 10:21 am: |
|
ceist beag agam ort - nach a fhir óig? atá ann? Ach aontaím leat maidir leis an ráitéas eile - m'fhocal deireanach |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1834 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, August 30, 2005 - 11:56 am: |
|
quote:Dar le "heaspa" aoise... tógaim mar mhol é sin freisin, a Aonghuis : ) Mol thuaidh nó theas, a Bhrógánaigh an Bhéil Bhorb? Moladh atá uait, an ea? Bhí deire(adh) agus deireanach idir chamáin ag Leagan Cainte Dé Domhnaigh. An tuairim a bhí ag na saoithe ná gur chuir deireanach clabhsúr ar rud - ní bheadh focal eile le clos riamh. "Deiridh" - bheadh níos mó le teacht. mol [ainmfhocal firinscneach den chéad díochlaonadh] lár rotha as a dtagann na spócaí agus a bhfuil an t-aiseal sáite ann; fearsaid, seafta (mol muilinn); barr cruinn (mol uibhe); an ceann thuaidh nó theas d'ais rothlaithe an domhain (an Mol Thuaidh, an Mol Theas). Focail an lae dhuit, a FnaB - mórluachach - galár í seo nach mór a sheachaint! |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 145 Registered: 11-2004
| Posted on Tuesday, August 30, 2005 - 02:38 pm: |
|
Tá an ceart agat, a AnaG - ba chóir dom a rá 'a fhir óig.' http://www.nualeargais.ie/gnag/adjekt3.htm#Vocativ |
|
Dalta Unregistered guest
| Posted on Tuesday, August 30, 2005 - 03:52 pm: |
|
A Fhir na mBróg, ní raibh a fhios agam go bhfuil tu díreach tar éis na hArdteiste. Tá'im ar chomhchéim leat. Conas a d'éirigh leat inti? Tá súil agam go bhfuair tú do chéad rogha. |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 767 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, August 30, 2005 - 05:22 pm: |
|
quote:Sílim go raibh Gaeilge bhlasta ag an Dennis seo againn sula rugadh tú, a fhir óg. Agus tosaíonn an t-aoiseachas, a sheanfhir. Tá an chuma air go bhfuil an cheart agam maidir le "moladh" a úsáid in ionad "mol". A Dhalta, níor éirigh liom go maith san Ardteist, ní dhearna mé staidéar. Agus anuraidh a rinne mé an Ardteist, seachas i mbliana. Seans go n-athdhéanfaidh mé í san am atá romhainn má bhíonn pointí de dhíth orm chun cúrsa a fháil... ? |
|
Aineolaí_na_gaeilge
Member Username: Aineolaí_na_gaeilge
Post Number: 66 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, August 31, 2005 - 04:09 am: |
|
A Dhalta rinne mé an Ardléibhéal i mbliana. cad é mar a d'éirigh leat? níor éirigh go maith liom* a fhear na mbrog nárbh fhearr sin? |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 147 Registered: 11-2004
| Posted on Wednesday, August 31, 2005 - 09:18 am: |
|
quote:Tá an chuma air go bhfuil an cheart agam maidir le "moladh" a úsáid in ionad "mol".
A mhalairt, a dhuine. Scríobh tusa 'mol' in ionad 'moladh.' |
|
Dalta Unregistered guest
| Posted on Wednesday, August 31, 2005 - 04:42 pm: |
|
A aineolaí, fuair mé B1, agus b'íontach an grád é sin leis an chuid múinteoirí a bhí agam. Ach bhí múinteoir íontach agam lastuigh den scoil. Agus, conas a d'éirigh leatsa? |
|
áiséirí_an_aineolaí
Member Username: áiséirí_an_aineolaí
Post Number: 3 Registered: 08-2005
| Posted on Thursday, September 01, 2005 - 04:24 am: |
|
Fuair mé A san Ardléibhéal(tá scéim mharcála dhifriúla againn anseo sna Sé Chontae), ní raibh móran dua agam é a fháil caithfidh mé a adhmháil ach a mhalairt a bheas fíor nuair a thugaim an ollscoil orm féin! A dhalta seo aineolaí_na_gaeilge, ach le hainm difriúla! An leanfaidh tú ar aghaidh leis an Ghaeilge ar an ollscoil? FRC
|
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 771 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, September 01, 2005 - 10:56 am: |
|
Cén fáth a n-úsáideann tú "difriúla" le hainmfhocal uatha, eg. "le hainm difriúla"? An ndéantar é sin i nGaeilge Uladh? Ní fhaca mé a léithéad ríomh. Seo a dhéantar sa chaighdeán: Ag féachaint ar do théarma: "scéim mharcála dhifriúla" Cad dá dtagraíonn "dhifriúla"? An dtagraíonn sé go "mharcála", nó an dtagraíonn sé go "scéim mharcála"? Is féidir tuiscint ón gcomhthéacs gur "scéim mharcála" atá uait: scéim mharcála difriúil = a different marking scheme Dá mba go "mharcála" ba mhaith leat a thagairt, bheadh ort an séimhiú a bhaint amach agus an aidiacht a chur sa tuiseal ginideach bainiscneach: scéim mharcála difriúla = a scheme of different marking --- FRC (Message edited by Fear_na_mBróg on September 01, 2005) |
