Dia dhaoibh, a chairde.
Is eagraí den “New York Irish Language Meetup” mise.
Eagraíonn an suíomh idirlín Meetup.com ócáidí do dhaoine
atá an caitheamh aimsire céanna acu. Tagaimid le chéile uair amháin gach mí ag teach tabhairne nó bialann agus tá comhrá as Gaeilge (agus giota beag Béarla) againn.
Beidh fáilte roimh cách... gach leibhéal Gaeilge,
gach canúint. Tá an chéad Meetup eile ar an Luan seo chugainn, 22ú Lúnasa ar 7:00 PM. Eolas ag:
http://irish.meetup.com/10/events/4748313/ Tá an clárú saor in aisce (nuair atá tú cláirithe... seol RSVP “Tá mé ag teacht/Níl mé ag
teacht/Níl mé cinnte fós” chugainn). Tá costas réasúnta ag gach Meetup (cúpla dollar – íoc ag an ócáid féin).
Bígí linn!
Slán, Tania