mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2005 (Irish Only) » Ós rud é go bhfuil roinnt Dubanna anseo: Ciorcal Díospóireachta 9ú Lúnasa « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 1743
Registered: 08-2004


Posted on Tuesday, August 09, 2005 - 06:14 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Faighte agam an an rphost:



A chairde,

Seo chugaibh cuireadh chuig an chéad seisiún eile denár gCiorcal Díospóireachta a bheidh ar siúl Dé Máirt, 8 Lúnasa 2005, idir 6:30 agus 8:00 PM i gCaife Úna i lár Bhaile Átha Cliath (Sráid Chill Dara - Kildare Street, in íoslach fhoirgneamh Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge). Beidh fáilte roimh éinne a bhfuil fonn air nó uirthi cúrsaí reatha a phlé i nGaeilge. Is féidir bualadh isteach am ar bith i rith an tseisiúin. Is féidir ábhar ar bith a tharraingt isteach ach seo iad na cinn atá molta chun tús a chur leis an chomhrá:

1. Tá Bus Átha Cliath ag cur ocht gceamara ar gach bus. An bhfuil gá leis seo?

2. Cé acu rud maith nó drochrud é an t-ollthurasóireacht?

3. Dá mbeadh cuairteoirí ó thar lear agat, cén chuid d'Éire a thaispeánfá dóibh?

4. An bhfuil deireadh leis an chogadh anois agus ráiteas eisithe ag an IRA?

5. Ar cheart d'ionadaithe tofa ón Tuaisceart a bheith ag suí i dTithe an Oireachtais?

6. An bhfuil (nó an raibh) caidreamh maith agat le do thuismitheoirí?

7. Cad iad na hainmneacha baiste is fearr do pháistí?

8. An bhfuil muinín agat as foclóirí?

Tá súil agam sibh a fheiceáil ann!

Michal

--
Michal Boleslav Mechura

Add Your Message Here
Posting is currently disabled in this topic. Contact your discussion moderator for more information.


©Daltaí na Gaeilge