Author |
Message |
Eoghan
Member Username: Eoghan
Post Number: 1 Registered: 08-2005
| Posted on Friday, August 26, 2005 - 08:52 am: |
|
Ní thuigim cén fáth nach bhfuil earraí sna siopaí dátheangach. Rud rí-thábhachtach chun Gaeilge cur chun cinn ná go mbeidh Gaeilge níos infheicthe. 'Bhfuil sibh ag iarraidh feachtas nua a thosnú?! |
|
Fearn Unregistered guest
| Posted on Friday, August 26, 2005 - 10:52 am: |
|
Thárla an rud chéanna sa gCeanada ar feadh dornán blianta .i. go raibh sé dlite ar gach chomhlacht a n-earraí a chur amach i bhFrancais is i mBéarla. Ar chúis éigin, tharraing an rialtas siar an dlí sin. Is dóigh gur chuir sé olc ar lucht labhartha an teanga eile |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 136 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, August 26, 2005 - 11:54 am: |
|
A Fhearn, An bhfuil tú cinnte nach bhfuil an dlí sin i bhfeidhm go fóill? (An bhfuil aon Cheanadach ag éisteacht?) Feicimid a lán lán pacáistí anseo sna Stáit a bhfuil flúirse Fraincise orthu, toisc go ndíoltar na rudaí sin i gCeanada chomh maith. Tá lipéid i Spáinnis an-choitianta freisin, agus is minic a bhíonn na trí theanga taobh le taobh ar phacáiste a bhfuil -- mar shampla -- scriúire ann. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 137 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, August 26, 2005 - 12:04 pm: |
|
A Eoghain, Scríobh mé chuig McCann's/Odlum Mills cúpla bliain ó shin, á rá leo go béasach go mba cheart dóibh beagán Gaeilge a chur ar an lipéad, go gcuirfeadh Gael-Mheiriceánaigh abhus anseo spéis ann, etc. Freagra ní bhfuair mé. |
|
Dalta Unregistered guest
| Posted on Wednesday, August 31, 2005 - 04:30 pm: |
|
Tá an cheart agat a Eoghain, is ceart dúinn rud a dhéanamh. Beidh mé díreach ag ríomhphostú le Mars. An bhfuil aon chomhlacht in Éirinn - níos mó brú le cur orthu. |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 84 Registered: 06-2005
| Posted on Wednesday, August 31, 2005 - 06:40 pm: |
|
Aontaímse libh go h-uile is go h-iomlán.. Bheadh an-suim agam tús a chur le feachtas! Earra amháin atá *nó a bhí* dátheangach ná na milseáin Emerald. Déantar iad i dTír Chonaill, b'fhéidir sa ghaeltacht, ach n'fheadar. Gan amhras cheannaigh mé go leor paicéid des na milseáin! *yum* Ar aon nós, ní dóigh liom go bhfuil go leor fíor-thacaíocht ann chun an rud seo a chur i bhfeidhm. Costas eile don lucht ghnó is ea é. Muna gcuireann an Rialtas dlí i bhfeidhm ní dhéarfainn go ndéanfaidh an lucht ghnó é. Agus ní chuirfidh an Rialtas seo deá-rud mar seo i bhfeidhm. Bíonn roinnt comhlachtaí ag cur a bhfograí amuigh trí Ghaeilge ar nós Gateaux... Faightear roinnt earraí sa ghaeltacht - ar nós im agus bainne - leis an scríobhneoireacht i nGaeilge amháin. Rud amháin eile go bhfaca mé le déanaí ná go bhfuil na comhartaí in Eason's agus Tesco's dátheangach. Agus dá chomhlacht Sasannach is ea iad creid é nó ná creid!! Ní Síocháin Go Saoirse. Is í slánú na Gaeilge athghabháil na Saoirse
|
|
Fearn Unregistered guest
| Posted on Thursday, September 01, 2005 - 07:52 am: |
|
A Dhennis, Níl mé cinnte an bhfuil an dlí sin fós i bhfeidhm i gCeanada. Feictear dom gur faoi na comhluachtaí atá sé> Is dóigh go bhfuil dlí i bhfeidhm i gCúige Quebec ag éileamh Fraincise ar anchuid rudaí. A Dhomhnaill, Ní cuimhin liom Gaeilge ar Emerald. An bhfuil siad ann go fóill? |
|
Domhnall
Member Username: Domhnall
Post Number: 94 Registered: 06-2005
| Posted on Friday, September 02, 2005 - 05:40 pm: |
|
Nílim cinnte. Ach ní dóigh liom é :( Ní Síocháin Go Saoirse. Is í slánú na Gaeilge athghabháil na Saoirse
|
|
Fearn Unregistered guest
| Posted on Wednesday, September 07, 2005 - 09:31 am: |
|
Is dóigh liom go raibh feachtaisí thar na blianta ag Conradh na Gaeilge i dtaobh Gaeilge a bheith scíte ar earraí. Cuir scéal chuchu. Agus bhí(tá) dream i gCorcaigh a bhí ag tathaint ar siopadóirí a mhaiseacháin scríofa . Gaeltaca a bhí orthu. |
|