Author |
Message |
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 103 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, August 13, 2005 - 01:46 pm: |
|
Dúirt Máire Killoran: "Bhí mé ag éisteacht le tuairisc ar TG4 aréir mar gheall ar an sos comhraic agus chuala mé cainteoir dúchais as Conamara ag rá ‘an fhoréigean’ mar thuiseal ainmneach tríd síos. Cloisim cainteoirí dúchais ag rá ‘an fadhb’ agus ‘an fuinneog’ chomh maith.” Ceist agam ort, a Lughaidh: nuair a scríobhann duine áirithe atá ina chónaí i mBÁC rudaí mar sin ina chuid tchtaí, is fianaise é, dar leatsa, nach cainteoir dúchais é. Ach má deireann daoine a tógadh le Gaeilge i gConamara na rudaí ceannan céanna, caithfidh go bhfuil sé sin ceart go leor (forbairt nádúrtha na teanga?) ós rud é gur *fíor*chainteoirí dúchais iad. An mar sin é? |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 104 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, August 13, 2005 - 02:03 pm: |
|
Yipes. Feicim gur scríobh mé "cainteoir dúchas" mar theideal. Tá dóigh ann leis an teachtaireacht féin a athrú taobh istigh den chéad 30 nóiméad, ach ní dóigh liom gur féidir an teideal a cheartú. Nó an bhfuil?? Tá ceacht le foghlaim sa bhotún seo, sílim: tá a lán lán moirfeolaíochta sa teanga seo agus is féidir cuid di a fhágáil ar lár de thaisme, giota anseo, giota eile ansiúd, gan dua dá laghad! |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 581 Registered: 01-2005
| Posted on Saturday, August 13, 2005 - 05:03 pm: |
|
>"Bhí mé ag éisteacht le tuairisc ar TG4 aréir mar >gheall ar an sos comhraic agus chuala mé cainteoir >dúchais as Conamara ag rá ‘an fhoréigean’ mar thuiseal >ainmneach tríd síos. Amannaí bíonn inscne eile ag focal i nGaeilg. Amannaí ghníonn cainteoirí dúchais meancógaí, go háiríd nuair a bhaineas siad feidhm as focal nach bhfuil ina gcaint nádúrtha. An bhfuil "foréigean" coitianta i gcanúint laethúil an fhir sin? Tá ’s agam gur minic a ghníos cainteoirí dúchais Fhraincise meancógaí le hinscne cupla focal, nó a bhaineas siad feidhm as réimnithe "míchearta" ó thaobh na gramadaí "caighdeánaí". Cibé ar bith, má ghníonn na cainteoirí dúchais meancógaí, cha ndéanann siad a leithéid ina gcaint normálta (laethúil) agus cha ndéanann siad deich meancóg comhréire nó moirfeolaíochta in achan abairt. >Cloisim cainteoirí dúchais ag rá ‘an fadhb’ agus ‘an fuinneog’ chomh maith.” Bhuel, an abrann siad sin achan uair, nó an abrann siad an leagan ceart ó am go chéile? Is féidir go ndéanann siad meancógaí mar sin de dheasca go gcluineann siad meancógaí go minic ó fhoghlaimeoirí, bhfuil ’s agat. >Ceist agam ort, a Lughaidh: nuair a scríobhann duine >áirithe atá ina chónaí i mBÁC rudaí mar sin ina chuid >tchtaí, is fianaise é, dar leatsa, nach cainteoir >dúchais é. Cinnte, go háiríd nuair a tchím deich meancóg ins an abairt chéarna. >Ach má deireann daoine a tógadh le Gaeilge i gConamara >na rudaí ceannan céanna, caithfidh go bhfuil sé sin >ceart go leor (forbairt nádúrtha na teanga?) ós rud é >gur *fíor*chainteoirí dúchais iad. An mar sin é? Is dóigh liom go bhfuil tréan teangthach agat: is dóigh liom fosta go bhfuil ’s agat cad é ’n rud cainteoir dúchais. >Yipes. Feicim gur scríobh mé "cainteoir dúchas" mar >theideal. Tá dóigh ann leis an teachtaireacht féin a >athrú taobh istigh den chéad 30 nóiméad, ach ní dóigh >liom gur féidir an teideal a cheartú. Nó an bhfuil?? Tá >ceacht le foghlaim sa bhotún seo, sílim: tá a lán lán >moirfeolaíochta sa teanga seo agus is féidir cuid di a >fhágáil ar lár de thaisme, giota anseo, giota eile >ansiúd, gan dua dá laghad! Caert ga loer, deánamis mencógi agus is cume lin, tá an caert aginn ag déanaimh é. Tá siúl agaim go caertíonn tú mencógí do cuid mac léin sula thabherfa a dhioplóma doíbh. Nó ní fada nac beidh sa Gaelige ac seafoíd, sna ollscolianna feín. (súil ’s agam gur thuig tú sin!) |