|
Dalta Unregistered guest
| Posted on Thursday, September 01, 2005 - 06:44 pm: |
|
O, ní raibh a fhios agam go raibh tú óna Sé Chontae. An bhfuil rudaí difriúla ansin? An bhfoghlaimíonn sibh an Caighdeán nó Gaeilge Uladh? An bhfoghlaimíonn tú an teanga i gceart? Ní leanfaidh mé leis an nGaeilge in ollscoil ach an fáth é ná nach bhfuil suim mhór agam i litríocht. Leanfaidh mé léi nuair a rachad go dtí an nGaeltacht go deimhin! An raibh tú riamh i dTír Conaill nó sa Ghaeltacht bheag in "Anderstown"(an é an ainm ceart?). An bhfuil beart agat dul ann? FRC |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 663 Registered: 01-2005
| Posted on Thursday, September 01, 2005 - 06:56 pm: |
|
>An ndéantar é sin i nGaeilge Uladh? Cha ndéantar ! |
|
áiséirí_an_aineolaí
Member Username: áiséirí_an_aineolaí
Post Number: 4 Registered: 08-2005
| Posted on Friday, September 02, 2005 - 07:11 am: |
|
Tá an ceart ag Lughaidh, botúin a bhí iontu, ach shíl mé ag an am go raibh an ceart agam leis an ráitéas scéim mharcála dhrifriúla, ach ba chóir dom scéim mharcála difriúil a rá. Thug mé an Ghaeltacht orm féin cúpla uair, agus is cinnte go bpillfidh mé! Ach cad é atá tú ag maíomh nuair a deir tú - an bhfoghlaimíonn tú an teanga i gceart? FRC
|
|
Dalta Unregistered guest
| Posted on Friday, September 02, 2005 - 03:21 pm: |
|
An múinítear an teanga i gceart sna Sé Chontae. An bhfuil brú na nAontachtaithe nó na Breataine ann ag tugadh ar daoine an teanga a múineadh go mícheart. Agus an bhfuil an teanga go líofa ag na múinteoirí ann? An bhfuil na múinteoirí go léir ón Tuaisceart. Chomh maith, an foghlaimíonn sibh an Caighdeán nó Gaeilge Uladh? |
|
áiséirí_an_aineolaí
Member Username: áiséirí_an_aineolaí
Post Number: 13 Registered: 08-2005
| Posted on Friday, September 02, 2005 - 05:58 pm: |
|
Gabh mo léiscéal? Cad chuige an bhfuil dearcadh diúltach agat ar mhúinteoireacht an Tuaiscirt? Tá scoth na Gaeilge acu. Níl mise ag rá go bhfuil mo chuid Gaeilge foirfe, saibhir nó cruinn, ach má tá teachtaireacht s'agat le bheith mar shlat tomhais ar Ghaeilge an Deiscirt i measc scoláirí na hArdteiste níl múineadh an Deiscirt thar mholadh beirte, níl mé do do cháineadh ach nuair a chaitheann daoine anuas ar Ghaeilge agus ar mhúinteoireacht an Tuaiscirt caithfidh mé an fód a sheasamh ar a son. Foghlaimímid Gaeilge Thír Chonaill, agus leis an fhírinne a rá b'fhearr liom i bhfad an Ghaeilge seo ná an Caighdeán. FRC
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 675 Registered: 01-2005
| Posted on Saturday, September 03, 2005 - 09:53 am: |
|
I dTír Chonaill a fhoghlaimíos a’ chuid is mó do na múinteoirí Gaeilge ins na Sé Chondae. |
|
Dalta Unregistered guest
| Posted on Saturday, September 03, 2005 - 05:32 pm: |
|
Gabh mo leithscéal fíor a aiséirí, ní raibh mé in ann aon duine a mhasladh. Ní raibh mé ach ag iarradh a fháil amach cad atá stádas na teanga sna sé contae. Ní raibh mé ag caitheamh anuas ar éinne, gabh mo leithscéal as an míthuiscint. |
|
áiséirí_an_aineolaí
Member Username: áiséirí_an_aineolaí
Post Number: 14 Registered: 08-2005
| Posted on Monday, September 05, 2005 - 10:25 am: |
|
Tá sé maith go leor, shíl mé go raibh tú ag iaraidh Gaeilge Thír Chonaill a mhaslú. Rinne mise botún, "gabh mo léiscéal." Ní raibh mé ag cáineadh Gaeilge s'agat, ach ag an am chuir an teachtaireacht fearg orm. FRC
|
|
Dalta Unregistered guest
| Posted on Monday, September 05, 2005 - 06:07 pm: |
|
Bhuel, tá sé breá go leor anois. Ní maslódh mé aon Ghaeilge riamh. Agus is 'gabh mo leithscéal' é an nath. Chuardaigh mé san fhoclóir é chun a bheith cinnte. |
|
áiséirí_an_aineolaí
Member Username: áiséirí_an_aineolaí
Post Number: 15 Registered: 08-2005
| Posted on Tuesday, September 06, 2005 - 06:19 am: |
|
Tá a fhios agam gur leithscéal atá ann. FRC
|
|