|
Aineolaí_na_gaeilge
Member Username: Aineolaí_na_gaeilge
Post Number: 60 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, August 15, 2005 - 11:21 am: |
|
An leactóir thú Dennis? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 1771 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, August 15, 2005 - 12:04 pm: |
|
|
|
Breacban
Member Username: Breacban
Post Number: 118 Registered: 11-2004
| Posted on Monday, August 15, 2005 - 12:47 pm: |
|
nilim cinnte i datobh an dispoireacht seo, an bhfuill denis a ra go feadhfadh duine ag breitheamh de reir an leibheal a gcuid grammadai? ce hiad na cainteoiri duchasach dairire? ceapaim go mbeadh se an rud faoiseamh a tuiscint ce hiad an cainteoir duchasach ta blas orthu. nuair a gcloisfainn an cainteoir duchasach o gconnamara gcloisfainn rudai airithi. Cloisfainn go mhinic focal mar gheall "cheacai", "chuile tabhairt" agus rudai mar sin de. ni gceapaim go dheanfa bothuin le daoine seo mas bhuilfa leis ta blas orthu nil se ag baint le grammadai ta se ag baint le rudai ar nos rithim stile agus an chaoi a gcuirfeadh siad an abairti le cheile. |
|
Aineolaí_na_gaeilge
Member Username: Aineolaí_na_gaeilge
Post Number: 61 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, August 16, 2005 - 11:11 am: |
|
Is fíor sin Breacban. Ach ar an lámh eile is dlúthchuid í an ghrammadach i dteanga na Gaeilge, ach caithfidh mé a rá gurbh fhhearr liom i bhfad duine o Thír Chonaill, le blas saibhir aige, agus na cora cainte ar bharr a theanga aige. Ach ní doigh liom go raibh sé ceart coir no cothrom na rudaí a dúirt MK, caitheamh anuas ar dhaoine macánta ag déanamh a seacht ndíchill ár dteanga bhinn a foghlaim. Maith go leor, ceartaigh iad, tá mé féin ag iarraidh daoine lámh chuidiú a thabhairt dom, má tá éarráid a dhéanamh agam maidir leis an ghrammadach, ach na cáin iad, tá líon na ndaoine a labhraíonn an Ghaeilge beag go leor, agus ní chuideoidh seo chun iad a spreagadh agus ghríosú chun an Ghaeilge a fhoghlaim. Ní bhíonn saoi gan locht de réir an tseanfhocail, agus tá mé ar bís leis an chéad bhotún a dheanfas sí. |
|
Fear_na_mbróg
Member Username: Fear_na_mbróg
Post Number: 714 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, August 16, 2005 - 01:00 pm: |
|
quote:Is fíor sin a Bhreacbain. Ach ar an lámh eile is dlúthchuid í an ghrammadach i dteanga na Gaeilge, ach caithfidh mé a rá gurbh fhearr liom i bhfad duine ó Thír Chonaill, le blas saibhir aige, agus na cora cainte ar bharr a theanga aige. Ach ní doigh liom go raibh sé ceart coir nó cothrom na rudaí a dúirt MK, caitheamh anuas ar dhaoine macánta atá ag déanamh a seacht ndícheall ár dteanga bhinn a fhoghlaim. Maith go leor, ceartaigí iad, tá mise féin ag iarraidh daoine lámh chuidithe a thabhairt dom, má táim ag déanamh earráidí maidir leis an ghramadach, ach na cáin iad, tá líon na ndaoine a labhraíonn an Ghaeilge beag go leor, agus ní chuideoidh seo chun iad a spreagadh agus a ghríosú chun an Ghaeilge a fhoghlaim. Ní bhíonn saoi gan locht de réir an tseanfhocail, agus tá mé ar bís leis an chéad bhotún a dhéanfas sí. |
|
Aineolaí_na_gaeilge
Member Username: Aineolaí_na_gaeilge
Post Number: 62 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, August 17, 2005 - 04:48 pm: |
|
GRMA. Ach bhí cúpla botún ríomhaireachta ann, ach chuir tú cúpla rud ar mo shúile dom, ceartaigí (rinne mé dearmad) agus earráidí, ní raibh a fhios agam an fhoirm uatha do. Arís GRMA. |
|
|